Historical Irish Corpus
1600 - 1926

II. Aor. Suirghe Mhuiris Uí Ghormáin. Peadar Ua-Doirnín ro chan.

Title
II. Aor. Suirghe Mhuiris Uí Ghormáin. Peadar Ua-Doirnín ro chan.
Author(s)
Ua Doirnín, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 120


II. Aor.



Suirghe Mhuiris Uí Ghormáin.



Peadar Ua-Doirnín ro chan.



Ar maidin Dia-Máirt, 's mé dul go
Droichead-Átha,
Do thabhuidh dham an stáid ag an turn-pike
ród;
B'í deise d'ár' thárla orm de mhnáibh,
Ó geineadh mo lár go bhfaca mé an tseoid:
Acht ghabhas-sa i láimh, an oiread so rádh -
“Shall travil vit bláth na finne, sweet rose?”
“Der by my troth” ar sise, ró-shásuidhe,
“Fer vill se travil, or fither shol goes?”



D'fhreagair mé an tráth-soin lilí na mbán-
chróbh,
Budh ghile ioná bláth na n-ubhall fá dhó,
'S tráth d'aithneas gur pháisde Sacsanda,
gallda
Aindir na bhfáinneadh, chasas mo ghlór:
“Mee's co to Droichead-átha, shol gif you a
kwart,
“An heartily fáilte, Madam, vit póg.”
D'amhairc mo dháil, 's do rinne sí gáire,
“O fat is de cás, me money have none!”



Tráth chonnairc mé an sméideadh teacht fo
mo dhéighin.
O'n choinnil mar ghréin na maidne gan ceó,
B'fheárr liom 'ná saidhbhreas Mharcuis a's
Chraesus,
Ise agus mé bheith i gcumann 's ag ól:
Acht las mé 'sa mbeurla, a's do labhair mé
léithe,
“If him hat apron fill'd of the ór,
“Te divil von heapinney me let you pay,
“Shol trink te gud aile tell fether-cock croe.”



Ro thaithin mo bheurla blasta le spéir
Na ndearca mar reultaibh glasa, go mór:
'S do labhair do shéimh-ghuth binne 'ná teuda,
“Fat vas your name, nor toun vas your
home?”
D'fhreagair me sgéimh na cruinne go léir, -
“Mees chrishin Moresius Gorman cóir,
“Is wery skoolmeaster, der, by my salvation,
“Shol carry gud favour for you, go deoidh.”



Ar ndul go tigh-'n-óil dhúinn, shuidheamar fá
bhórd,
Mar Phairis ó'n Troí, 's mar Helen ó'n
Ghréig;
Mise 'a pógadh, a's ise mar lóchrann
Soluis gan bród, ag moladh mo léighinn:-
“Yous wery whine cloas, yous purty fix
proagues,
“Yous lattin vel spoak, and fat me cant
name.”
Acht bhíodhmar ag ól gur thuit mise mo cheó,
A's d'imigh an óig-bhean deas úd uaim féin!



Ar dteacht as mo neull dam, dhearc mé ar
gach taoibh
De'n halla rabh an gheug a's mise fá bhórd;
S ní fhaca mé aon, a bhéarfadh dham sgeul,
Acht garsún gan céill nach tuigeadh mo
ghlór:-
“Did you see fare fite handsome fine lady,
“That vas me comrady las nite, a's me
'g ól?”
“She mak rinavay vit shintleman brae
“Horsebac an avay, along te ród mór!!”



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services