Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Brian Mac Giolla Phádraig

Title
Brian Mac Giolla Phádraig
Author(s)
Mac Giolla Phádraig, Brian mac Toirdhealbhaigh,
Compiler/Editor
Mhág Craith, Cuthbert
Composition Date
1652
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1958)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Téax.



I.



Brian Mac Toirdhealbhaigh, Mac Mic Tighearna Osruidhe
.i. sagart maith, cct.



Fóir, a Chríost, caoimh-inis Airt an áigh
Ar fhóirneart dlíghe díomasach 's danar stát;
Leo ní díol ríoghachta ar mbailte thrácht
Gan cómhroinn críoch mín-mhaigh agus fearann d'fhagháil.



'S i ndeoigh gach saoi d'fhíor-fhuil ár bhflatha táisg
Do ró-chur síos, sílid gur dleacht a mbás;
Mo bhrón fá thrí an ríoghradh badh neartmhar lá!
Fá ró-chor naoidhean, cuíbhrighthe, is fada táid.



'S a Chómhachtaigh aoird, nó an sgaoilfir-se an glas go bráth
Do phóir-shliocht croidhe Mhíleadh nár mheata cáil?
Dóibh má taoi, a Rígh nimhe, id charaid ghnáth,
Tógfa díobh daoirse na bhfear tar sáil.


L. 106


II.



Brian Mac Toirdhealbhaigh, Mac Mic Tighearna Osruighe
.i. sagart maith, cct





Tadhg Mac Muircheartaigh Mhic Mhathghamhna cct.



Och! mo chreach-sa fasion Chláir Éibhir!
Loca cas ar mhac gach mná déarca,
Cufa geal 'ma ghlaic is fáinn' aerach,
Mar gach flaith d'fhuil Chais dár ghnáth Éire.



'S gach mogh nó a mhac go stairs go hárd lé smig,
Cor tar ais dá scairf is gáirtéar air,
Is stoc tobac 'na chlab dá lán-tséideadh
'S a chrobh ó alt go halt fá bhráisléidibh.



Is cor do leag mé cleas an phlás-tsaeghail-si:
Modh in gach teach ag fear an smáil-Bhéarla
'S gan scot ag neach le fear don dáimh éigsi
Acht hob-amach 's beir leat do shár-Ghaelg-sa.


L. 107


III.



Brian, mac Toirdhealbhaigh, Mac Mic Tighearna Osraighe, cct.



Ábhar deargtha leacan do mhnaoi Chuínn é
Táir is tarcuisne 'thabhairt dá saoir-chloínn féin,
Grádh a hanma is altrom a cíoch cruínn caomh
Do thál air bhasdard nách feadair cé díobh poínn é.



A Éire, a chailleach is malartach bréagach fhuínn,
A mhéirdreach bhradach le sealad nár éimigh acht sínn,
Do léigis farat na Galla-so i réim id eíng
Do léirsgrios seachad mar bhastard gach aon dod chloínn.



A rúin mo chroidhe, a Rígh na ndúl 's a pháirt,
An dubhach nó'n díoth leat Gaoidhil dá mbrúdha ag cách,
A ndúithche, a roínn, a maoin dá n-útamáil
Ag rút mac tíre tríotha ag rúcam rác?



Gan búgh ná brígh i mic Gaoidhil acht súil gach lá
Le cúrsa gaoithe, shaoilid chútha d'fháil;
Aliudh leam chroidhe! a' mbiam choidhche ag úmhlacht dáibh?
Nó'n dtiubhra an bríste díol don trús go bráth?


L. 108


IV.



Hibernorum Mores in Deterius Mutati.



Brian Mhac Toirdhealbhaigh cc.



Uchán malart na n-aimsior
lé ccuirthear cainnsior oruinn!
is mairg táinig an tann-so
nar éag, san am-so, romhuinn!



An mhalart táinic oirne,
iarsma fhoirne na hÉirionn,
is croidhe cruaidh nach sgoiltfeadh
bheith ag cloistean a gcéimionn.



Is cosmhuil, ris gach claochlódh
dá dtig ar laochshlógh Banbha,
go bhfuil deireadh 'gar n-aoibhneas,
monuar! i gcraoibhlios Labhra.



Tug siad onóir is uaisle
ar son cruaidhe agus caoile;
tug siad fíre agus féile
ar son éithigh is aoire.



Tug siad suarcas ar ghruamdhacht;
tug siad stuamdhacht ar ghairbhe;
tug siad séimhidhe ar gharbhghlór;
tug siad ardnós ar thairbhe.


L. 109


Tug siad maordhacht ar mhíorún;
tug siad fíorchúl do chrábhadh;
tug siad umhlacht ar uabhar;
tug siad uamhan ar ábhacht.



Tug siad aindísle ar dhroichmhéin;
tug siad coimhréir ar chealgadh;
tug siad simplidheacht 's glainfhír
uathaibh ar mhailís mheabhlach.



Tug siad annsacht ar aimhleas;
tug siad, ar ainbhfios, éolas;
tug siad éasgacht ar leisge
tug siad, ar mheisge, measardhacht.



Tug siad dóthchas ar mhíothaobh;
tug siad díoghaol dá chéile;
tug siad olc na ngníomhadh
gan rún síotha ná réite.



Do líon d'iomad a n-iomthnúith
ag lucht feilrúin san n-uair-si
nach béidh fear 'gá mhnaoi cheangail
trian a bheathadh gan búaidhreadh.



Ní hé amháin claochlódh tréidhiodh
ar an ndruing gcéillidh gcobhsaidh
acht claochlódh arm is éididh,
táinig gan féachaint orruibh.



Do-chonnarc uair analluin
'na mbíodh faluing dá háireamh:
aniugh ní uil acht clóca
ar fad na Fódla i sáirchion.


L. 110


Tug siad trubhus ar bhrísde
- ní hainm nach dímheas eiséin -
an bhróg aca 'na búatais
uman troigh gcuantais gcneisréidh.



A seaca leabhar luibthréan
tug siad ar dhuibléid nósmhar;
's is mó dom chur i neamhfhonn
tabhairt séircín ar chóta.



A gcathbharr éachtach ionmhuin
do-níodh an iorghail tapaidh
tug siad - is náir a thabhairt -
uathaibh ar mhalairt hata.



Tug siad a stéada stuamdha
ar chaiplibh gruamdha gránna,
ó nach bhfuighthear, gidh roibheag,
ar uair, oiread a lámha.



Tug siad a sealg 's a ndeabhaidh
uathaibh ar a bheith brúite
tug siad - is ní tuar ratha -
a gcinnbheart chatha ar húice.



A rioth, a léim, 's a lámhach,
a ndúil tsnámha, 's a gcoimhling -
tug siad - is claon an mhalrat -
do chionn mhagaidh is bhuinghrinn.



An ceol, an dán, 's an seanchus,
is tearc cheannchas an uair-si;
mó ar ndúil i saint 's i súite
ná bheith dlúite le huaisle.


L. 111


Gá dú - acht budh deacair dhamhsa
muna mbeinn fallso im chuimhne
an clódh do-chiu ar an uaisle
do reic an uair-si d'fhuighlibh.



Dá bhrígh sin, aitchim Íosa
gá bhfuil an sgíos-so d'fhortacht
go gcuireadh clódh a gcéimeann
ó fhiadh Éireann gan docracht.



A Phádruig dar dhú ar dtearmann,
an fear nach neamhghann fíre,
go dtógbhadh sé dar n-annsacht
iar n-uair ar n-ansmacht dínn-ne.



Fiu an claochlódh táinig uirre,
Éire na mbuinne gclochbhán,
nach iongnadh dá lucht féimdhidh
bheith le chéile fa ochán.



UCHÁN.



V.



An tAthair Brian Mac Giolla Phádruig cct ?



Mairg dhamh dan seisi an saoghal!
mór gcéim roinn dá robhaoghal;
gnáth é ar a chaomhthach ag call;
baoghlach don té ré a dtaobhann.


L. 112


An saoghul dan seisi sinn
gearr mhaireas a mhí aoibhill;
mairg dar gealladh, a Dhé, an dál,
mé do cheangal mar chompán!



Cairdeas gearr do rinne rum;
cóir cuid dá aithbhear oram;
dob é an chara fhallsa fhuar:
a thagha damhsa is diombuan.



Bheith gach laoi ag iarraidh m'áraigh
is é críoch mo chompánaigh;
níor thuig mé an saoghal mar sin;
a thaobhadh, a Dhé, is doiligh.



Ní bheir neach ar a dhíol dhe
dá mhéd bhíos aige d'innmhe;
mairg do-gheabh an ghlóir fhallsa!
ní cóir seadh san saoghal-sa.



Glóir an domhnáin, druim ar dhruim,
feadh mo ré 'na roith chugainn,
dá mbeith sí 'na tuile ag teacht
ní bhí uile acht ag imtheacht.


L. 113


Gion gur aoibhinn uair eile
dá dtig ar fheadh m'aimsire,
ag so an uair is doilghe dhamh
an uair is soirbhe an saoghal.



Scéul a chealg ndeacrach ndoiligh
aithreach dhamh iad d'fhiafruighidh;
misde mé a bhfaghaim dá bhfios:
ní ghabhaim é acht 'na ainbhfios.



M'fhear cumuinn croidhe fallsa
- móide is uamhan oramsa -
ní mé amháin do mealladh leis:
ní cáir ceangal a chairdeis.



Do mealladh leis riamh reimhe
rígh, easbuig, is impeire;
meallaidh ré ndeadhlann an teach thall,
's gach neach ré gceanglann cumann.



Meallaidh thrá, an saoghul fa seach
mac ríogh, tighearna, is taoiseach
- ní bhí acht go hinir foghla -
's do-ní an filidh foghlumdha.


L. 114


Do-chluin mé gur mealladh lais
gach fear iuil, eagna, is eoluis;
gá beag dhamh d'aighneas orra
dar char saidhbhreas saoghulta?



d'éis a bhfuair d'árach ormsa,
d'éis ar mheall riamh romhamsa,
beag an t-iongnadh, a Dhé, dhamh
go ndiongnadh mé do mhealladh.



