Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Manuscript of Cathal Mac Muireadhaigh

Title
A Manuscript of Cathal Mac Muireadhaigh
Author(s)
Mac Muireadhaigh, Cathal,
Compiler/Editor
Black, Ronald
Composition Date
1630
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1973)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Saoth liom do chor, a Cholla,
mar taoi a n-éigin etorra
gá raon nach ránaig a ttenn?,
námhaid 's gach taobh ad thimcheall.


L. 195


Láimh re colbha gach calaidh
iomdha drong do dhanaruibh
ag brath ort a chnú chridhe
's tú gan locht dá leónfaidhe.



Iomdha re taoibh do thíre
luchd iomtha agus eisíotha,
siad go sliochd Gaoidheal le goimh
's gan iochd ag aoinfher uathaibh.



Ní h-iongnadh gur dhecair dhuit,
a mhic Giolla fhéil Easbaig,
dul roidheónach fa chert cham
ar iochd aineólach echtrann.



Cóir uatha ní fhaghann sibh
gan bhur ccur go cairt chloidhimh -
gé dhamhar, ní díoltar dhuit,
fíochgoimh na faladh fosgluid.



Cumhuin liom, ní fada uaidh,
a chuilén con ón Chraobhruaidh,
bró bhiodhbhadh nach biadh dod bhrath,
a chiabh fhionnghlan ó nEthach.


L. 196


Meabhair liom, tar lár Lagha,
go mbethá, a bhos bharrthana,
go dána ag léim led lannuiph
ag béin chána ó chniochtghallaibh.



Fa mbrethaibh as decair dul
lucht dlighidh go mbarr mbriathar;
le cúirt mhóir ná meallar ibh,
le gealladh óil fa fhíndigh.



Gerr ón uair - do iompó soin -
nach biadh, a chuilén confuigh,
sluadh Gall is t'egla orra
god fhreagra a n-am urrama.



Cuir do chuairt a gcrích carad,
ó iomad bhur n-easgcarad,
dá thaoiph as gloinide a ngoimh
foighide dhaoiph do dhéanaimh.



Ó tá aguibh, a fholt sliom,
líon t'fhurtachta a n-íath Éirenn,
's bél an chuain Reachlannuigh ruibh,
uainn do Lethghallaibh léigidh.


L. 197


Cuairt oile fa Innsibh Gall
shaorfas tú, d'ainneoin eachtrann,
a bhláth aibhle ón úir Íligh,
a mhaighre ón chúil Chenntírigh.



Ge táid dá n-airdrí umhal,
síol Cuinn arna gcertughadh,
créd nach aithneóbhadh crú Cuinn
tú dod t-aithleónadh edruinn?



Mar tá uaibh, gan lochd láimhe,
do chlann, ní dóigh dermáile;
foghnadh Dia dá saoradh soin,
nach bia a mbaodhal ag biodhbhaidh.



Tríar macaomh nár thaobh tromolc,
mac Dé bhí dá mbuachallacht;
as a líon as doilghe dul,
bíodh an Coimdhe dá ccosnamh.



Giolla Esbuig, aigneadh mer,
'na bhrághaid uaibh gan adhbhar;
mór buaidh a ccaolbhos ccosgair,
Aonghas uaibh is Alasdair.


L. 198


Muna bheith gasruigh Ghaoidheal
gan iad ann - re n-airdmhaoidhiomh -
ní bhiadh a nglórbhailtibh Gall
tríar do mhórmhaicnibh Manann.



Do bhí riamh ó ríoghradh Gall
ag folaidh ferrdha Fionnghall
gasruigh fhial fá bhfiar feghach
dá ghiall san ghiall Ghaoidhealach.



Ag so uair 'na aghaidh sin
nach léiger leo lorg dlighidh;
a ngéill do ghnáth a nglasaibh -
réidh do chách na cathasin.



O ég do clechtadh riamh roimhe
Goill suas ór gcloinn cColluine
síol Cuinn budh gailbhidhe goil
's cuing ag ainbhfine orthaibh.



Ní beg sin d'aisnéis orra,
Gaoidheil ó lios Liatroma;
ná tísi orra go h-ég -
bísi, a Cholla, ar do choimhéd.


L. 199


An senfhocal, a chúl cas:
"cothuigh go dían fad dhúthchas,"
a thobar fial na bhfileadh,
"'s ná h-iarr cogadh coillidheadh".



Ó dho bhádhais riamh roimhe
feithmheach re h-ucht n-iorghaile,
damhna gill tú ó thosaigh -
ná mill an clú cédnasin.



Atá d'fhágbháil agaiph féin
sliochd uabhrach Eochaidh Duibhléin;
gach feidhm tenn an tann tiocfa
ann dob fherr bhur n-oirbherta.



"Gach lá mar as lugha dhóibh
budh móide iad fa onóir";
síol Cuinn gá ttá fa dhocraibh
má tá suim sna senfhoclaibh?



Tiocfa fós aimsir oirne
le n-éirghenn síol Somhairle,
gairgealta go tuinn tachair -
airdshlechta Chuinn Chéadchathaigh.


L. 200


Ó tug tusa, a Cholla ó cCuinn,
roimhe so seal san doghruinn,
cuir do chlí re cois th'fheadhma -
anois, nó ní as náimhdeamhla.



