Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gaelic Notes.

Title
Gaelic Notes.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 48


Fuaramar an litir so thíos ó mac léighinn atá le
tamall gerr ag foghluim Gaedhilge.



A shaoi dhil. — Tá áthas mór orm ag sgríobhadh go
bhfuil an Ghaedhilg faoi mheas mór anois i gColáisde
Naoimh Seagháin i Portláirge.



Bímíd ag léigheadh Gaedhilge ar feadh uaire de'n
chlog gach Domhnach, agus labhramaoid go minic í ag
siubhal na mbóthar nó i n-ár saor-am gach lá a's tá
fios agus grádh ag mórán daoine annso ar an teanga
ársa, agus tá sí faoi onóir agus faoi mheas againn ins an
gColáisde.



Gheibhmíd “Irisleabhar na Gaedhilge“ gach mí, agus tá
an dara leabhar Gaedhilge agus an treas leabhar Gaedhilge
ag á léigheadh againn. Is truagh linn go deimhin gan
foclóir maith againn, acht tá sé ar tí bheith ag teacht,
buidheachas le Dia.



Is guidhe te liom-sa agus le gach aon-neach annso go
mbeidh an Ghaedhilig bhinn faói bhuaid go bráth
nEirinn agus go mbeannuighidh Dia na fir atá ag obair
agh á cur faoi mheas arís mar bhíodh sí fad' ó.



M.O.D.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services