PROVERBS AND SAYINGS.
(Continued).
From North Cork (D.J. Galvin, Glasha-
kinleen N.S. Newmarket): —
1. Fearthainn a chiuinfidh an ghaoth.
Rain that will calm the wind.
2. Do bhuaidhfeadh bean ar mhuic, 's do
bhuaidhfheadh muc ar aonach.
A woman would get the better of a
pig, and a pig wold get the better
of a fair.
3. Má's maith leat do ghnó bheith déanta
go ceart, déan féin é.
If you wish your business to be done
properly, do it yourself.
4. Is fearr bheith ad' aonar 'ná i ndroch-
chuideachta(in).
Better be alone than in bad company.
5. Ní beag do dhuine gan chuid, de chuin, é
féin.
One's self is not a bad hound (not little
of a hound) for one without a meal.
6. Is fearr bheith ag lorg bídh ná ag lorg
goile.
It is better to be in search of food than
of appetite.
7. Má's mian leat sgeul do chur amach,
innis mar rún do mhnaoi é.
If you want to publish a story, tell it
to a woman as a secret.
8. 'Nuair chruaidheann an tslat, is deacair
i lúbadh.
When the rod hardens, it is difficult to
bend it.
9. A bhuachaill, beidhir buadhartha go
bpósfair,
'S an uair sin beidhir buadhartha do
dhóthain.
My lad, you will be troubled till you
marry,
An then you will be troubled enough.
10. Maighistir sgoile gan sgian!
A schoolmaster without a knife!
11. Fásfaidh ubhla arís.
Apples will grow again.
12. Ná caith amach an t-uisge salach go
bhfaghaidh tú isteach an chuid ghlan.
Don't throw out the dirty water till
ou get in the clean.
13. Is luachmhar an t-anam, mar adubhairt
an táilliúir, é ag rith ó'n nganndal.
Life is precious, as the tailor said when
he ran away from the gander.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11