An bhos chorcur 's an taoph toll
dom dhíon ar uamhaidh Ifrann;
ar ttegbháil re goin an gha
th'fhuil dom edráin, a Íosa.



Cathelus mack murich.




Ag sin chugaibh, a Cholla, ó Mhac Muireadhaigh, glac rann do rinne
sé an uair do chualaidh sé bhur cclann do ghabháil agus míle
bennachd leo chugaibh agus d'ionnsuidhe bhur mná agus bhur gcloinn agus fós
Dhomhnuill Cheinntírigh Mhic Muireadhaigh agus a mhná mar an gcédna.



Briotus mac Silvius mhic Amasa mhic Ascain mhic Aractoinius
mhic Pic mhic Péil mhic Treis mhic Trois mhic Mesroim mhic Cuis mhic
Cáimh mhic Naoi. Ón Bhriotus sin atáid Bretnaigh agus Mac Cailín na
hAlban agus sliochd Artúir mhic Iubhair uile, as ris an Bhriotus sin
adérthaoi Briotus Misgneach agus asé adhbhar fá ndubhradh sin ris .i.
fuair a mháthair bás aga bhreith agus do mharbh sé féin a athair d'urchar
shoighdhe a ccoinne go mbeadh an ríghe aige dia éis gurab uime sin do
fhógair a bhráthair .i. Silvius a Rómhánchuiph hé go hInis Bhretan
gurab uadha ainmnighter Breatnaigh.



Do sccríbheómaois sin cruaidh
muna beadh egal na léghthórach
neamhfhoghlama orainn.
Satis.



An uair tugadh an díle ar an domhan níor fhágaibh gan
bháthadh acht Naoi cona chloinn .i. a thríar mac agus a thríar inghen
agus as uatha sin do shíladar fir dhomhain .i. Iafe agus Séimh agus
Cáimh anmanna an tríar mac. Do bhádar ag Naoi, ó Iéfe mac Naoi
tangadar sleachta Gaoidhil Ghlais uile amhail atá Gaoidheal Glas mac
Niúil mhic Feniusa Fársaidh


L. 201


mhic Báoc mhic Máac mhic Iafe mhic Naoi agus as ó Iafe atáid Lochlannuigh
agus mórán don Rann Eórpa uile. Ó Cháimh mhic Naoi atáid Grégaigh
Rómhánuigh agus Francaidh agus Breatnaigh agus Albanuigh acht á ttánuig ó
chlannuiph eile d'Albanchuiph .i. Francus agus Romanus agus Albánus agus
Briotus anmanna na mbráthar ó ttangadar sin uile. Ó Shéimh mac
Naoi as uadha atáid ríoghraidh na hÁisia uile. Ó Cháimh mac Naoi atáid
clanna Israhél uile .i. Abram agus Dáibhí Rí agus na h-aithreacha
naomhtha ar cheana. Lór sin agus do ghebhuinn mórán mórán air sin
achd gan uain aguinn arna sgríobhadh.
Cathelus mack muirich
per me Cathelum manu propria et non aliena.



An bhliadhain do césadh Críosd fuair Conchabhar rí Uladh bás. An
dara bliadhuin iar mbreith Chon cCuluinn rugadh Muire máthair
Juliceser do bhí 'na rígh ar an domhan a ttús Tána Bó Cuailgne.



Dá chenél dég na h-aithrighe annso síos. Saothar iar
n-uaignios. Grádh iar bhfuath. Umhla iar ndíomus. Geanmnuigheacht
iar ndrúis. Cobhsaidheacht iar n-údmhoille. Aoine iar ccraos.
Deighinntinn iar bhformad. Míne iar mburba. Urnuighe iar
mbainneachtnuighe. Bochda iar saidhbhreas. Trócaire iar n-étrócaire.
amen finis.



Seacht mbeóil nár ghin trócaire .i. bél fann. bél giolla shantaigh.
bél cloidhimh ag marbhadh go h-égóir. bél ríogh ag rugadh an fpobuil.
bél teineadh. bél báis. bél talmhan. Cathelus mack murich.



Cúig osnadha do rinne Dia sa tsaodhal. An chéd osna dhíoph ar a
dhíomhaoine chaithes an duine a aimsir. An dara h-osna .i. na tiodhluicthe
do bheir Dia don duine nach beiren a bhuidhechas ris an Tí tug dó iad.
An treas osna nach caoine fear pecaidh a chomharsan mar a fpeacaidh
féin. An chethramhadh osna míceineltacht an duine. An chúigmheadh
osna .i. an anail tig tar an mbél amach nach ag moladh Dé bhíos do
shíor. As móra na sgélasa fuaras ar ball agus as cruaidh liom iad .i. bás
Domhnuill Ghuirm mhic Aonghuis agus bás Eoin mhic Ailín mhic Eoin
Mhúideaphartaigh do theacht a n-én sheachtmhain agus do sgríbheóbhuinn
tuilleadh annso muna bheadh iad agus ní fhéaduim anois a bheg do
sgríobhadh ag lionn duph agus ní h-iongnadh sin óir as mór fuaradar na
daoine tánuig romhuinn ó na daoineiph dá rabhadar. Fuaramar féin mórán
uatha féin agus ní as mó iná sin .i. grádh a bhfola agus a n-eólasa aguinn
ortha.



anno domini 1636 .15. march.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services