Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-ráidhte agus Sean-ranna.

Title
Sean-ráidhte agus Sean-ranna.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Ua Donnchudha, Tadhg
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAN-RÁIDHTE AGUS SEAN-RANNA.
Do chnuasuigh Tadhg Ua Donnchudha.



IV.
130. Comhairle comhgarach neamh-chailleamh-
nach.



131. An iomad de'n aithne, meuduigheann
sé an tarcuisne.



132. Ciall ad' cheann agus an chiall atá
ann, as.



133. Mara bhfuil sé díreach, ní féidir
leis gan bheith cam.



134. IS feárr bheith beagán spriúnluighthe
'ná mórán caillte.



135. Is eusgtha um neoin 'ná ar maidin.



136. Bíonn searrach 'n-a ghearrán go
Nodlaig.



137. Ná bí ag deunamh na cróite roimis
na torcaibh.



138. Is fearr aon fheuchaint romhat 'ná
dhá fheuchaint ad' dhiaidh.



139. Bíonn cluas bhodhar ar an bhfear
bhfoghlach go deó.



140. Is mairg bheireann Earrach an dheagh-
Gheimhreadh.



141. Ag imirt na bochtanachta ar a chéile.



142. Ní h-ionann a's aon-rud a's gaol
na gcnámh.



143. Ní'l aon mheas ar Sheaghán Bheait.



144. Is áil liom e, acht ní h-áil liom é.



145. Ná tabhair iontaoibh le tosach Aoine
no le deire' Sathuirn.



146. An rud do chuireann an Aoine roimpi,
leanann sí air.



147. Ag cur saíll bhuidhe ar thaoibh muice
méithe.



148. An rud is áil liom do rádh liút,
bíodh a thúis agat féin.



149. Ramhtaidhe na bliadhna:
Ramhta chruaidh na hInide,
Ramhta gheal na Cásga,
Ramta mhór na Nodlag,
Agus ramhta lae Fhéile Phádraic.


L. 105


150. Beirbh birín dam agus beireo'd birín duit,
Agus a dhuine gan birín, is daithníd duit.



151. Druid le fear na broide agus geobhair
ann cúnradh.



152. Samhradh, gach síon go Nodlaig; agus
putóga dubha na bliadhna ó Nodlaig go
Féile Bríghde.



153. An rud is giorra is géire.



154. Márta dubh gaothmhar,
Aibreán bog braonach,
Bealtaine béil-fhliuch,
Gan amhgar i n-aon-rud.



155. Bean mhic agus máthair a céile,
An cat agus an luch ar aghaidh a chéile.



156. Aithnigheann an fhuil a chéile.



157. Láir sheang no gearrán teann.



158. Ní sáruighthear an tsúil le h-amharc
agus ní líontar an chluas le h-éisteacht.



159. Tá balcaisidhe a ghnótha air.



160. Molann an obair an fear.



161. Trí radharca is géire ar bith:
Seabhac ar chrann, Cú i ngleann, Cailín i
lár chruinnighthe.



162. Trí neithe nach féidir a bhfoghluim:
Guth béil, Féile, Filidheacht.



163. An rud do thaithneochadh liom-sa, ní
thaithneochadh leat-sa é.



164. Ní'l aige acht an sgrogal 's an
tsiogán.



165. An té is cumhanga, fágadh.



166. Dá mbeadh fios agat, bheadh leigheas
agat.



167. Ní h-iad na daoine breághtha a bhain-
eann an foghmhar.



168. Seacht seachtmhaine ramhra ó Shamhain
go Nodlaig.



169. Imtheacht ó thig an diabhail go tigh an
deamhain.



170. Glór mór i gceann bheag.



171. Léim choiligh ar charn aoiligh.



172. Nuair thiocfaidh amárach, tiocfaidh
achuid.



173. Trí ruda ná bíonn aon mhaitheas
ionnta nuair bhíonn siad críonna: Sean-
mháighistir scoile, Sean-chapall, Sean-cheith-
earnach.



174. Is iomdha rud do chuimhnigheann an té
bhíonn díomhaoin.



175. Ní'l aon fhoghail is measa 'ná foghail
an chorráin.



176. An té ná beidh bólacht ar chnoc aige,
beidh suaimhneas ar shop aige.



177. Má thá breug ann, bíodh.



178. Ceangal lae is bliadhna mar do dhein
Fionn le n-a churachán.



179. An crocán ró-bheag agus nách líontar é.



180. Cad do chrom srón Fhirín ort?




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services