Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bean na dTrí mBó.

Title
Bean na dTrí mBó.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Bean na dTrí mBó.
[File éigin ro chan.]



I.



Go réidh, a bhean na dtrí mbó!
As do bhólacht ná bí teann;
Do chonairc meisi, gan gó,
Bean a's ba dhá mhó a beann.


L. 75


II.



Ní mhaireann saidhbhreas do ghnáith,
Do neach ná tabhair táir go mór;
Chúghat an t-Eug ar gach taobh,
Go réidh, a bhean na dtrí mbó!



III.



Sliocht Eoghain Mhóir sa' Múmhain,
A n-imtheacht do ghní clú dhóibh,
A seolta gur leagadar síos,
Go réidh, a bhean na dtrí mbó!



IV.



Clann gaisge thighearna an Chláir,
A n-imtheacht sin ba lá leoin;
'S gan súil re n-a dteacht go bráth,
Go réidh, a bhean na dtrí mbó!



V.



Dómhnall ó Dhún-baoi na long,
Ua Súilleabháin n'ar thaom glór;
Feuch gur thuig 'san Spáin re cloidheamh,
Go réidh, a bhean na dtrí mbó!



VI.



Ua Ruairc a's Mag Uidhir do bhí,
Lá in Éirinn 'na lán beoil;
Feuch féin gur imthigh an dís,
Go réidh, a bhean na dtrí mbó!



VII.



Síol gCearbhaill do bhí teann
Le mbeirthí gach geall i ngleo:
Ní mhaireann aon díobh, mo dhíth,
Go réidh, a bhean na dtrí mbó!



VIII.



Ó aon bhoin amháin do bhreis
Ar mhnaoi eile, a's sí a dó,
Do rinnisi iomorca aréir,
Go réidh, a bhean na dtrí mbó!



IX.



An Ceangal.



Bíodh ar m'fhalluing, a ainnir is uaibhreach gnúis,
Do bhíos gan dearmad seasmhach buan sa' tnúith:
Tríd an rachmuis do ghlacais red' bhuaibh ar dtús,
Dá bhfaghainnsi sealbh a ceathair do bhuailfinn thú!


L. 78


A' moladh as aon bhó de bhreis
Air mhnaoi eile is aice dó,
Do righne tú a n-iomarca aréir;
Bí réidh, a bhean na d-trí m-bó.



IX.
Is truagh mar do bheir an saoghal
Aire léir an bhocht do chlaoidh;
Ní bh-faigheann bean an dá bhó féin
Ceart ná cóir as bean na d-trí.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services