Gá dtám dhó ní is sía ná sin -
riamh a holc uaim ní féidir;
cia an neach ar nar iarr árach
ré mbeath riamh go roghrádhach?



Guidhim Máthair Ríogh na ríogh,
ós di is córa ceilt m'ainghníomh,
dom dhíon ar chóir d'fhoghbháil uaim
ar ghlóir an domhnáin diombuain.



Dom chur réidh - ní deacair damh -
aitchim thú, a oighre an Athar,
gabh, 'gon óigh, ar t'fheirg n-annuimh,
fa chóir deilg ní dheachamair.



MAIRG etc.


L. 115


VI.



An tAthair Brian cédna cc.



An lámh 's an scríbhneoir do scríobh -
a ndáil fa dheoidh is dimbríogh:
an chairt, mo chrádh! biaidh ar bail
's an lámh, 'na criaidh, ag crumhaibh.



VII.



Brian Mhac Toirrdhealbhaigh Mheic Giollaphádruig cc.
II Ianuarij 1614.



Truagh t'fhágbháil, a Inis Chuind,
a adhbha na n-eas n-áluind,
a thrillseach iasgach, éunach,
riasgach, innseach, oiléunach.



Fúigfe misi - 's is leasg liom -
th'amharc-sa, a Iath Éirionn;
guais dúinn gurab adhaint uilc
do mhalairt, a úir ordhairc.



Ní hannsa dh'éinchrích oile,
ní d'fhuath ort acht d'ionmhoine,
tug ar mh'óidh triall ód tuinn-si,
a fhial an tshlóigh shéughuinn-si.



Ní fhúigfinn tú, a threabh na Niall
d'fhonn aoibhneasa nó ainmian,
a chríoch ghargumhal Ghabhra,
acht d'ardughadh mh'ealadhna.


L. 116


Ar Dhia uile aghus ort féin,
fhágbhuim sibh, a ráith ríNéill,
's i ndóigh th'fhaigsiona fa ágh,
a róimh taisgiodhla tromdhámh.



Saoth leamsa - lór do dhoghra -
fágbháil t'fhuinn is t'athordha,
do ghrádh ceard gcaomhnuaidhe ngeal,
a leag thaobhuaine Thailltean.



Cá truaighe, cá truime ceas
- dá measdaoi a mhéd do dhoilgheas -
a chríoch eoil na n-amharc sean,
gan radharc th'fheoir ná h'inbhear?



Truagh fós, gan faicsin t'fhiodhbhadh
liom, ar los mo cheiliobhradh,
a threabh na nduas roinntear rom -
ná cnuas do choillteadh gcnódhonn.



Giodh é fós is fáth maoithe
gan clos fhoinn na hardghaoithe,
théid siar tar chéidibh do chnoc,
a fhiadh nach éidigh iomlot.



Bheith dá n-éis is damhna deoir -
binneas t'éun, aoibhneas t'aeoir,
gáir do shealg, congháir do chon,
is comhdháil do learg líonmhar.



A Thír Bhreagh 'nar buan finnfhéur,
gan graifne ar ngreagh n-inginghér
ná súil oruibhsi i n-am áigh -
is barr doghailse is diombáigh.



Dá n-áirmhinn t'áineas uile,
créd é acht adhbhar eolchuire?
do b'fhearr dhúinn gan iomrádh ort,
a úir danb iomlán mh'annsacht.


L. 117


Acht so amháin maoidhfe misi
mo ghrádh dhod dhroing dhílis-si,
a threabh tholach do chleacht coim:
mo shearc d'fholach ní fhéadaim.



Ní tú, a chríoch, chaoinim uile
acht do mhná 's do mhacraidhe,
dream fa haoibhne aigneadh roinn -
caoimhdhe a gcaidreabh 's a gcumoinn.



A Inis Bhreagh na mbeann mbog,
mór gcompán fhágbhaim ionnod,
drong nach fallsa cló ná coir,
'gar mhó mh'annsa iná agoibh?



An treabh ar dtús ó dtá sinn -
sgoith mh'annsa dhóibh do dhlighfinn;
an fhuil ós tós dá gach toil:
ag soin an nós analloin.



d'éis na fola, dlighthear dhíom
mo chompáin is mh'aos imshníomh,
ós siad go bráth nach bearar,
iad tar chách do chuimhneaghadh.



A n-anmanna dh'áireamh linn
is iomdha cairt do chaithfinn
- ar n-aos eoil nar mheath a modh -
's gan leath a sgeoil do sgríobhodh.



Gidh eadh, ós éigean damhsa,
ar aoi a n-annsa oramsa
- díorma sliombhán nach beag barr -
bead ag iomrádh a n-anmann.



Deaghmhac Fínghin fuair mo thoil
is tréunmhac Taidhg 'na dheaghoidh,
sgaoi is naoimhfhéile ann dá bhfuil
do chrann saoirfhréimhe Séufraidh.


L. 118


Fágbhaim acu, ós uras rinn,
an chuid eile nach áirmhim,
beannacht diamhair, do dhroim ghráidh,
gan roinn, do sgiamhfhuil Sgannláin.



Beannacht uaim fós dá bhféughain
- ó táid don treibh Bhuilltéuraigh
cneis aolnuaidhe is aobhghlan di -
saorchuaine gaolmhar Gráinni.



Fágbhaim fós beannacht bhunaidh
ag síol gcródha gConchubhair,
fine neamhfhuar gá dtú i dtoil;
deaghbhuan a gclú 's a gcédfoidh.



Ag síol M'leachlainn mhóir Mhidhe
's ag síol bhFearghail d'áiridhe,
drong neambocht is uaisle dh'fhuil -
bennocht uaimsi dá bhféachuin.



Síol nGeochagáin na ngníomh n-áigh
is síol nDíomsaigh, drong dheaghnáir,
cuaine data na ndámh ndil,
mo shlán aca dhar-íribh.



Ag Gearaltaibh na dtreas dte,
mo bheannacht do chaoin chroidhe;
ar lucht annsa na ngníomh ngrod;
damhsa ní díor a ndearmod.



Grásaigh is Gearaltaigh thiar -
mo bheannacht acu ar aoinrian;
ní dual gan iomrádh ortha
an sluagh iomnár athordha.



Mo bheannacht dóibh tar gach ndreim -
Caomhánaigh na n-éucht n-inghill;
's ní cheileabh, monuar! anois,
gur dual deireadh don díoghrois.


L. 119


Fágbhuim-si fós, leath ar leath,
beannacht uaim ag gach aoinneach
- drong bhéilbhinn an chruaidh nach cruaidh -
dá bhfuil i nÉirinn armruaidh.



Taobh astoigh dá gach nduine
- ní bhí aon gan ionmhuine -
atáid linn seisi mar sain
dar chinn meisi mo mheanmain.



An t-ord cárbhaidh do char sinn
slán ar dtús dóibh do dhlighfinn;
lucht comhláin na ndlightheadh ndil;
dlighthear combáidh re cáirdibh.



Fágbhaim acu ceann i gceann -
leagha is ollamhain Éireann,
sgaoi neamhdhocht nach cruaidh re ceart;
mo bheannacht uaim re n-imtheacht.



Aos dána na ngréas ngreanta
's an lucht seanchadh suaitheanta,
dream nár na n-inntleacht bhfosaidh -
slán re n-imtheacht acosain.



Mo bheannacht dóibh do dhruim iuil -
aos ceoil na gcuislionn gciniuil,
drong gan chiaigh ar a gcroidhe,
far iaidh mh'fhonn is mh'ionmhoine.



Mo shlán acu tar éis cháigh -
mo lucht croidhe, mo chompáin
- 's ní fairsing táire na dtréud -
Mairsill, Máire, agus Mairghréug.



Dlighim dhóibh do dhruim ghrádha
beannacht croidhe compánta
ag sin cairt súla ar seanróimh
Airt, Úna agus Ailgheanóir.


L. 120


Mo shlán dóibh d'éis an uile,
ós siad earr na hionmhuine,
dream thioghnáir rom bhir i mbroid,
do Shiobháin dil 's do Dhiarmuid.



Ce bé hí ler bh'annsa sinn -
slán tre thoil fa n-a tuairim,
más é a leas a luadh go grod:
bheas nocha dual a dearmod.



Ag so chugad, a Chríoch Bhreagh,
tós ós dual díbh is deireadh,
a ráith neambocht ler dhial druadh,
beannaocht ó Bhrian go biothtruagh.



TRUAGH AGUS ROTHRUAGH FÓS.



VIII.



PSALTAIR NA RANN.



Brian Mac Giolla Phádraig cct.



Do-ghén dán do naomhuibh Dé,
ar a gcuirfe mé mo dhíon,
an lá thiocfuid na sé sluaigh
d'éisteacht re breith chruaidh an Ríogh.



Psaltair na Rann bhias mar ainm
ar mo dhán - ní gairm nach gaoth;
an uair thiucfas Dia san leirg,
cuirfidh sí A fheirg as fraoch.


L. 121


Ag so dhíbh mar bhias mo dhán,
a lucht léighfeas lé grádh Dé:
an céudfhocal do gach rann -
is ainm naoimh ann go mbeith sé.



Biaidh san rann chédna go fíor
fios aithre síos do ghnáth;
's biaidh dom dhíon ón fheirg bhus teann
itche gach naoimh leam san bhráth.



Dighnid gach naoimh biaidh fa seach
san rann chéadna - breath nach nár -
's gach stíl eile dá bhfuair sé
abhus ar son Dé, dá chrádh.



An t-apstol, an pápa naomh,
an suibhisgéal saor nar ghann,
an mairtíreach fós do shíor -
do-gheabha a dhearbh síos san rann.



An t-easbog, an t-ab, an ógh,
an coinfeasóir nár chló a choing -
gidh bé stíl fholaidh do-fhuair
do-gheabhaidh i n-uaim gach roinn.



Ceann na bliadhna dhamh ar tós
's a leanmhuin a nós gach laoi:
an chalann go chéile ar fad
go fínit amach gan dlaoi.


L. 122


Ianuarii.



I.



