Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Faoisidin Phiarais Mhic Gearailt.

Title
Faoisidin Phiarais Mhic Gearailt.
Author(s)
Mac Gearailt, Piaras,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FAOISIDIN PHIARAIS MHIC GEARAILT.



Sgéithfead mo chlaon-bhearta déisteanach' bróin
Do'n chléir chirt sin Phóil is beannuighthe cáil,
Mar do ghéilleas go heudtom do chraos agus d'ól,
Do bhreugaibh, do mhóidibh, 's do mhalluightheacht ghnáith.
Do thréig mise bréithre na naomh is na n-órd
Le léir-ghean do'n tsaoghal is d'á chlaon-rachmas d'reóil,
'S níor fheuchas mar ceusadh dham Aon-Mhac na hOighe
Le daor-pheannaidh mhóir ná tagann lem' thrácht.



Ba saothrach me a' breugadh gach spéir-bhruinnille óige
Le sméideadh, le pógaibh, aiteas is páirt;
'S gach n-aon aca ghéilleadh dom' bhreugaibh 's dom' mhóid
Ba dheurach 'na dheóidh, is dob' aindeis a gcáil.
'Na dhéidh sin, do thréig mise an t-aon-chreideamh cóir
D'fhág me faoi dhaor-bhruid i ngéibheann 's i mbrón,
Ag reubadh mo chreuchd is ag spreuchadh mo dheór
Chum Aon-Mhic na Glóire dom' chabhair óm' námhaid.



Muna bhfeuchainn dom' chéile is d'á treud-mhuirir óig,
Do ghleusfainn do'n Róimh is as-sain do 'n Spáinn,
'S do'n Eigipt, cia aosda, ag deunamh an róid
Go daor-chnoc an bhróin sin — Calbhaire an áir.


L. 100


Do thréigfinn an saoghal so is a chlaon-rachmas d'reóil,
'S do ghéillfinn do léinidh 'gus d'éideadh dhubh róin
Mar cheusadh ar mo chraos-chorp do dhaor me go deóidh,
Muna bhfeuchaidh an Rí Glórmhar ar m'anam i dtráth.



Do thréig Peadar naomhtha thu, a Aon-Mhic na hOighe,
'S níor éimhis 'na dheóidh sin air taitneamh is páirt;
'S an té chuir an daor-shleagh tréd' thaobh gheal gan chóir
Do ghéillis chum glóire do thabhairt id dháil.
'Nuair ghéill Magdaléna dod' naomhptheagasg chóir,
Thug léir-ghean do mhéirdreachas, craos, agus ól,
Do shaorais led' dhaonnacht an naomh-bhean, dar ndóigh,
Is ceud peacthach léi agus an bhean ó Chanaan.



Ní'l traochadh ar do dhaonnacht ná claochlódh go deóidh
Tá réim agus comhachta agus rachmas id' láimh;
Is faoi mar do shaorais na ceudta fear rómham,
Saor me led' ghlóir agus tabhair dam páirt.
Gach geur-chneadh agus géibheann, ceusadh agus gleó,
Is méin leat, a Dhé dhil, do léir-chur im' chomhair,
Géillfead lem' shaoghal dóibh go séimh sultmhar sóghach,
Is réidhtigh mo ród go Cathair na nGrás.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services