Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Easy Lessons in Irish. (Continued.)

Title
Easy Lessons in Irish. (Continued.)
Author(s)
Ó Gramhnaigh, Eoghan - O'Gramhna, Eoghan,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EASY LESSONS IN IRISH.



EXERCISE CXV.-(Continued).



675. The word eadh, it. Nach breagh
an lá é? Is eadh, go deimhin.
An sagsanach é? Ní headh.
Is fear maith é. An eadh?
The last sentence is equivalent to an fear
maith é, and the eadh in the shorter sentence takes
the place of fear maith.


L. 174


EASY LESSONS IN IRISH.



EXERCISE CXV.-(Continued).



675. The word eadh, it. Nach breagh
an lá é? Is eadh, go deimhin.
An sagsanach é? Ní headh.
Is fear maith é. An eadh?
The last sentence is equivalent to an fear
maith é, and the eadh in the shorter sentence takes
the place of fear maith.


L. 174


676.
Éireannach
Sagsanach,
Albanach



677. An Éireannach é sin? Ní headh,
is Albanach é, tháinig sé ó Albain indé. Ní
Sasanach mise, is Éireannach mé. An rabha-
bhar 'sa mbaile indé? Ní rabhamar, do
bhidheamar shíos ag an abhainn. Cá rabhadar
indé? Ní'l a fhios agam, acht atá a fhios
agam cá bhuilid indiu. Cá bhfuilir, a Dhiar-
muid? Cá rabhais, a Thaidhg? Do bhidheas
ag obair. An rabhais shuas ar an gcnoc?
Rí rabhas. Is fear maith é. Fear maith, an
eadh?



679.
Ba dheas an áit í.
Ba mhaith liom sin.



681.
b'olc liom sin
b'fhearr liom Cormac ná Seumas



682. Is olc le Niall an fíon úd
Ní olc lim sin.



683. Ba mór an sgeul sin.
Ba mhór, go deimhin. Ní maith liom sgeul
ró-fhada, is fearr liom sgeul gearr, deas.
Ba gheal an oidhche í sin; do bhidheamar
amuigh. Ba bheag an áit í. Ba h-eadh
go deimhin. Ba tirim an áit ís sin i
gcomhnuidhe. Ní h-olc liom é, agus ní maith
liom é. Is fearr an t-ocras ná an t-olc,
is fearr an eagla ná an náire. An fearr
leat an stól ná an chathaoir? Is maith an
fear thú, a Sheumuis. Is fearr an fear thusa,
a Dhiarmuid. Ní fearr liom sac ná mála.



684. Is aoibhinn duit
Ní haoibhinn dó.
B'aoibhinn dóibh.



685.
Ba deas an rud é
Ba mhaith liom dul a bhaile
B'fhiú duit dul go Baile Átha Cliath.



EXERCISE CXVII.


L. 175


Is fearr liom bheith
láidir ioná bheith lag.
B'fhearr liom bheith in Éirinn ioná in Albain.
Is fearr liom sa mbaile ná as baile.



688. For the future of the verb "to be",
in addition to the colloquial forms beidh mé,
béidh tú, etc., we have the older and better
forms:-
1. béidhead
2. béidhir
3. béidh sé, sí
1. béidhimid
2. béidhthí
3. béidhid



Instead of beidh, we find in older Irish
biaidh. In Munster béidh is often
pronounced beig, and the synthetic forms are
used as given in this paragraph. The é is
very often pronounced short; 1, bedh,
2, her, 3, hei; plura, I, beimid, 2, he-hee,
3, bed.



689.
Chomh dearg le fuil.
Chomh searbh le súithche.
Chomh dubh le súithche.
Chomh dubh le daol.
Chomh geal leis an eala
Chomh milis le mil.



690. Ní'lim chomh sean leat-sa, agus
ní'lir chomh sean lem' athair. Atáid óg fós,
acht béidhid chomh mór le Fionn Mac Cumhaill.
An mbéidhir ar an aonach? Atá
Eudhmonn agus mé féin ag dul a bhaile
anois, acht béidhmid ar an aonach. Do bhí an
duine beag chomh hárd leis an bhfear, agus
do bhí a cheann chomh mór le h-ubhall; do bhí
cóta beag des air. An maith leat (a) bheith
ins an mbád so? Ní, b'fhearr liom (a)
bheith ins an mbád mór úd. Ní'l Donnchadh
chomh h-árd lé Seumas. Feuch an daol dubh
ar an urlár! Ní haoibhinn dó, ata bean
an tighe ag teacht agus uisge te aici. Ní
bhidheann an oidhche chomh fada leis an lá, ins
an gheimhreadh. Is fearr leis an bhfiadh
bheith astigh ins an gcoill acht
b'fhearr dó bheith amuigh ar an sliabh.