Feoilteasgadh Dé mhóir dom dhíon
ar fheirg bhaoghluigh an Ríogh thall;
sompla an mhartra fuair mar ainm;
ná raibh sé dom ghairm go mall.



V.



Telesphorus, Gréugach glan,
pápa is mairtír do char Dia:
a los a ghníomh n-oirdheirc n-úr,
beireadh mé 'na mhúr ón tsliabh.



XI.



Higinus ó Ghréig an óir,
pápa agus mairtír cóir caomh:
aitchim guidhe an fhir san tsliabh
dom bhreith suas i rian na naomh.



XIV.



Hilair, easpog, Frangcach fial,
coinfeasóir le Dia na ndúl:
i ló measda cháich fa seach,
beireadh misi asteach 'na mhúr.



XIV.



Felix, sagart séaghainn saor
is coinfeasóir fa caomh niamh:
Iodáilleach an fear séimh seang;
bíodh a ghuidhe leam san tsliabh.


L. 123


XV.



Pól an cédfhear fuair mar ainm
díthreabhach, mar ghairm ó chách:
ón Éighipt é - daor a chuing;
bíodh a ghuidhe ruinn san bhráth.



XV.



Maurus, ab, dom dhíon san Luan,
an uair bhias an sluagh dá roinn;
sa Róimh, fa uasal a threabh;
beireadh misi ar neamh fa a choim.



XVI.



Marcealus, pápa na gcliar:
faghadh m'anam ó Dhia mar luagh;
ón Róimh don mhairtíreach bhocht;
sireadh misi i gcnoc na sluagh.



XVII.



Antóin, ab, ón Éighipt mhóir,
compánach gráidh Phóil gan cheilg:
an lá thiucfas fearg an Ríogh,
bíodh iar n-uair dom dhíon ón bhfeirg.



XVIII.



Priosca, mairtír is ógh shéimh
uasal thug a fréimh ón Róimh:
mar itche ó Dhia i ló na gceasd,
fagbhadh misi ameasg an tslóigh.


L. 124


XIX.



Márius, Persíach, mairtír mór:
sireadh mé mar lógh ar Dhia,
an uair thiocfuid na sé sluaigh,
san choinne, Dia Luain, sa tsliabh.



XIX.



Marta, bean mhaireas go mbuaidh,
d'fhulaing martra cruaidh mar chách:
Persíanach í nar chlaon ciall;
faghadh misi ó Dhia san mbráth.



XIX.



Audifax, mac Mharius tsaoir:
Persianach é - caoin a chlódh;
faghadh, ar a mhartra, mé,
i ló ranna na sé slógh.



XIX.



Abachum ón Phersia mhóir:
mac do Mharius - cóir a luadh;
ar son a mhartra gan chleith,
saoradh misi ar bhreith san Luan.



XX.



Fabian, pápa is mairtír tréan:
Rómhánach é - sgéal gan ghó;
i ló bhreatha na sé rann,
bíodh dom chumhdach thall san ló.


L. 125


XX.



Sebaistian na saighead ngéur,
mairtíreach mór fa tréan pian:
Iodáilleach é fuair gach geall;
bíodh a ghuidhe leam san tsliabh.



XXI.



Agnes, mairtír is ógh shaor,
d'fhuil uasail na ríogh, ón Róimh:
bíodh a haitche leam fa seach
dom bhreith saor asteach san nglóir.



XXII.



Uincent mairtír mór go mbuaidh
Spáinneach oirdheirc fa cruaidh gníomh:
an uair bhiad fan mbreith san leirg,
aincheadh misi ar fheirg an Ríogh.



XXII.



Anastásius, mairtír mór,
Persíanach, nar chlódh le péin:
faghadh ó Dhia thall mar dhuais
mo dhul saor ó ghuais an tsléibh.



XXIII.



Emerensiana, ógh fhíor
agus mairtír nár chló a coing:
i ló ranna Dé san mbráth,
beireadh mh'anam slán ón roinn.


L. 126


XXIV.



Tiomotéus, easbag na gcliar
deisgiobal Phóil - fial an fear:
mairtír ón Aisia go cruas;
iarradh misi suas ar neamh.



XXVI.



Poilíocarp, deisgiobal Eoin:
easbag, mairtír fa dheoidh é;
ón Aisia don fhior gan cheilg;
faghadh mo dhíon ar fheirg nDé.



XXVII.



Eóin Criosostom, easbag naomh,
dochtúir, coinfeasóir, saoi seang:
Aisiach an fear maith dom dhíon;
i ló na breithe bíodh leam.



Februarii.



I.



Brighid, banógh don fhuil ríogh:
aitchim í dom dhíon tar chách;
Éireannach í - feirde a bladh;
déanadh dídean damh san bhráth.



I.



Ignatíus ó Aisia an óir:
easbag oirdheirc - cóir a luadh;
a los a mhartra 's a phian,
faghadh mise ó Dhia san Luan.


L. 127


II.



Féil na gCoinneal thall dom dhíon:
máthair oirrdheirc Ríogh na Rann -
aisde atá mo dhóigh san bhráth,
an uair rachuid cách fa a chrann.



III.



Blasius, easbag toghtha Dé:
faghadh ó Dhia mé mar roinn;
mairtíreach ó Aisia an óir;
saoradh misi ó chóir an chroinn.



V.



Agata, mairtír is ógh:
ón tSiosail di - mór a luadh;
ó Dhia Athar, maith do thoill;
faghadh mé mar roinn san Luan.



VI.



Doroth, mairtír is ógh shíor:
déanadh damhsa díon san tsliabh;
Aisiach isi, bean mar chách;
mór a teann san bhráth ar Dhia.



VII.



Romualdus, ab go mbuaidh:
saoradh ar chóir an Luain mé;
Iodáilleach é nar char ceilg;
faghadh mo dhíon ar fheirg nDé.


L. 128


IX.



Apolonia, banógh shaor
d'fhuluing martra daor dá corp:
di fa threabh Éighipt an óir;
bíodh a guidhe im chóir san chnoc.



XIV.



Ualaintín, mairtír ón Róimh,
sagart naomhtha - cóir a luadh:
a los phian a chuirp 's a bhall,
bíodh dom shaoradh thall san Luan.



XV.



Fauisdin ó Iodáil an óir:
mairtíreach é dar chóir grádh;
ar son na bpian fuair an fear,
beireadh m'anam ar neamh slán.



XV.



Iouíta fuair crádh a bhall:
Iodáilleach é nár ghann glóir;
mar thiucfas Dia lá na mbreath,
iarradh mise asteach 'na chóir.



XXVIII.



Siomon Cleofas, easbag saor
is mairtír fós fa daor pian:
an Iuda thall do bh'í a threabh;
aitcheadh misi ar neamh san tsliabh.


L. 129


XXIV.



Maitias, easbal, thall dom dhíon
i ló bhreithe Ríogh na nDúl:
Eabhrach d'fhuluing martra dian;
faghadh misi ó Dhia 'na dhún.



Martii.



V.



Ciarán Sairghe, easbag fial:
céudnaomh Osruighe riamh é;
d'fhuil na ríogh ó Bhreasal Bhreac;
go mbeire a ghuidhe ar neamh mé.



VI.



Lúcíus, pápa fa glan cuing:
Rómhánach é do thuill gean;
ar an martra fuair go daor,
go mbeire mé saor ar neamh.



VII.



Tomás Aquin, dochtúir mór:
coinfeasóir agus ógh riamh;
an Iodáill a thír 's a threabh;
bíodh dom bhreith ar neamh ón tsliabh.


L. 130


VII.



Perpeatua, matrón séimh:
ón Afruic dá fréimh gan chlódh;
ar son na bpian fuair a corp,
saoradh misi i gcnoc na slógh.



VII.



Felis, mairtír, matrón búidh:
Afruiceach isi an rúin cháidh:
ó tá a treisi thall ar neamh,
beireadh misi asteagh ar láimh.



IX.



Ceathrachad mairtír mór niadh
d'fhuluing iomad pian dá gcorp
ar son Dé san Afruic thall:
bíodh a nguidhe im rann san chnoc.



XII.



Greagóir mór, pápa na gcliar:
a ghuidhe san tsliabh dom dhíon;
dochtúir naomhtha, grádh na mbocht;
Rómhánach é nar olc gníomh.



XVII.



Pádruig, príomhfháidh Innsi Fáil,
mac Calpruin, san dáil dom dhíon:
do shliocht Ghaoidhil tháinig sé;
easbal Éireann é go fíor.



XIX.



Iosef, céile Mhuire bhúidh:
dá Mac do b'oide glúin é;
díchioll damh dá ndearna an fear,
ní guais nach béura ar neamh mé.


L. 131


XXI.



Benedict mór, ceann an úird:
saoradh misi i gcúirt an ríogh;
ón Iodáill don naomhab nár;
urus dó san bhráth mo dhíon.



XXV.



Sanais Mhuire Mháthar Dhé:
'na leith, cuirim mé san bhráth;
A Mháthair féin níor dhiult riamh
fa ní, Air, dár iarr do ghnáth.



Aprilis.



II.



Froinnsias ó Iodáill an óir:
saoradh mh'anam ar chóir nDé;
coinfeasóir ó Phaula an fear;
faghadh mar itche ar neamh mé.



XI.



Leo, pápa, dom dhíon san tsliabh
an uair thiucfas Dia fa fheirg;
Iodáilleach an fear séimh saor
nach dearna riamh claon ná ceilg.



XIV.



Tioburtius, mairtír, dom dhíon
i ló fheirge Ríogh na Rann;
Rómhánach é - cóir a luadh;
mo chean dá mbia san Luan thall.



XIV.



Ualerían fa céile caomh
do Shiosail nar chlaon dá coing:
mairtíreach é ó Róimh na gcros;
faghadh mé san chnoc mar roinn.


L. 132


XIV.



Siosail, banógh shaor ón Róimh:
bean Ualerían - cóir a luadh;
a los a martra go fíor,
déanadh dhamhsa díon san Luan.



XXII.



Sotér, pápa is mairtír tréun:
Iodáilleach é - sgéul gan ghó;
lá na slógh do bheith fa ghuais,
iarradh mé mar dhuais san ló.



