Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Inghean Ui Ghearailt.

Title
Inghean Ui Ghearailt.
Author(s)
Mac Gearailt, Piaras,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

INGHEAN UI GHEARAILT.



Thárla mórán uaisle ar fleidh ag Piaras Mac
Gearailt, agus do theasduigh uaidh iongnadh do chur ortha.
Do sgríobh sé roimhe sin “Inghean Uí Ghearail,” agus do
mhúin an t-amhrán d'á aoghaire bó, “Domhnall na
Buile.” Tar éis dinnéir agus an gloine ag gabháil tim-
cheall, do glaodhadh isteach Domhnall, go n-aibeóradh sé
“amhrán d'á dhéantús féin” dóibh, agus adubhairt mar do
múineadh dhó “Inghean Uí Ghearailt.”



Atá lile gan sgamal d'fhuil Ghearailt na sár-fhear,
'S is soineannda a teasdas ag fáidhibh eóil;
Ní fhaicim a samhail ag taisdeal na sráide
I n-innealltacht phearsan, i gcáil 's i gcló.
Grádh na rún í, an mhúirnín mhasgalach!
Bláth na n-ubhall í i dtús an tsamhraidh!
Lúibín lachanta, eala an chuirp bháin,
An fhinne-bhean fhada-chroibh áluinn óg!



Is mogalach muirearach uilleannach ómrach
Cochallach clothair, ag fás go feór,
A carn-fholt craipinneach fionn-gheal fáinneach
Cnotach, ag tuitim go bárr a bróg,
Go trinnseach táclach tláth tiugh taithneamhach
Cíortha Cárnach cáblach camarsach
Bíseach barra-bhog bachallach bláith
Dlaoitheach drolach, 's a sgáil mar ór.



Bíonn Cupid 'na haice go gabharach Gárdach
Ag caitheamh a ghatha le feidhm gach ló;
Is follus 'na leacain ag caismirt go bághach
Lonnradh an tsneachta le sgáil an róis.
A rinn-rosg réidh-ghlas péarlach geamharach,
A braoithe caola ar éadan leanbhach,
A cruinn-chíoch chóir is geanmnaidhe 'ghnách-
Sí gile an chuim chailce nár lámhuigheadh fós.



Is binne guth amhair na balsaime mánla
'Na ainnear Chanáin i sáimheachd cheóil
Ag seinnm cirt ghall-phoirt chomarda chádhla-
An fhuireann mhaordha bheurach bhanamhail,
Milis-bhean urramach mhiochair gan cháim,
Is d'fheartaibh a cumainn tá táin gan treóir.



Is musdar di a hathair go hacfuinneach fáidh-ghlic
Duinneanta, draganta i mbeárnain ghleó;
'S is tuilleadh d'á mhaitheas a cheangal le Seán dil,
Curadh nar bh'aindeis i dtá-irne an óil.
A máthair úir-chéibh chiúin chaomh charthanach
Thug sirriam cúntae is túrnae laideanda
Chugainn, is marcaradh chalma cháidh
Chum seasaimh na sprairne i ngárda an tslóigh.



Dá dteagadh fear forusda fonnmhar féabhdha
Cumasach neartmhar faoi lán an tseóil,
Fionn-fhlaith sonuis do ghlacfadh le grádh í
I ndlighe na hEaglaise, an bháin-chnis mhódhamhail.
'Sí Lucy ghléigeal shéimh ní Ghearailt í;
O chrú na nGreugach dtréitheach d'easgair sí,
Seang-bhean mhaiseach na labhartha sáimhe
Fuair buaidh agus beannacht an dáimh go deoidh.



Do bhí iongnadh gan amhras ar an huaislibh, a rádh go
bhfeudfadh leath-amadán amhrán comh breaghdha so do
chumadh, agus mar nár admhuigh Piaras ar an uair sin é,
leanann ainm Dhomhnaill mar ughdar leis fós.
(Pádruig Stúndún).




One of FitzGerald's begins thus:—



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services