Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Puinc d'ar gCáirdibh.

Title
Puinc d'ar gCáirdibh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

PUINC D'AR GCÁIRDIBH.



Bíonn gach tionsgnamh no tosughadh lag. Le fás no
le obair neartuighthear iad.



Más cara do chúis na Gaedhilge thu, cruthuigh é. Ní
féidir sain do dhéanamh le díomhaoineas.



Cé tearc no líonmhar do cháirde, is cumusach duit
an Ghluaisiocht do shíol-chur i n-a measg. Muna
síolchuirimid, ní bhuainfimid.



Ní hamhlaidh atámaoid beag i mbuidhin, acht is amh-
laidh nach fuilimíd oibrightheach uile. Malartaimis
sin go luath.



Is deacair acht ní do-dheunta cloch do chur i gcoinne
áird. Cá háthasaighe bhíthear nuair bhíos an obair
deunta. Beir-se rannpháirteach 'san áthas má ghní tú
act cobhrughadh anois. Anois an uain.



Cuimhnigh ar an gCúis amháin. Ní'l duine dá mhéid
níos mó ná Cúis uasal.



Na lorguigh onóir ná árdmheas ó'n nGluaiseacht.



Má bhíonn duine níos ísle ná tu i n-áit níos áirde
ná tu (dod mheas), ná fearguighthear thu.



Má bhíthear ag magadh fút, na bac sain de. Bí
leathan ar lucht a dheunta.



Ná bí do-shásta de bhrígh nach fuil an gnó ag fás de
phreib. Beagán ar bheagán fhásas gach mór-ní.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services