XXII.
Caius ó Sglauonia an óir:
pápa is mairtír - cóir a luadh;
ar fheirg fhaobhraigh Ríogh na Rann,
bíodh dom shaoradh thall san Luan.



XXIII.



Seoirsi, ruidire go mbuaidh:
cuireadh tar olc an Luain mé
- mairtír ó Aisía na n-each -
ós fiu a cheannas i dteach Dé.



XXV.



Marcus, an suibhisgéul sáimh,
ar son Dé, do dháil a chrú;
bráthair Barnaib, Eabhrach fial;
síodhadh mhé ré Dia na nDúl.


L. 133


XXVI.



Cletus, pápa is mairtír Dé:
san Róimh rugadh é go fíor;
ar fheirg Íosa, Luan na locht,
bíodh gan tláith san chnoc dom dhíon.



XXVI.



Marcelinus, pápa beacht:
an Róimh do b'í, ó cheart, a thír;
ar a mhartra i sliabh na rann,
déunadh re Dia thall mo shídh.



XXVIII.



Uitalis buainsheasmhach búidh:
mairtíreach séimh do mhúin Dia;
Iodáilleach é go mbríogh móir;
beireadh misi ó chóir san tsliabh.



XXIX.



Peadar, mairtír, bláth na gcliar,
dom dhíon thall i sliabh na slógh:
Iodáilleach é fuair gach geall;
bíodh a ghuidhe leam gan chlódh.



XXIX.



Caitríona Siena shaor:
banógh oirdhirc nar chlaon mionn;
ón Iodáill disi, gnúis bhláth;
bíodh a hitche san bhráth liom.


L. 134


Filib, easbal díleas Dé:
ón Ghailile é go mbuaidh;
bíodh ar mhartra mhór an fhir
mo dhíon thall ar nimh an Luain.



Séam, easbal, bráthair an Ríogh,
ar fheirg Íosa dom dhíon thall,
a los mhartra is phian a chuirp,
i ló bhreithe chnuic na rann.



Atanasius, easbog naomh:
coinfeasóir é fa caomh snuadh;
an Éighipt a thír 's a threabh;
beireadh misi ar neamh san Luan.



Fagháil chroiche Críost dom dhíon
thall ar fheirg Ríogh na Rann:
maith an fosgadh sgáth a bhuin -
crann rer doirteadh fuil A bhall.



Alexander, pápa beacht:
Rómhánach é, ceart do ghnáth;
i n-íoc a mhartra 's a phian,
faghadh misi ó Dhia san bhráth.


L. 135


Euensius naomh, sagart séimh:
d'fhuluing martra agus péin chruaidh;
don Róimh a threabh shaor gan cheilg;
fóireadh misi ar fheirg an Luain.



Iuuenal ó Nairnia an óir:
easbag 's mairtír dar chóir grádh;
Afruic a thír, naomhtha a sheal;
faghadh mh'anam ar neamh slán.



Monica, máthair go mbuaidh
Auguistín mhóir fá cruaidh coing:
i ló ranna na dTrí bhFear,
sireadh misi ar neamh mar roinn.



Eóin ó Phortlaitín dom dhíon
i ló bhreithe Ríogh na Rann
- easbal, aingeal, easbag fial -
ó tá a chumas ar Dhia thall.



Greagóir Naisians, easbog saor,
coinfeasóir séimh fa gaoth ciall;
Aisiach an fear foirfe fíor;
déanadh dhamhsa síodh re Dia.


L. 136


Goirdían, mairtír fa mór pian:
Aisiach an fear fial, gan ghó;
i ló chuinne Ríogh na gClann,
bíodh dom dhídean thall san ló.



Epimachus, mairtír mór:
Éighipteach é nar chlódh pian;
an uair thiucfas Ríogh na mBreath,
beireadh misi asteach ón tsliabh.



Nereus, Rómhánach séimh soirbh:
d'fhuluing mór bpian doirbh dá chorp;
an lá thiucfas Críost na gcéud,
saoradh misi ar mhéud mo locht.



Aichileus, mairtíreach séimh:
d'fhuluing ar Dhia péin is bruid;
a thír bhunaidh thall an Róimh;
cuireadh misi ó chóir an chnuic.



Pancratius ón Aisía bhig:
mairtír do thuill glic ar Dhia;
a los na bpian fuair an fear,
beireadh misi ar neamh ón tsliabh.



Bonifas, caithreoir ón Róimh:
fuair ó Íosa glóir ar neamh;
itcheadh dhamhsa a los a phian,
an ghlóir chéudna ó Dhia gan cheal.


L. 137


Potensiana, ógh gan choir:
do threibh uasail thoir ón Róimh;
i ló chuinne Ríogh na mBreath,
go mbeire mé asteach 'nA ghlóir.



Urbán, pápa is mairtír séimh:
ón Róimh thug a fhréimh mar chách;
naomhtha an fear ar feadh a ré;
faghadh ó Dhia mé san bhráth.



Eleuterius, pápa saor
is mairtír mór fa daor pian:
an Ghréig a thír is a threabh;
cuireadh misi ar neamh ón tsliabh.



Eóin, pápa agus mairtír tréun:
Iodáilleach é - sgéul gan ghó;
an lá bheid na slóigh dhá ríomh,
déanadh dhamhsa díon san ló.



Felix, mairtír, pápa búidh:
san Róimh rugadh a ghnúis shéimh:
do luach a mhartra nar thláth,
beireadh mé san bhráth ó phéin.



Petronila, an ógh shíor
lér tuilleadh glóir Ríogh na nDúl:
inghean Pheadair, easbal Dé;
go mbeire sí mé 'na múr.


L. 138


Peadar, exorcist ón Róimh:
fuair ó Íosa glóir mar luagh;
a los mhartra is phian an fhir,
aitcheadh mhisi ar nimh san Luan.



Maircelinus, sagart saor:
d'fhuluing martra daor san Róimh,
ar Íosa - fa ceart an gníomh;
faghadh damhsa díon dá ghlóir.



Erasmus, easbag go mbuaidh:
cuireadh éiric an Luain díom;
mairtír ó Iodáill an óir;
mo-chion bheith 'na chóir a shíodh.



Primus, mairtír feardha fial:
d'fhuluing martra dian san Róimh;
a los a phian ndochrach ndaor,
go mbeire mé saor san ghlóir.



Felician, mairtír go mbuaidh:
dearbhráthair Phrimus fuair phéin;
an lá rachuid cách fan mbreith,
faghadh ó Dhia dhamh bheith réidh.


L. 139


Barnab mór, an tEabhrach glan:
do threibh Leui nar char gó;
easbal, mairtír fa mór pian;
go bhfaghadh mé ó Dhia mar lógh.



Baisilides, caithreoir cóir:
tug a fhréimh ó Róimh na gcliar;
fiú gach pian dá bhfuair an fear
mo bhreith saor ar neamh ón tsliabh.



Cirinus ó Róimh na mbreath:
caithreoir, mairtír fa seach é;
i ló chuinne Ríogh na nDúl,
go mbeire suas 'na mhúr mé.



Nabor d'fhuluing martra a bhall:
caithreoir saidhbhir thall ón Róimh;
aitcheadh dhamhsa Rí na mBreath
fam dhul saor asteach i nglóir.



Antóin mór ó Phadua thoir:
coinfeasóir gan choir, gan cháidh;
Spáinneach fear na míorbhal mór:
sireadh mé mar lógh 'na láimh.



Baisil, doctúir, easbag saor:
coinfeasóir fós - caomh a choing;
Aisiach an fear faoilidh fial;
aitcheadh mé an tsliabh mar roinn.


L. 140


Uitis, mairtír caomh gan locht:
saoradh misi ar olc an Luain;
bíodh an Rómhánach leam 's a theisd
an uair rachad fan gceisd gcruaidh.



Modestus, mairtír go mbuaidh:
ríoghdhacht nimhe fuair mar lógh;
Iodáilleach é fa mór meas;
aitcheadh misi ameasg na slógh.



Crecentia, mairtíreach cóir:
fuair a ciorrbhadh san Róimh thall;
an uair thiocfas Críost fa fheirg,
ainceadh misi i leirg na rann.



Marcus, mairtír ón Róimh thall;
bíodh a ghuidhe im rann do ghnáth,
dom shaoradh ar olc an Luain
i dtráth fheirge an Uain ré cách.



Maircelinus d'fhuluing péin:
bráthair Mharcuis réidh ón Róimh;
a los a mhartra 's a phian,
beireadh misi ón tsliabh 'na chóir.


L. 141


Geruatius an mhartra dhaoir:
Iodáilleach é fa chaoin snuadh;
ar son na bpian fuair go teann,
bíodh a ghuidhe leam san Luan.



Protatius, mairtír go mbuaidh:
cuireadh tar nimh an Luain mé;
Iodáilleach an fear gan cheilg;
saoradh m'anam ar fheirg nDé.



Siluerius, pápa gan locht:
d'fhuluing ciorrbhadh dá chorp cháidh;
a itche liom bíodh gan chleith,
ar nimh suas dom breith ar láimh.



Paulín, easbog, fa mór buaidh:
i ngrádhuibh do-chuaidh tar chách;
coinfeasóir ó Fhraingc an óir;
bíodh a ghuidhe im chóir san bhráth.



Eoin Baisdthe, easbal is fáidh:
ar son Dé do dháil a cheann;
a los a mhartra 's a phian,
bíodh a ghuidhe san tsliabh leam.



Eoin an mhartra dhoiligh dhúir:
Rómhánach é, do mhúin Dia;
breath ar chách mar bhias go daor,
faghadh mo bhreith saor ón tsliabh.


L. 142


Pól ler fuilngeadh iomad leoin:
compánach martra Eoin thall;
tug a fhréimh ó Róimh na gcros;
saoradh misi i gcnoc na rann.



Leo, pápa, coinfeasóir saor:
ón tSiosaill do - caomh a ghné;
an uair thiucfuid cách san leirg;
fóireadh m'anam ar fheirg nDé.



