Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Triúr Gaisgidheach agus na Fianna.

Title
An Triúr Gaisgidheach agus na Fianna.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Laoide, Seosamh
Contributor
Magiantaigh, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN TRIÚR GAISGIDHEACH AGUS
NA FIANNA.



Triúr gaisgidheach a thainic le Fiannaibh
Éirinne a mharbhadh uilig. Thainic siad
annsin fhad le teach Ghoill Mhic Mhóirne.
Sgá'ruigh 1 na Fianna 'nuair a chonnaic siad
ag teacht iad. Ghlac na mná dóigh lé na
Fianna shábháil, Conán Mhac Móirne chur
n-a luighe insa' chliabhán agus Goll Mhac
Móirne chur ag buachailleacht an eallaigh.
Thóg bean léithi cloch uachtair na bróine 2.
Rinn sí taos de mhin agus chuir sí ar chloich na
bróine uilig é, gur fhág ar chuma bonnóige
aráin é. Chuir sí córd insa' pholl a bhí
insa' chloich, agus chuir sí ar mhuineál Chonáin é
insa' chliabhán mar bheiread sí áilleacán do
pháisde.



Thainic na fir mhóra isteach. D'fhiafraigh
siad do na mnáibh cá rabh na Fianna. “Tá
siad ar shiubhal ag seilg,” arsa na mná.



“Go dé an duine annso atá insa'
chliabhán?”



“Páisde beag gasúir.”



“Go dé tá ar a mhuineál?”



“Bíonn ocras go minic air,” (ars' an
bhean), “agus sin tuirtín aráin chuir mé ar a
mhuineál le h-é bheith dá ithe.”



D'iarr fear do na fearaibh móra giota
do'n tuirtín ar an pháisde. Chuir an páisde
an tuirtín uilig in' airicis 3. Chuir an fear
mór in a bhéal é, agus 'nuair a chagnaigh 4 sé é
bhris sé mórán dá fhiaclaibh agus níor bhain sé
dadaidh dhe. D'iarr an fear mór eile air a
mhéar a chur i mbéal an pháisde go bhfeicead
sé go dé an cineál fiacal bhí ag an pháisde
d'itheadh an t-arán sin. Chuir se a mhéar i
mbéal an pháisde. Theann an páisde ar
an mhéar agus thug sé leis é.



Bhí an ghaoth insa' dorus ag na mnáibh.


L. 98


Dubhairt na fir mhóra go rabh an ghaoth insa'
dorus acú. Dubhairt na mná seo, 'nuair a
thiocfadh na Fianna a bhaile, go dtionntochad 5
siad an teach go gcuirfead siad a chúl insa'
ghaoith. Bhuail an triúr fear mór amach agus
rug siad ar an teach. Cham siad agus bhog siad
é, agus sháruigh 6 orrthú é thionntodh.



Thainic siad isteach 'anns'air 7 na mnáibh
agus d'iarr siad a ndinneár. Dubhairt na mná
nach rabh na Fianna 'sa' bhaile leis an tseilg,
acht go rabh tarbh leis na buaibh agus gasúr dá
bhuachailleacht. Fuaidh an fear ab' fheárr acú
fá choinne an tairbh. D'éirigh Goll Mhac
Móirne a bhí ag buachailleacht an eallaigh agus
rug sé greim ar adharc an tairbh, agus rug an
fear mór ar an adharc eile, agus sgoilt siad
síos an tairbh 8 go bárr an rubaill 9 go rabh
leath ag gach duine acú.



Thainic an fear 'un tighe agus leath an tairbh
leis in a láimh, agus chaith sé síos é 'anns'air
an bheirt eile, agus dubhairt leobhtha, “Ithigidh
seo go gasta. Is mithid dúinn bheit ag
imtheacht. An gasúr a bhí ag buachailleacht
an eallaigh, choinnigh sé leath an tairbh
uaim, agus an páisde bhí insa' chliabhán, bhain
sé an méar díot-sa. Má thigeann na
Fianna a bhaile agus sinn annseo, ní bhéidh aon
fhear againn beo bóiminte 10.”



D'imthig an triúr, 's níor phill níos mó.



NÓTAIDHE.



1. Sgannruigh.
2. brón cás gein. . ar “bró.”
3. 'na choinne.
4. Chogain.
5. “dtionntáchad” do chuala.
6. Is ionann ciall dóibh seo uile, chinn, chlis, theip no
theib (thiob), sháruigh sé orm .i. fuair sé buaidh orm(é a
dhéanamh), &rl.
7. Dionnsuidhe ar.
8. 'Sí mo bharamhail go
gcuirthear an cás gein. i ndiaidh “suas, síos, anus,” agus
a leithéidí, i n-Ultaibh, mar sh., “Téidh suas an chnuic”
(Neilson), “A's iad ag sgoilteadh anuas na daróige
duinne” (Ceol Feárnmhuigheach).
9. Earbaill.
10. Is iomdha cor 'san fhocal so; “bimide” adeirtear i n-
Oirghialaibh.
11. Adeir lucht Gaedhilge leithe Chuinn
“níos mó” agus “choidhche aríst” araon, agus is ionann leo
iad.



I dtigh PHádraig uasail Uí Ghallchobhair, dhlightheoir
i nDún na nGall, 'seadh do sgríobhas síos an sgéal so
i réir mar d'aithris Ein Magiantaigh, fear seanachais,
dúinn é.



Seosamh Laoide.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services