EXERCISE CXVIII.



692. Ba mhaith leis bheith 'na rígh
B'fhearr liom bheith im'
fhear bhocht ná im' rígh.



694. The imperative mood of atáim —
1. (not used)
2. bí
3. bíodh
1. bímis
2. bídhidh
3. bídís


L. 176


696. Ná is the negative particle used
with the imperative mood; as, ná bí ag
caint.



697. Bíodh ciall agat. Ní'l ciall aca.
Ná bíodh focal agat, bí do thost anois.
Bímis ag dul a bhaile; is fearr dúinn bheith
ag dul a bhaile, béidh an oidhche dorcha. Ní
raibh an oidhche dorcha ins an bhfoghmhar. Ní'l
an oidhche so chomh geal leis an oidhche ile úd.
Ba bidhidh mall, ata an oidhche ag teacht
orainn anois. An bhfuair tú deoch uaidh?
Fuair mé deoch uisge, agus do bhí an t-uisge
chomh milis le mil. Bhidheann Art óg ag
obair, ba mhaith leis bheith 'na dhochtúir.
Sin é an sgeul mar fuair mise é; agus má tá breug
ins an sgeal, bíodh. Atá an sgeul chomh fada agus
chomh cam le sean-bhóthar. Bíodh an fear óg nó aosta,
bíodh sé 'na rígh nó 'na fhlaith.




Rothaidheacht.



Is móide is fiú an t-alt so a chur os comhair lucht
léighte an IRISLEABHAIR, forfhógartha do bheith dhá
dtaisbeáint againn ag baint leis an ngnó gceudna,
le rothaidheacht.



Is é an tAthair Peadar O Laoghaire do cheud-chuir i
gcóir an clár so thíos ag tabhairt garma ar gach ball
de'n rothar.



Rothar, bicycle, cycle.
Rothaidhe, cyclist.
Rothaidheacht, cycling.
Rothar trí roth, tricycle.
Cluas, handle.
Slat, handle-bar.
Muineál, handle-bar.
Gabhal, fork.
Beann, prong of do.
Roth, wheel.
Fearsad, axle.
Mul, hub.
Ga, spoke.
Ga láir, direct do.
Ga imill, tangent do.
Fonnsa, rim.
Bolg, air-tube.
Bonn, tyre.
Bolg-bhonn, pneumatic tyre.
Bonn cruaidh, solid do.
Bonn Bog, cushion do.
Iallaid, diallaid, saddle.
Cos iallaide, saddle-pillar.
Luasgán, spring.
Troighthín, pedal.
Guala, crank.
Fiacail, cog of wheel.
Slabhradh, chain.
Díon Lathaighe, mudguard.
Grán, ball, balls.
Ar Ghrán, on ball bearings.
Dealbh, cabhail, frame.
Cnó, nut.
Sgriú, sgriobha, screw.
Tnachair, wrench, spanner.
Deócán, valve.
Caipín, cap.
Teannaire, pump.
Teannadh, to pump.
Teann, pumped tight.
Priocadh, puncture.
Slaod, solution.
Cosgaire, brake.



Tá tuilleadh ann, acht ní beag linn an meud sin de'n
chor so. Níor ceapadh na focail sin mar dhlighthibh
Méideach agus Peirseach, gan athrughadh gan mhalairt choidche.
Má's féidir le duine ar bith ainm níos fearr do
cheapadh d'aon cheann acha, ní'l toirmeasg air.



Gan aimhreas ar domhan beidh an rothar 'na chabhruigh-
theoir chumasach do lucht chosanta na Gaedhilge uaidh seo
amach. Budh mhór an náire dhóibh gan a bheith i gcumas
dóibh gach uile bhall de d'ainmniughadh as Gaedhilg.



Dála na bhforfhógra, is í mo chomhairle féin do gach
aon atá ar tí rothair do cheannach, gan aon ní do
dheunamh nó go bhfeuchaidh sé a mhaithe agus a sháoracht agus tá
siad dá ndíol ag Mac-an-tSagairt i nAth-Cliath agus i
gCorcaigh. Is Gaedheal é féin nár labhair acht Gaedhilg
go raibh sé i n-aois a chúig mbliadhan deug. Maidir
leis na bonnaibh so d'a ngoirthear “Grapplers” is í
baramhail a láin nach bhfuil a sárughadh ar fagháil.
Deuntar iad go léir i nÉirinn ag Eireannchaibh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services