Peadar, easbal, ceann na gcliar:
ní fríoth coimhmeas riamh 'na dheoigh;
ó fuair osgladh thall 's abhos,
fuasgladh misi i gcnoc an leoin.
Pól, easbal an Spioruid Naoimh:
glas do Gheinntibh do sgaoil sé;
a los mhartra a bhall go bras,
sgaoileadh, san tsliabh, glas dom phéin.



Processus, Iodáilleach saor:
mairtíreach é fa caomh niamh;
i ló bhreathnuighthe an dá rann,
caomhnadh mh'anam thall san tsliabh.



Mairtínian ón Iodáill tréin:
d'fhuluing martra is péin dá chorp;
an uair rachad fan mbreith gcruaidh,
ainceadh mé Dia Luain san chnoc.


L. 143


Ianuair, mairtíreach mór niadh:
Rómhánach é - fial an fear;
a los a mhartra go gcruas,
beireadh m'anam suas ar neamh.



Felix an fear fa mór glonn:
d'fhuluing martra trom ar Dhia;
Rómhánach é nar char gó;
faghadh mé mar lógh san tsliabh.



Filib, mairtíreach ón Róimh:
mór a threisi i nglóir an Ríogh;
i n-íoc a mhartra 's a phian,
déanadh dhamhsa san tsliabh díon.



Siluan saor an mhartra chruaidh:
cuireadh tar olc an Luain mé;
Rómhánach é nar char ceilg;
saoradh mh'anam ar fheirg nDé.



Alasdran, mairtíreach lonn;
Rómhán an fear nar chom gó;
an lá thiucfas Rí na Ríogh,
déanadh dhamhsa díon san ló.



Uitulis ó Róimh na gcros:
mairtíreach é fa docht pian;
guidhim an fear faoilidh fíor;
ón ghuais thall dom dhíon san tsliabh.


L. 144


Mairtial, mairtír nar mhaoith méin:
d'fhuluing san Róimh péin nar ghann;
a los a mhartra 's a phian,
bíodh dom shaoradh san tslaibh thall.



Felis, máthair na mac mbúidh:
aitcheadh Íosa dhúinn mar chách,
i n-íoc a créucht is a cneadh,
dom breith suas ar neamh san bhráth.



Rufína, an ógh neartmhar naomh
is mairtír ma-raon ón Róimh:
tré n-ar fhuluing ar son Dé,
go bhfagha ó Dhia mé 'na ghlóir.



Secunda, mairtíreach búidh:
Rómhánach isi, gnúis nár;
bíodh a guidhe i ló mo chean
dom breith suas ar neamh slán.



Pius, mairtír, pápa beacht:
Iodáilleach saor go reacht gcóir;
bíodh a itche liom go dian
dom breith saor ó shliabh an tslóigh.



Nabor, mairtíreach go mbuaidh:
Iodáilleach é fa cruaidh coing;
luach a mhartra liom mar thóir
an uair bheid na slóigh dá roinn.


L. 145


Felix, mairtír fa mór neart:
Iodáilleach é budh ceart gníomh;
do luach a mhartra 's a phian
go bhfagha dhamh ó Dhia síodh.



Anacletus, Gréugach glan:
pápa is mairtír do char Dia;
aitcheadh dhamh an gCoimdhe gcaomh
fam breith ar neamh saor ón tsliabh.



Bonaventúr, easbag saor:
cairtheanall mór fa caomh gné;
coinfeasóir, Iodáilleach geal;
go mbeire a ghuidhe ar neamh mé.



Alexius ordhuirc ón Róimh:
coinfeasóir naomh fa dóigh bocht;
i ló bhreithe na mbreath ndaor,
beireadh mh'anam saor ón olc.



Crescentius an mhartra ghéir:
Rómhánach an fear séimh seang;
do luach a mhartra 's a phian,
bíodh a ghuidhe san tsliabh leam.



Iulian cródha thoir ón Róimh:
mairtíreach é - cóir a luadh;
bíodh dom shaoradh ar fheirg nDé
i ló bhreithe na sé sluagh.


L. 146


Nemius, mairtír ón Róimh thall;
ar fheirg Íosa i n-am dom dhíon,
an uair bheid na sluaigh fa seach
dá ndeadhuil re teach an Ríogh.



Primit, mairtír nar thim neart;
Rómhánach é fa ceart coing;
faghadh misi ó Dhia mar luagh,
i dtráth na sé sluagh do roinn.



Iustín séimh ó Róimh na gcros:
dom shaoradh abhos is tall
a los a mhartra ar son Dé,
i ló ranna na sé gclann.



Stecteus, mairtír ón Róimh thall:
d'fhuluing ciorrbhadh ball ar Dhia;
aitchim an fear cuanna caomh
dom breith ar neamh saor ón tsliabh.



Eugenius an mhartra mhóir:
tug a fhréimh ó Róimh na bpeann;
an lá rachas meas ar mh'olc,
bíodh a itche san chnoc leam.



Siomphorosa ghlan ón Róimh:
a mháthuir sin - cóir a luadh;
a los a pian féin 's a mac,
guidheadh orm go prap san Luan.


L. 147


Mairghréug, mairtíreach is ógh:
d'fhuluing ar Dhia go lór pian;
ón Aisia dhi, bean nar thláth;
go raibh ar mo sgáth san tsliabh.



Praxéd, banógh ghlan ón Róimh:
iomdha duine dár fhóir sí;
a hitche leam lá na mbreath
dom breith suas i dteach an Trír.



Magdaléna Aisíach shíor:
cara is ósdas Ríogh na Rann;
do b'fhiú truime a gráidh ar Dhia
go bhfuighbhe mé san tsliabh thall.



Apoilionar, easbag saor
is mairtír mar-aon go mbuaidh:
ón Aisiria don fhior gan cheilg;
go saoradh mé ar fheirg an Luain.



Cristían, mairtír is ógh shéimh:
inghean Urbáin thréin ón Róimh;
saoradh misi ar fheirg an Ríogh
an lá mheasfas gníomh an tslóigh.



San Séum, mairtír, easbal Dé:
aitchim dom dhíon é san Luan;
an Aisia a thír sin go mbáidh;
pátrún é don Spáinn go buan.


L. 148


Criostóir, mairtír, ba mór neart:
ón Aisia thoir go ceart dó;
an lá cunntuis bhias im chionn,
a ghuidhe bíodh liom san ló.



Anna, seanmháthair dhil Dé:
ón Aisia di, mo chré chúil;
a hinghean 's a Mac bíodh leam,
ó tá aca teann an dúin.



Pantáil, mairtíreach, dom dhíon
i ló bhreithe an Ríogh ar chách:
mac Eustoir ón Aisía mhóir
as eubhuil a nglóir nár thláth.



Nasáir ó Afruic an óir:
do mharadh i Róimh na naomh;
guidheadh Dia dar chráidh a chom
dom breith ón tsliabh anonn saor.



Celsus naomhtha giodh óg n-aois
leanab beag gan bhaois 'na rún;
mairtír ón Afruic nar thláth;
guidheadh oram san bhráth dhúr.


L. 149


Uiochtóir, mairtír, pápa glan:
ón Afruic do ghabh a fhréimh;
a los na bpian fuair a chorp,
bíodh dom dhíon ar olc an tsléibh.



Innoscens, coinfeasóir saor
is pápa nar chlaon a chuing:
Iodáilleach é nar aomh coir;
a ghuidhe thall go roibh ruinn.



Marta, deirbhshiúr Lasair thréin
's Magdalena nar thréith gníomh:
Aisiach, ósdas díleas Dé -
déanadh san tsliabh mé do dhíon.



Simplis, mairtíreach go mbuaidh:
cuireadh tar olc an Luain mé;
Rómhánach an fear gan cheilg;
saoradh mh'anam ar fheirg nDé.



Faustin, bráthair Shimplis bhúidh:
mairtíreach mór do mhúin Dia;
ón Róimh thug a threabh nar nár;
beireadh mh'anam slán ón tsliabh.



Beatrix, banógh fa mór neart,
deirbhshiur Shimplis - ceart a luadh;
mairtíreach í ó Róimh na bpeann;
bíodh a guidhe leam san Luan.


L. 150


Abdon, Peirsíanach nar thim:
d'fhuluing martra a chinn 's a chuirp;
lá na cuinne thall Dia Luain,
ainceadh mhisi ar ghuais an chnuic.



Senen saor, ón Pheirsia mhóir:
airdthriath oirdheirc an ghlóir é;
a los a mhartra gan sgíth,
go bhfagha dhamhsa síth Dé.



Peadar 's a gheimhle dom dhíon
ar bhreith uaimhnigh Ríogh na Rann;
fiú méud a mhíorbhal a-raon
mo bheith ameasg na naomh thall.



Na Machabei d'fhuluing péin
ar son Íosa gér chéim cruaidh:
ón tigh daor atá mar tá
a nguidhe leamsa lá an Luain.



Stephán, pápa is mairtír búidh:
Rómhánach é do mhúin Dia;
aitchim an fear nár aomh coir
dom breith suas ó thoigh na bpian.


L. 151


Fagháil chuirp Steapháin na gcloch
le sagart saor nar olc réim
dar ainm Luisianus gan chleith:
an fhagháil-sin dom breith ó phéin.



Dominic mór, ceann an uird:
éurlamh leanta luirg an Ríogh:
coinfeasóir ó Spáinn an óir;
guidhim sin ón chóir dom dhíon.



Fiogharchlódh Dé mhóir san tsliabh
's a dhrong naomh do thriall 'na chóir -
dom shaoradh i Luan na gceasd,
go rabhaid, ameasg an tslóigh.



Sixtus, pápa is mairtír caoin:
do-ní fortacht ar fheirg laoi an Luain;
is fiú an Rómhán nar olc gné
go bhfuighbhe ó Dhia mé mar dhuais.



Felisisim deocán nár,
Gréugach d'fhuluing crádh a bhall
ar son Íosa - maith an chiall:
guidheadh oram san tsliabh thall.



Agapitus, Gréugach séimh:
d'fhuluing ciorrbhadh is péin mhóir;
go raibhe sé, i ló na gceasd,
cuimhneach orm ameasg an tslóigh.


