Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuireamh Phádraic Uí Laoghaire.

Title
Tuireamh Phádraic Uí Laoghaire.
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TUIREAMH PHÁDRAIC UÍ LAOGHAIRE.
Tadhg Ua Donnchudha cct:



Sin loma-sgread chaointe chaoidh-fhliuch gheur andeas;
An soirbh-fhlaith sigheach budh bhríoghmhar, beusach, geal,
'S an curadh mear mín, budh líomhtha, léigheannta star,
Bheith curtha lag síos só íoghar na cré, mo chreach.



Is creach lán, is diombáidh, is caoidh, 's is cumha,
An fear grádhmhar, cionn-árd i gcill 'san úir.
Is lag táid le goltánacht saoithe Mumhan,
O's feas fán ar chruth bhláith an taoisigh chlúmhal'.



Budh chlúmhail an faraire, b'fhairsingeach, b'áluinn,
groidhe,
Budh lúthmhar, lannmhar, neartmhar i mbeárnain
bhaoighil
Rith cúrsa a aitheasga i dteangain a mháthar aoil
Mar srúill na h-abhann go tapa, gan tlás, gan díth.



Is díth chian chráidhte do sháir-shliocht Eireann Airt
an rí thiar, Pádraic, ba bhreághtha réim is reacht,
Do sgríobh dian-dánta go láin-ghlic neuta pras,
Le brígh an chiair-Chneámhaire i láthair daol 'san
bhfeart.



'San bhfeart ó cuireadh an siollaire Gaedhealach óg,
Is creach do'n fhuirinn tá ag coimirc na Gaedhilge beo;
Is lag an tuiseal do thuitim fá Eigsibh eoil,
'S gan neach i n-a ionad d'ár gcoimirc ar bhaos go fóill.



Go fóill, a Bháis, níor fhág tu an laoch againn;
Deagh-rón is cnáib dhod' cháibleadh ar ghéig go tirm!
Níor chóir do ghabháil ar an mál ded' ghaethibh uilc,
'S gan leoghan 'n-a dheághaidh d'ár gcás budh chaomhnadh
anois.



Anois do chítear tíortha ar bogadh chráidhte,
'S an mhuir go fíochmhar ag líonadh agus ag trághchan,
Na cnuic móirdtímcheall d'a gcíoradh dhoiligh chasmhar,
Is locha is linnte is coillte gan toradh ghnáthach.



Is gnáthach búirthigh chumha ó ainmhidhibh 'nis;
Ní'l trácht thar tiuin ná fonn ag sgata an phíp dheis;
Is fánach fúigeadh srúille ar easbaidh aoibhnis,
O thárla dlúth 'san úir an taca-thaoiseach.



Ba taoiseach an dragan chum seasaimh i ngleo gan tlás,
'S chum saighead na nDanar do leagadh le fóirneart
lámh,
Chum laoithe agus ranna do chanadh do'n chóip gan
cháim;
Mo sgíos, mo sgalladh, agus m'atuirse an leoghan ar lár!



Ar lár, mo líon-ruith! Sin rí na n-Acal n-uasal;
Tá Áine 's Aoibheall ag caoi 's ag stathadh a ngruaige,
Do fágadh Clíodhna ag fíoradh ar fad gan fuasgailt,
'S is fánach slighe na ndaoine maith ó chruadh-ghol.



Sin cruadh-ghol cáis tré Chlár Luirc chórach chaoin,
O bhruach na Máigh' go bántaibh Bóinne thíos,
O chuantaibh Málainn ársaidh go bórd na Laoi,
An Guaire bláith gan áird ag dreoghadh sa' chill.



Sa' chill ó taisgeadh an flath-churadh i mBéarra thiar,
Tá a mhuintear basgtha treasgurtha fé gach ciach
Tá croidhe a bhanaltran leagtha ag daod go dian
Is caoin-tsliocht a athar go dealbh bocht faon 'n-a
dhiaidh.



I ndiaidh an leoghain is ró-bhocht sinne go bráth;
Tá an iath so, Fódla fód-ghlan, fighte chum fáin;
Is liath trioblóideach clódh an Chonnartha áigh;
'S is cian 'n-a threo go seolfar duine d'a thásg.



Tásg an duine d'fhág singil an saoghal ar fad;
A ghrádh do bhuime 's a chisde na naomh gan cheal!
Dáil do'n churadh gach sochar is seun ar Neamh;
'Sé Pádraic oilte geal oinigh Ua Laoghaire an fear.



CEANGAL.
Fear grádhmhar b'eadh Pádraic, nár thogair cas cinn-
seal,
Fear láidir ar náimhdibh le boirb-neart bhríoghmhar,
Fear fáidh-chliste fáthach ar nochtadh star nGaoidhilge,
A thásg sain is fáth ceart do'n loma-sgread chaointe.



A Chríoch.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services