Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tae agus Tobac.

Title
Tae agus Tobac.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TAE AGUS TOBAC.



Tráthnóna Dia Sathairn ag dul faoi do'n ghréin,
'Seadh chonnaic mé lánamha i ngarrdha leó féin;
Bhí an bhean 's í go caithiseach ag caint ar a' tae,
'S níor mhaith leis an bhfear í bheith trácht air.



F. “Maise' bíonn tusa i gcomhnuidhe 'cur síos ar an
tae,
'S an lá bhíos sé agat, ní feicfear a'ad é;
Imthigh leat 's fagh tobac dhom ar mhaithe leat féin,
Nó roinnfidh mé leat feac na láighe!”



B. “Cia an tslighe atá a'am-sa? Cá bhfuighinn-sé
dhuit é,
Acht ag ceangal dá chirc a raibh ubh aca aréir?
An meud thóg tú faoi Nodlaig, níor íoc tú fós é,
'S tá an meud so sáthach gann ag na páisdí'.”



F. “Dá dtéidhinn-se go Gaillimh nó soir go Tráigh Lí,
Síos go Cionn Mhara nó suas go B'l'á'n-ríogh,
Gheobhainn-se fear eicínt seachtmhain nó mí
Chuirfeadh gal in mo phíopa 's roinnt pháighe leis.”



B. “Maise, d'imthigh tú cheana agus tháinig tú arís;
Ní fhacamar agat c'róin sgilling ná pighinn;
Luidh tú ar do leabaidh 's bhí t'asnacha tinn
'S an slaghdán go domhain in do chnámhaibh.”



Chuaidh sé do'n Spidéal go réidheadh sé fear dlighe,
Ní bhfuigheadh sé bheith ag caint leis gan leath-ghiní
buidhe,
“Bí a'am-sa ar an uair so ar maidin Dia'rdaoin,
Agus ceapaim go réiteo' mé an cás sin.”



Bhí an lánamha 'sa Spidéal ar maidin an lae,
Agus dheomhan blas a rinneadh acht a gcur ar
fair play,
Dheomhan blas a fuair siad acht magadh 's bith-éighe'
Acht ceapaim gur cailleadh na páisdí.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services