L. 152


Donatus an t-easbag saor:
Iodáilleach é fa caomh nár;
a los a mhartra 's a phian,
faghadh mo bhreith ón tsliabh slán.



Ciriacus carthanach cáidh,
mairtír, deocán gráidh ón Róimh:
go bhfagha sé ó Rígh na Reacht
mo bhreith saor ó cheart an tslóigh.



Largus, Rómhán, deocán fial:
d'fhuluing martra ar Dhia dá dheóin;
bíodh a ghuidhe leam gan chleith
's ní gar dhamhsa bheith gan treóir.



Smaragdus, mairtír ón Róimh:
saoradh mh'anam ar chóir nDé;
fiú gach ciorrbhadh fuair an fear
go bhfuighbhe saor ar neamh mé.



Romanus, saighdiúr gan tlás:
a cheann do chaill gér bhás daor;
Rómhánach é - mór a luadh -
faghadh m'anam, san Luan, saor.



Labhrás mór an mhartra chruaidh:
Spáinneach spiorddha go mbuaidh é;
a chneas do loisgeadh gan ghó;
as ghuidhe leamsa i ló Dé.


L. 153


Tiburtius Rómhánach séimh:
ar Dhia, do fhuluing péin chruaidh;
a cheann do chaill sé san Róimh;
saoradh misi ar chóir an Luain.



Susan, mairtír, maighdion bhúidh:
ón Róimh disi, gnúis nar ghann;
dom dhíon ar fheirg Ríogh na Sluagh;
go rabha sí san Luan thall.



Clara, baincheann an uird naoimh:
Iodáilleach uasal caoin cóir;
maighdean shaor na míorbhal mbeacht
mo dhíon uirthe ó cheart an tslóigh.



Hiopolit ó Róimh na gcliar:
uasal a ainm, fial a luadh;
i n-íoc a mhartra fa teann,
bíodh a itche leam san Luan.



Caisianus, mairtír go mbuaidh:
Iodáilleach é fa cruaidh gníomh;
déanadh dhamhsa díon san leirg
dom breith saor ó fheirg an Ríogh.



Eusebius, sagart ón Róimh
is coinfeasóir cóir do crádh:
aitchim guidhe an éurluimh chaoin
dom breith ar neamh na naoi ngrádh.


L. 154


Gabháil Mhuire Mhóire ar neamh -
móide m'fhurtacht san teagh thall;
guidhim hí tar chách dom dhíon -
máthair ghlórmhar Ríogh na Rann.



Agapitus, mairtír glan:
Iodáilleach é nar char gó;
d'fhaitchios laoi na mbreath im chionn,
bíodh a ghuidhe liom san ló.



Bearnard, ceann an uird, dom dhíon
ar fheirg fhaobhraigh Ríogh na Rann;
Frangcach an t-ab áilghean úr;
réidheadh dhamhsa san dún thall.



Tiomoteus ón tSiria thoir:
do chaill a cheann gan choir mhóir
acht grádh do thabhuirt do Dhia;
go raibh liom ar sliabh an tslóigh.



Hiopolitus, sagart saor:
Iodáilleach é fa caomh snuadh;
ar son phianta a chuirp 's a bhall,
saoradh mhisi thall san Luan.



Siomphoirianus Frangcach fial:
d'fhuluing martra dian dá chorp;
an lá thiucfas Rí na Ríogh,
déanadh dhamhsa díon san chnoc.


L. 155


Pairtiolan, easbal an Ríogh:
Aisiach é go ngníomh mbuan;
a chroiceann do chaill buin-scionn;
a ghuidhe go raibh liom san Luan.



Leus, rí na Fraingce sonn:
coinfeasóir nar throm ar chléir;
i dtráth mheasda na sé sluagh,
saoradh mé san Luan ar phéin.



Sepherinius, pápa saor:
Rómhánach é nar chlaon treoir;
fiú a mhartra go bhfuighbhe mé
do bhreith go tigh Dé fa dheoidh.



Aibhistín ón Afruic mhóir:
easbag, dochtúir - cóir a luadh;
ceann an uird chrábhuidh rom char -
déanadh aighneas damh san Luan.



Hermes, guibhearnóir nar chlaon:
a áit bhunuidh shaor an Róimh;
tré n-a mhartra, i n-uair mo cheasd,
saoradh misi ameasg an tslóigh.



Dícheannadh Eoin Baisdthe búidh:
aitchim sin san chúirt dom dhíon;
maith an urra é gan cheilg
dom breith saor ó fheirg an Ríogh.


L. 156


Saibiana, Iodáilleach saor:
fuair dícheannadh daor san Róimh;
an uair bhiad fa bhreith an Luain
bíodh a ghuidhe iar n-uair im chóir.



Felix, caithreoir ón Róimh thall:
d'fhuluing martra a bhall go buan;
a cheann do chaill ar son Dé;
ar mo shon, go mbé san Luan.



Adoctus ó Róimh na gcros:
mar thiucfas Dia san chnoc thall,
a los a mhartra 's a phian,
saoradh misi i sliabh na rann.



Egidius, ab, don fhuil ríogh:
Gréugach uasal - is fíor dhúin;
dom chur saor tar cruaidhbhreith nDé,
go raibh seision mar chré chúil.



Thrí ceathruir dearbhráthar cóir:
d'fhuil ordhuirc ón Róimh go fíor;
tre iodhbuirt a gcorp ar Dhia,
go rabhuid san tsliabh dom dhíon.


L. 157


Breith Mhuire Máthar na ngrás
dom shaoradh ar chás na gcló,
an uair thiucfas AonMhac Dé
d'fhagháil chunntais na sé slógh.



Adrian, Aisiach, mairtír Dé:
a cheann do chaill sé gan uain;
aitchim leam impidhe an fhir
dom breith saor ó nimh an Luain.



Gorghonius, an tAisiach saor:
mór a mhartra, daor a phian;
a ghuidhe liom lá na mbreath
dom dhul suas asteach ón tsliabh.



Niocolas Toilent dom dhíon
ar fheirg fhaobhraigh Ríogh na Rann
- coinfeasóir ón Iodáil mhóir -
i dtráth aonaigh an tslóigh thall.



Protus, mairtír, nar thláth neart:
Rómhánach é - ceart a luadh;
a los a mhartra 's a phian,
faghadh m'anam ó Dhia mar luagh.



Iachintus ó Róimh na gcros:
d'fhuluing martra abhos dá dheoin,
do ghrádh Íosa - maith an chiall;
ainceadh misi i sliabh an leoin.


L. 158


Togbháil chroiche Críost ós aird:
dom breith saor ó mhairg an Luain;
mór mo dhóigh as fiort an chroinn
lér shín Íosa a dhruim 's a ghruaidh.



Niocomedes, mairtír glan,
sagart, Rómhán, nar char gó:
lá na breithe bhias go teann,
bíodh a ghuidhe leam san ló.



Coirnelius, airdcheann na gcliar,
pápa is mairtír fial ón Róimh:
aitchim guidhe naomhtha an fhir
dom breith suas ar nimh san ghlóir.



Ciprian, easbag fa mór gaois
is mairtír gan bhaois do ghnáth:
Afruiceach an fear séimh seang;
bíodh a ghuidhe leam san bhráth.



Eufemia, ógh ordhuirc shéimh,
's mairtír d'fhuluing péin nar ghann:
ón Aisia dhi - cóir a luadh;
a hitche leam san Luan thall.



Lucia, Rómhán, mairtír búidh:
teagh na glóire do thúir sí;
bíodh a guidhe, thall san chnoc,
dom shaoradh ar olc mo chlí.


L. 159


Geminian an mhartra mhóir:
caithreoir uasal ón Róimh thall;
aitchim é san tsliabh dom dhíon
ar fheirg bhaoghlaigh Ríogh na Rann.



Ianuarius, easbag saor:
d'fhuluing martra daor ar Dhia;
Iodáilleach an fear nar ghann;
bíodh dom fhurtacht thall san tsliabh.



Festus ó Iodáill an óir:
mairtíreach é - cóir a luadh;
aitchim guidhe an fhir gan cheilg
dom breith saor ón fheirg san Luan.



Soisius, mairtíreach go mbuaidh:
cuiriodh tar nimh an Luain mé;
an tIodáilleach liom san leirg
dom shaoradh thall ar fheirg nDé.



Procul, mairtíreach séimh saor:
Iodáilleach é nár chlaon mionn;
ar an martra fuair a chorp,
bíodh a itche san chnoc liom.



Acaisius, mairtíreach tréun:
Iodáilleach é - sgéul gan ghó;
an lá thiucfas Críost na gclann,
fóireadh m'anam thall san ló.


L. 160


Euticeus, Iodáilleach séimh:
d'fhuluing martra agus péin chruaidh;
aitchim guidhe an naoimh san leirg
dom breith saor ó fheirg an Luain.



Desiderius fa mór mian
d'fhagháil mhartra is phian dá chorp
Iodáilleach an fear nar ghann;
saoradh m'anam thall ar olc.



Eustaichius, uasal an ghairm!
Placidius a ainm ar tús;
Rómhán do loisg ar son Dé;
ainceadh m'anam - is é a dhlús.



Matha, easbal mór dom dhíon
ar fheirg aidhbhsigh Ríogh na Rann,
an uair bhias ag meas na n-olc,
lá na cuinne san chnoc thall.



Maurus, mairtíreach go mbuaidh:
eadrom is breath an Luain daoir!
ard a mheas san Éighipt mhóir;
coroinel sin an tslóigh shaoir.



Linus, pápa is mairtír búidh:
Iodáilleach séimh do mhúin Dia;
aitchim féin impidhe an fhir
dom shaoradh ar nimh na bpian.


L. 161


Tecla naomhtha ón Aisia bhig:
a céile ar Dhia do lig súd;
ógh is mairtír liom do shíor
dom breith ó fheirg Ríogh na nDúl.



Ciprian, feallsamh is fear gráidh
Iustína, an ógh cháidh gan cheilg:
a los a mhartra 's a phian,
réidheadh dhamh san tsliabh ón fheirg.



