Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aithrighe Phádraig Haicéad.

Title
Aithrighe Phádraig Haicéad.
Author(s)
Haicéad, Pádraig,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AITHRIGHE PHÁDRAIG HAICÉAD.



Má bheir Dia de thighearnas dómh-sa
Bheith slán ó'n láimh se do leónadh,
Doghéan beart is maith fá' dheoidh sin, —
Léigfead do bhaosraidh na hóige.



Slán léi! ní ghéillfead níos mó dhi,
Thug sí a seal. Do chaith sí a róba.
Tháinig a ré. Ní mé is dóich dhi.
Caithfead léi m'aon chloch a's m'fhógra.



Tréigfead an réim do bhí rómham-sa.
Léigfead síos go mín mo sheólta.
A's tréigfead m'uaill, cidh truagh leó-san.
Léigfead díom bheith maoidhmhtheach módhmhar.



Ní bheadh feasda rabairneach ró-mhear.
Ní ghéan taithighe de mharcuigheacht óig-each.
Go dearbhtha ní rachad i gcómhlain,
'Sní chaithfead léim ar thaobh móna.



Ní feicfear mé ag rainnce ar cóisre
Na ag déanamh cleas i measg óglach.
Ní bhiad go bráth fá chlár póite
Ar lár, a's mé lán go sgórnaigh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services