Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Neamh-shuim 'san nGaedhilg.

Title
Neamh-shuim 'san nGaedhilg.
Author(s)
Stúndún, Pádraic,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 4


Neamh-Shuim- 'san ngaedhilg.



(do léighead an dán so os comhair muintire)
Connartha na Gaedhilge i gCorcaigh.)



Ní ólfad a sláinte 's ní cháinfead “Bean
an Fhir Ruaidh,”
Ní'l binb im' dhán, ag lámhach mo labartha
cruaidh,
Acht ag déanamh uchláin gur táir gur
tarcuisneach truagh
Ar dteanga dhil ársa dob' árd i ngradam
na suadh.



An tan do bhí Brian go dian ag leagadh na
n-All,
An tan do bhí Eoghan 'sa shlóighte go
hacfuinneach oll,
An tan do bhí réidh-chnuic Éireann faoi dhair
agus coll,
Dob' annamh ag aon-neach béarsa a
dteangaidh na nGall.



Faire go deó! nach dóighte damanta an
feall,
Ar dteanga dhearóil tre chóchadh danar, le
treall;
Le tamall ní'l beo dí acht blogh bheag abhus
agus thall,
'S ní mar sin badh chóir, acht gan óg ná sean
uirri dall.



Tá “Connradh na Gaedhilge” le tréimhse ag
obair go teann,
Má chuireann ár gcléir le chéile 'sgach oide
le fonn,
Ní'l darn i nÉirinn ná sgéithfidh í feasta
le greann,
Labharfaidh gach n-aon í, 's ní baoghal di
danar ná deamhan.



Pádruig Stúndún.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services