Iustína, mairtír is ógh:
céile Chipréin nar chlódh coing;
Iodáilleach í nar chleacht ceilg;
faghadh mé san leirg mar roinn.



Cosmas, mairtír nar chlaon pian:
réidheadh dhamhsa san tsliabh thall;
Aisiach an fear saor, gan locht;
mo-chean dá mbia i gcnoc na gclann!



Daimian mór an mhartra dhoirbh:
Aisiach saor - fa soirbh a ghné;
lá na cuinne thall san leirg,
saoradh m'anam ar fheirg nDé.



Míchéil, aingeal, maor an Ríogh:
air chuirim mo dhíon do ghnáth;
ní gar dhamhsa gan bheith saor
dá raibh liom an maor san bhráth.


L. 162


Ierom, doctúir, sagart séimh:
an Hungaria féin a threabh;
bíodh a ghuidhe eir mar chách
dom breith suas san bhráth ar neamh.



Remigius, an Frangcach fial:
easbag Remis nar fhiar mionn;
feirrde misi lá na gcló
guidhe an fhíréin san ló liom.



Froinsias Aisís fuair mo thoil
tar cheannuibh ord, thoir is tiar:
saoradh misi lá na n-éucht
a los daoirsi a chréucht 's a phian.



Placidus ó Róimh na gcliar:
mairtír is manach fial súd;
fiú gach martra dá bhfuair sé
mo bhreith go tigh Dé na nDúl.



Marcus, pápa, Biocáir Dé
is coinfeasóir é gan cheilg:
Rómhán an fear cráibhtheach caomh;
beireadh misi saor ón leirg.


L. 163


Maircelus, mairtír nar thréith:
bíodh san chnoc im chléith go fíor;
guidhe an Rómháin, fóirfidh sin
m'anam ó fheirg mhir an Ríogh.



Apuleus fa calma caomh:
d'fhuluing martra daor ar Dhia;
ón Róimh do más fíor an sdair;
saoradh misi ar chlais na bpian.



Sergius, Spáinneach mór go mbuaidh:
d'fhuluing martra cruaidh dá chorp;
i ló bhreithe Ríogh na Rann,
fóireadh m'anam thall san chnoc.



Bachus, troisgtheach, Spáinneach fial:
déanadh m'fhurtacht san tsliabh thall,
a los na bpian fuair a chlí,
an lá thiucfas Rí na Rann.



Deinis, easbag, ón Ghréig thall:
an Antuath dhó fa ball gnáth;
a cheann do chaill ar son Dé;
orm go nguidhe sé san bhráth.



Cailistus, pápa na bpeann:
bíodh a ghuidhe leam san tsliabh;
Iodáilleach é do thuill glóir;
fuair a mhartra i Róimh na gcliar.


L. 164


Lucas, Gréugach, easbag gráidh:
croinice is easbal cáidh é;
pinnteoir, feallsamh diadha dleacht;
go roibh eadrom is ceart Dé.



Hiolair, ab ón Aisia mhóir:
bíodh dom dhíon ar chóir an Luain;
fiú gach maith dá ndearna sé
go bhfuighbhe ó Dhia mé mar dhuais.



Ursal, mairtír, maighdean bhúidh:
aoinmhíle déug do mhúin sí;
inghean ríogh ón Bhreatuin thoir;
saoradh misi ar choir mo chlí.



Criosantus ó Ghréig an óir:
ainceadh m'anam ar chóir nDé;
a los mhartra an fhir gan cheilg,
go mbeire saor ón leirg mé.



Dairia, banógh fa maith méin:
céile Chriosaint shéimh ón Róimh;
ar an martra fuair a corp,
cuireadh mé tar olc an tslóigh.


L. 165


Siomon, easbal, do char mé;
bráthair díleas Dé na nDúl;
a los na bpian fuair an fear,
beireadh misi asteach 'na dhún.



Iudas, easbal fa mór bríogh:
mairtír, bráthair Ríogh na Rann;
Iudaidheach é nar char gó;
saoradh mh'anam san ló thall.



Naoimh an domhuin thoir is thiar:
a nguidhe liom san tsliabh thall
dom breith saor ó fheirg an Ríogh
i ló mheasda ghníomh na gclann.



Agriocola, mairtír Dé:
ar mo shon bíodh sé san Luan;
caithreoir ó Bhologna an óir;
Iodáilleach é - cóir a luadh.



Vitulis ón Iodáill tsaoir:
mairtíreach é fa caoin dealbh;
a los a mhartra fa teann,
bíodh a ghuidhe leam go dearbh.



Seuerus, mairtír ón Róimh:
bráthair Sheuerian mhóir é;
a los na bpian fuair an fear,
go mbeire a ghuidhe ar neamh mé.


L. 166


Seuerian an mhartra mhóir:
bráthair Carpophóir go mbuaidh;
Rómhánach é nar char ceilg;
saoradh misi ar fheirg an Luain.



Carpophóir an mhartra thréin:
d'fhuluing thall a phéin san Róimh;
bráthair Uictorinus dil;
beireadh mhisi ar nimh 'na chóir.



Uictorinus, mairtír caomh:
bráthair Sheueir nar chlaon pian;
san Róimh táruidh martra a bhall;
fóireadh m'anam thall san tsliabh.



Claudius, mairtír is saor glic:
cuireadh thoram feirg Mhic Dé;
Iodáilleach an fear gan locht;
faghadh dh'itche san chnoc mé.



Niocostrat i gcloich fa saor:
d'fhuluing martra daor ar Dhia;
ón Iodáill, go bhfeas - ní bréug;
cuireadh leamsa a sgéul san tsliabh.



Siomphoirian, Maisdiúnach soirbh:
d'iomchuir martra doirbh 'na chorp;
san Róimh fa bhruid do bhí thall;
bíodh a itche im rann san chnoc.


L. 167


Castoir, ceirbheir glan i gcloich:
san Iodáill tug sgoith dá cheird;
a los na bpian fuair go daor,
go mbeire mé saor ón leirg.



Simplícíus, Iodáilleach saor:
fuair a phianadh go daor cruaidh;
do thuill i gcloich ainm dá cheird;
saoradh misi ar fheirg an Luain.



Teodóir soighdiuir díleas Dé
is mairtír fós é mar-aon:
Constantínopla is í a threabh;
sireadh misi ar neamh na naomh.



Triphon cródha an mhartra dhoirbh:
d'fhuiling ar Dhia go soirbh bás;
a threabh thug ó Róimh na gcliar;
go mbeire mé i rian na ngrás.



Respícíus, mairtír nar thláth:
faghadh dhamh san bhráth mo dhíon;
a los na bpian fuair san Róimh,
i ndóigh dula ó chóir an Ríogh.



Nionpha, banógh fa glan gné:
sireadh ar Dhia mé mar lógh;
an uair bhiad i gcnoc na rann,
tre n-a martra thall san Róimh.


L. 168


Mártan, easbag nar éur neach:
coinfeasóir mór is fear gráidh
Frangcach na mbreath gcéillidh gcaomh -
go mbeire mé saor ón dáil.



Mena, saighdiúr, mairtír mór:
Éighipteach é fa lóch teann;
aitchim an fear tréun nar thláth;
bíodh a ghuidhe san bhráth leam.



?TADHG Ó NEACHTAIN CCT.



Martan naomhtha, niamh na sgol:
pápa Chríost san chruinne ché;
Tódi, san Tuscain, a threabh;
leam go raibh san bhrátha-láe.



Labhrás, easbog Átha-Cliath:
for an tsliabh é dom dhídhion;
do thréabh Laighneach é, an fear
nár char neach go Ríogh na Ríogh.



Greaghóir Neo-Ceasaireach gan mheang:
easbog teann rígheas for neamh;
tamaturgus, confeasúir;
ón tsliabh, san Luan, riom go raibh.


L. 169


Coisreagadh teampaill eapstail Dé
Peadair naemhtha is naomhPhóil,
do mo chaomhna, lá na bhfeart,
ar bhreith cheart an bhreithimh mhóir.



Isebel, ríoghan, rígheas gan ghó
'bhfochair a stóir, Críosd, ar neamh:
Hungáireach baintreabhach Dé -
lá na ndéur dom dhíon an bhean.



Pontian, Rómhach, lióm san Luan:
pápa uasal 'noir ón Róimh;
tré dhaormhartra fhíor an fhir,
Críosd dom chion san bhrátha-ló.



Felics feartach, confeasúr,
do mo chlúda lá na mbreath
is dom chaomhna 'láthair Dé
go go léigfear mé for neamh.



Toirbheart Muire do mo dháil
is um sgáth ar fheirg an Ríogh
is dom bhreith mar bhfuil a Mac,
Athair na bhfeart, Sbiorad Naomh.



Siosioll, maighdean, mairtír Dé,
do mo réir i Luan na mbreath:
áilléan ionmhuin 'noir ón Róimh
thug don ghlóir a huile shearc.


L. 170


Clement naomhtha, ceann na gcliar:
pápa diadha dhoirt a chrú;
Rómhánach fíor é, do threabh;
aitchim a shearc leam san Luan.



Felicitas, seanaid suairc:
d'fhulaing martra ar son Dé;
ón Róimh dhí mar a bhfuair bás;
Luan na ngrás í dom réir.



Criosogonus d'fhulaing bás
do ghrádh Íosa an chroídhe chóir:
é dom dhídean Luan na mbreath -
fear feartach ríoghdha ón Róimh.



Greaghóir naomh, an feartach mór,
easbog cóir is confeasúr,
searbhfhoghantuidhe fíor Dé dil:
bíodh liom an dil, lá an Luain.



Caitríona, mairtír is ógh:
áilléan óg atá ar neamh;
Alleacsaindríach í - san Luan,
a hitche buan riom go raibh.


L. 171


Dealphin naomhtha, ógh gan bhrobh:
liom go raibh 'láthair an Ríogh,
an tan béarthar breithe ceart
for gach neach da raibh 's da mbia.



Peadar dílis, easbog Dé:
mairtír tréan i gcreidiomh Chríosd;
Aillecsaindríach an fear;
Luan na mbreath liom dom dhídion.



