Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gaelic Notes.

Title
Gaelic Notes.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

GAELIC NOTES


L. 128


Atá fear óg tíorghrádhach críonna('cur i gcéill)'n-a
chomhnuidhe i mBeul-fearsaide ó thuaidh. Adubhairt se so
an lá fá dheireadh le caraid linn, gur buille cloiginn ar
bhalla cloch bheith ag feuchain le teangaidh na hÉireann
do choiméad beo. Budh chóir dá leithid so d'Eireannach
a admháil nach léir dhóibh aon rud i dtaoibh theangadh na
hEireann acht a bhfíor-aineolas féin. Cia aca do'n dá
riocht dob' fhearr le duine aigeanta do bheith i ndán dó
féin, riocht an choiginn chiallmhair agus anam ann, nó
riocht na cloiche gan anam 'sa mballa? Acht bíodh
a fhios ag an duine bocht so gur cloigeann an-chruaidh é
so atá ar mhuintir chosanta na Gaedhilge. Atá an
sean-bhalla go han-chorrach an t-am so, agus ní'l faic ar
an gcloigeann sin fós acht é ag neartughadh 's ag
cruadhughadh ó lá go lá.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services