Ní'l luibh gan leigheas.
Ní'l luibh ná leigheas i n-aghaidh an bháis.
Rud nach bhfuil leigheas air, foidhide is fearr air.
Ní maith é an t-aithfhilleadh; bíonn an roth ag casadh.
Is fearr feuchaint rómhat 'ná dhá fheuchaint id' dhiaidh.
Ní theagann rith maith agus amhastrach le chéile.
Ní theagann rith maith do'n each i gcomhnuidhe.
Is fearr suidhe i nbun na cruaiche 'ná suidhe 'na hionad.
Is fearr rith maith 'ná droich-sheasamh.
Ní hionann dul i dtigh ríogh agus teacht as.
Má's maith leat bheith buan, caith fuar agus teich.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11