Féil Iol-Naomhaibh an úird mhóir:
'Phroinnsiais ghlóirmhear taoi ar neamh
do mo chaomhna Luan an bhráth
is dom áitreabh ionn a dtreabh.



Séamus naomhtha, neartmhar liom
do mo chuim Lá an Luain;
confeasóir róchráibheach ceart;
Muircia theas áit an uain.



Sathurn, seanóir suilbhir séimh:
do threabh tréanmhar é ón Róimh;
mairtír cródha san chúis cheart;
Luan na mbreath é riom san ród.


L. 172


Andriú, easbal d'fhulaing pian
do ghrádh a Thriath, Rígh na Rann:
bráthair Pheadair ón nGaillelia;
é dom riar san tsliabh thall.



Decembris.



Bibiána, Rómhach, riom san Luan:
ógh uasal an mhartra mhóir,
geilleann ghlóirmhear Ríogh na Rann,
liomsa i n-am an bhrátha bhróin.



Proinnsias naomhtha feartach fíor
Xauier leam san Luan:
Nauarach ionmhuin ón Spáinn;
san bhreatha-lá, lióm, a' naomh.



Bárbara, an t-uasal, ógh:
an mairtír mór do dhoirt a crú;
Nicómédíach í do threabh;
liom go raibh san leadradh-Lúan.



Sabbas, abba alga cóir
nár char stródh an chruinne cé:
Capadósíach an fear;
é dom char i Luan na ndéur.


L. 173


Nioclás naomhtha, easbog cóir:
confeasóir an pátrach tréan;
Iacíach ionnraic é do threabh;
bíodh liom an fear, Luan na léun.



Ambros ionmhuin, easbog Dé,
dochtúir tréan, confeasúir:
Róimh bunadh an Fhranncaigh fhéil;
nar fhága mé fo léun san Luan.



Gein neamhcháidheach Máthair Dé:
bíodh dom réir for an tsliabh,
i dtiubhrar breith for gach clann,
'bhus is thall da raibh ariamh.



Melciad ó Aifric an óir:
pápa cóir do dhóirt a chrú
mar ghrádh dílis dearbha Dé;
a itche thréan liom san Luan.



Damasus dil ón Spáinn:
pápa pártach confeasúr;
lá an bhreithimh ar an tsliabh,
a chuire dhiadha leam san Luan.


L. 174


Lucia mhuirneach, mairtír, ógh
ó Shiracós Sisilí;
an ógh alga do mo riar
ar an tsliabh tre bhioth shíor.



Euséb, easbog Versillis
i Lumbardi, do mo sgáth:
Sairdiníach suairc an searc;
leam go raibh san bhreithe-bhráth.



Tomás, eapstol an chreidimh chlaoin
gur dhearbh i gCríosd guin na gcrobh:
Galleléan dil é an fear;
Luan na mbreath é, riom, go raibh.



Gein Chríosd san mBetil mbán
aoinghein Mháire, máthair, ógh:
ós hucht an ghein, go raibh mé
ar dheis Dé san bhrátha-ló.



Anastasia 'noir ón Róimh:
mairtír cródha Ríogh na Rann;
ós hucht na bpian fuair an fear,
leam go raibh san rian thall.



Steaphán na gcloch - cóir a luadh:
príomhmairtír buan dil Mhac Dé;
ar an tsliabh lá na mbreath,
go sgáthadh an fear ar fheirg mé.


L. 175


Eóin Bruinne dil, díoghrais Dé:
eapstal tréan, suibhiscéal saor;
garbhráthair é do Rígh na Rann;
san tsliabh thall, a chuim dom dhíon.



Tomás, Ardeaspog cóir caomh:
d'fhulaing piana do ghrádh Dé;
fa Briotaineach é do threabh;
lióm an searc san bhrátha-lae.



Siluester naomh, anois tá:
pápa pártach, ceann na gcliar;
Rómhánach ríoghdha ón Róimh;
a ghuídhe dom chóir ar an tsliabh.



AMEN.



Philip Néirius do mo dhíon
ar fheirg an Ríogh for an tsliabh:
an Florrintíneach ceart cóir,
'láthair an rígheacht é dom riar.



Francisca naomhtha ón Róimh:
do mo threoir for an tsliabh;
is do mo dhíon, lá na mbreath,
for bhreith cheart Thriath na dTriath.


L. 176


Isadór ionnraic ón Spáinn:
trénthreabhach i muigh Dé;
ós hucht naomhthacht an fhir,
dom dhíon, an gille, san bhráth-láe.



Loúis Gonsaga ón Fhráingc:
lá na gcanndól, é dom dhíon;
Caistilíonach an fear;
tréan a fheart i gcreideamh Chríosd.



Eigneachan alga ón Spáinn
Loiola áluinn úr:
ós hucht naoimh uile a úird,
go réidhe rian dhamh dá dhún.



Stanislaus Costa caomh:
Pólanndrach caomh cóir ceart;
go saora misi lá 'n Luain
ar fheirg uathmhair Ríogh na bhFeart.



Teresa naomhtha ón Spáinn:
Auillach áluinn úr;
buime riaghaltacht naoimh an t-óg;
lá na slógh dom threoir da dún.


L. 177


Alphonsus an Spáinneach cóir
Roidríc glóirmhear ionnraic úr:
Sagovíach é an fear;
bíodh dom ghar, lá an Luain.



Réimundus confesúr:
do mo chlúda ar fhearg an Ríogh
is do mo bhreith lá na bhfeart
go soi-threabh na n-uile naoimh.



Aoine Chéasta.



Céasa Chríosd agus a pháis
'láthair mo bháis do mo dhíon:
ós hucht na bpian d'fhulaing Dia,
é dom riar san bhrátha bhaoth.



Domhnach Cásg.



Eiséirghe aoibhinn an Uain:
lá an Luain ar mo sgáth
is do mo bhreith go dún Dé
ó mhairg dhaer a' bhreithe-bhráth.



Déardaoin Deasg.



Deisgabháil Dé do mo dhíon
is dom chaomhna, lá an Luain,
do mo choingeadh san rian cheart
gus an treabh 'na bhfuil an tUan.


L. 178


Domhnach Cinncísi.



Cinngcís cumuinn apstoil Dé
do mo réir ar an tsliabh
is dom líona, lá na bhfeart,
le Spiord cheart ar dTriath, Dia.



Domhnach na Tríonnóide.



'Thríonnóid naomhtha, a Dhé mhóir,
'Athair ghlóirmhear, 'Sbiorad Naomh,
ós iocht Íosa, Mac dil Dé,
lá an tsléibhe, déan mo dhíon.



Déardaoin Chuirp Chríosd.



Corp Íosa, lá an Luain,
's a fhuil uasal ar mo sgáth
go nach daorthar mé, an bocht,
tré mo locht san bhreithe-bhráth.



AMEN.



<N Celt04 273-278>


L. 274


B 1825 19T
U 0409

An Dán.



Tá an tírsi go dubhach is ní hiongnadh dhi é
Re hingreim 'tá dhá déanamh an fhíor-phobal Dé
Ag aicmí dána gan ghrásta 'tá tréigbheáil do'n tslí
Atá ag treorú re deallramh go Parrathas an Ríogh.



Theagmhuigh an bás do'n Athair Pádraig re géirleanmhaint fhír,
Fear a b'áille de Raghailligh nár shanntuigh saidhbhris a' tsaoil,
Lámh a' réitigh le daonacht, ag bochtaibh ris dá riar,
'Chuir i bhFéim Mhaigh ? gach aon ní i nonóir is don Triar.



Teacht abhaile ó'n gCabhán bhí náimhde 'na suí
Tionscnamh feille fá'n am sin chuir luigheachán ar a shlí,
Mar fhaolchoin chíochrach' re fíoch tré fholladas do'n uan
d'fhág siad sínte 'na luí é go nuige Lá an Luain.



An taidbhirseoir ró ghrána thuit ó Fhlaitheas na Naomh
Air sic treoruíonn iad san tráth sin a ndearn siad an ngníomh;
Tá sé gárdach ó tharla go bhfuair sé leo a mhian
Dá gcómhaireamh gan amhras ar lucht 'tá in a líon.




L. 275


Bhí lucht canta na bhFlaitheas, na haingle is na naoimh,
Sinim abhráin ris fá'n am sin chuaidh a anam féin dá dtaoibh,
Tráth d'eág sé i n-uaigneas ar tuighe fá'n chreideamh atá fíor
Ris an dream sin gan cheansacht atá ag Lucifer mar mhaor ?



Níorbh iongnadh liom a thréad 'san dá mbéadh dá chaoi go buan
Ag síorghol fós gan traothadh; dá éagmais sinn i mbrón.
Is a ghaolta gach aon díobh bheith in a dtulcaí chaoi
Re doilíos ghéar na dhiaidh san ó síneadh é san uaigh.



Re teacht an lae dhéidhinnigh, tráth thiocfas Rí na nDúl,
Beidh eclipse ar na spéarthaí is na Flaithis uile ar siúl sic,
Is an chruinne comhbhuaidheartha re huathbhás an chirt fhír
Re níocfar le gach éinne 'réir a oibre ar an tsaol.



Beidh lucht feallbheart san am sin ag sileadh uaibh na ndeor,
Is gan aon eile shantuíos dul a 'tslí nach bhfuil cóir.
An Breitheamh fíorcheart 'néis suí ag cur druing 'ar gach láimh
Bhéarfaidh cuntas an mhuintir 'mharbh an seanamhóntaí sámh.


L. 276


Tá an chríochaon si faoi dhaoirse timcheall trí chéad anall,
Níl cothrom ceart re fáil dúinn ó'n mbuaidh ag Clann na nGall;
Guidhmuid Dia feartach do ghnáth re headarghuí na naomh
Gach ábhar corraighil a atharú chum síothchána do'n tsaol.



Ocht gcéad déag is 'na dhiaidh leath caogaid ós a chionn,
Uadh teacht an Té úd do céasadh 'tá ríghtheamh ós ár gcionn,
Leagadh síos an sagart dílis seo i gcómhra insan úir,
d'fhág na daoiní ag caoi-ghol is ag trom-sileadh súl.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services