Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seaghan O Dighe.

Title
Seaghan O Dighe.
Author(s)
Mac Gearailt, Piaras,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAGHAN O DIGHE.



Níor ghéilleas riamh do ráidhtibh
Fileadh, fáidh, nó draoi,
Go bhfuair an Bulcán gránna
Venus bhreágh mar mhnaoi,
Go bhfaca peurla an bháin-chnis
Le toil a cáirde gaoil,
Gan rogha nó malairt arúis,
I bhfochair Sheagháin Uí Dhighe.



Ní ghéillim nach sprid náimhdeach
Do thathuigh dlúth an dís;
A chusbóir pheacadh, a Mhámoin!
'Na measg (mo náire!) bhís.
“Mopso Nysa datur“ -
Is fíor an ráidhteacht í,
O fuair an stuaire d'ádhbhar
Fear mar Sheaghán O Dighe.



Dá mbadh fear mar chách me
('S gur mhaith mar cheárd liom í!),
Do throidfinn seal mar Mhárs di,
Is do ghrádhfainn í ó'm chroidhe.
O! 'sé do bhreóigh 's do chrádhuigh me
Is d'fhág me táimh gan bhrígh,
Ar gcartlainn shneachta mhná 'bheith
'Na tráill ag Seaghán O Dighe!




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services