Luighim-se le Dia, a's go luighidh Dia liom;
Dia im shábháil, Dia im ghárdáil,
Dia im stiúradh, Dia im mhúineadh,
An dá asbal deug im choinnleacht (= choimhdeacht),
Ag deunamh díona agus tearmuinn dúinn.
A Thighearna.
(82) Cat breac agus broc donn le crut cam cam-earballach
ag rith i ndiaidh dá cheann deug do chataibh breaca agus do
bhrocaib donna le crutaibh cama cam-earballacha.
Tadhg Ó Donnchudha.
(83) Ag so imirt ar an bhfocal “Leasughadh“ le fear
tréitheach deagh-labhartha fuair bás tuairim dhá bhliadhain
deug ó shoin i gCondae na Gaillimhe. Bhí sé ag
sgaradh feamainne lá earraigh ar gharrdha leis do bhí
caithte gleannach fíor-uisgeamhail, agus bhí se ag cur
áirde dhi air. Bhí comhursa luath-chainteach ag dul
thart, arab ghnáthach leis gach uile shórt a rádh faoi dhó,
agus dubhairt sé “Á! tá tú 'ghá mhilleadh, a Pheadair; tá
tú 'ghá mhilleadh.”
“Maiseadh,” adeir Peadar, “shaoil mé féin go raibh
mé dhá leasughadh.”
Deirthear, “tá sé ag milleadh ruda fúm,” he is doing
me harm; “tá sé ag leasughadh ruda fúm“ = tá sé ag
deunamh leasa orm mó dhom, he is doing me a good
turn.
Mac N —
(Gaillimh)
(85) Seo mar chuir Seaghán Ó Deagha impidhe ar
mhnaoi do mhuintir Charrthaigh, ar thamall do mhála.
Mór is Muire dhuit, a mháthair na gCárrthach!
A bhean bheag shiosganta ghuth-lusanta bhláthmhar!
I dtigheas le fuinniomh go gcuirir uait Máire;
Ná heitigh an teachtaire ar thamall do mhála,
Mar is fear bocht dealbh me a bhfuil capall ar phádh
'gam;
Brúghadh ná briseadh ní bhainfidh dod' mhála;
Cuirfidh mé sop idir é 'sa' lása,
Agus beidh sé sa' bhaile agat, an taca-so amárach.
P.C.(Comeragh).
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11