Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-ráidhte agus Sean-ranna. III.

Title
Sean-ráidhte agus Sean-ranna. III.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Ó Donnchudha, Tadhg
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAN-RÁIDHTE AGUS SEAN-RANNA
Do chnuasuigh Tadhg Ó Donnchudha.



III.



101. Mol gort agus ná mol geamhar.



102. An rud ná bacann leat, ná bac leis.



103. Nuair raghaidh tú chum Rómha, caithfidh
tú bheith id' Rómhánach leó.



104. An té is mó ólann, is é is mó
dúil ann.



105. Is galar gan náire an tart, acht
buaidhfidh an tochas air.



106. Cúl le faobhar agus focail le faobhar.



107. Is minic bhí braimín gioballach 'na
chapaillin chumasach (nó 'na fhiaguidhe
chumasach).



108. Bonn mór ar an gcapall mbeag
(rud is fearr).



109. Is fearr aon ghaoth fhortúin amháin
'ná dá mbeitheá ag briseadh do chroidhe go
deó.



110. Socrughadh na caillighe, mar dob' áil
léi féin.



111. Ní'l aon iontaoibh i ngealaigh fhogh-
mhair.



112. Go slim sleamhain.



113. Ag ithe na gcreachán agus ag díol na
bhfadhbán.



114. Amadán adubhairt fad' ó gur mar
so budh mhaith leis gach seachtmhain:



Dá lá soineann is saoire,
Dá lá gaoth agus fearthainn,
Dá lá sioc agus sneachta
Mar sin dob' fhearr liom an tseacht-
mhain.



115.
Gach bliadhain d'á dtiocfaidh
Ag dul i bhfliche 's i ndéidheanaighe,
Is gach dream d'á dtiocfaidh
Ag dul i mine 's i mbreugaighe.



116.
Ná héirigh acht go hannamh chum tighe do
charad, is gheobhair fáilte;
Éirigh ann go minic, agus beidh rómhat dearg-
chnáide.


L. 66


117. Do bheadh an botún ar an mbróig
do deunfaidhe leó so:



Meannaithe ramhra agus snáithín caol,
Leathar lobhtha agus greusfaidhe caoch.



118.
Le míne 's le caoine, le greann is le sult,
Táid na daoine ag cur 'na luighe ort, agus
cam 'na mbun.



119. Ag so aois an duine:



Fiche bliadhain ag teacht,
Fiche bliadhain ar stad,
Fiche bliadhain ar meath,
Agus fiche bliadhain gur cuma ann nó as.



120.
Imthigheann an spréidh le gaoith
Agus fanann an mheill ar an mnaoi.



121.
Ciall agus mí-chiall, nuair thagann siad le
chéile,
Is dóigh le fear gan aon chéill gurab é féin
fear na céille.



122.
Gach re lá go maith
Ó lá 'le Bríghde amach,
Agus gach aon lá ó lá 'le Pádruig,
Agus leath mo lae-se, adeir Pádruig.



Nó mar so:



Gach re lá go maith ó lá 'le Bríghde amach,
Na caoirigh ag breith a n-uan, 's an uain
ag dul i bhfad.



123.
An Mháirt go fuar gaothmhar
Agus an tAibreán go bog braonach
(nó, go fliuch braonach).



124.
An ghaoth adtuaidh, bíonn sí cruaidh, agus cuir-
eann sí gruaim ar dhaoinibh;
An ghaoth andeas, bíonn sí tais, agus cuireann
sí rath ar shíoltaibh;
An ghaoth anoir, bíonn sí tirim, agus cuireann sí
bruit ar chaoiribh;
An ghaoth aniar, bíonn sí fiadhain, agus cuireann
sí iasg i dtíribh.



125.
Cam-ráithí na bliadhna:
Ráithe ó Nodlaig go féile Phádruig,
Ráithe ó fhéile Phádruig go féile 'n
Sheagháin,
Ráithe ó fhéile 'n Sheagháin go féile Mhichíl,
Agus ráithe ó fhéile Mhichíl go Nodlaig
arís.



126.
Dearg aniar soineann is grian,
Dearg anoir fearthainn is stoirm.



127.
Pé théidheann nó ná téidheann as, ní
théidheann fear na headargabhála as.



128.
Pé olc nó maith an ealadha, is taithighe
dheunann maighistreacht.



129.
Ná tabhair iontaobh leó so: drannadh
madraidh, gáire Shacsanaigh, adharc bhó, nó
tóin chapaill.


L. 67


"Iarthar mná, iarthar mairc mhais,
Gob con, gob gae ghlais fom' gheir,
Taobh do thabhairt leó is dar tiomna,
Is é tioghbha an tí do bheir."




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services