Mac uí Mhaoilchiaráin mo ghrádh,
Mo ghrianán é 's mo choill chnó;
Leabadh i n-úir gé aige atá,
'S faide an lá dhúinn-ne ná dhó.
Tig an samhradh 's tig an sámh,
Tig an ghrian ghobhlánach gheal,
Tig an bradán as a bhruaich,
Ach' as an uaigh ní thig mo mhac.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11