Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Flaithrí Ó Maolchonaire's Catechism of Christian Doctrine

Title
Flaithrí Ó Maolchonaire's Catechism of Christian Doctrine
Author(s)
Ó Maolchonaire, Flaithrí,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1593
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1950)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Don teccoscc Chríosduidhe and so, iar na thinntódh do Fhlaithrí Ó
Mhaoilchonoire a Spáinis a nGaoidhilcc in anno Domini 1593, agus ar dhéirc
agus ar les anma do na hÉirendchaibh agus dó féin do thionnscain sé in obair
si, agus atá sé dá iarraidh ar lucht lécchtha in teccuisg so guidhe leis ar
son Dé, agus an bhliadhain si d'aois in Tigherna do chuir sé go
hÉirinn é, 1598.


L. 163


Atá dh'ualach ar gach Críosdaidhe dúthracht agus dévosión do bheith aigi ó
chraidhe agus ó inntinn don chroich chésta in ar césadh ar Slánuightheóir
dár bfhuasccladh ór bpecthaibh agus ór n-escairdibh. Dá bhríogh sin as cóir
dúin gnáthughadh ar ar ccoisreaccadh, ar n-ordóc agus ar mér methó<i>n nó ar
gcoirrmhér ina ccrois a <g>comhartha na croisi sin, an chédchros do bhuain
leó ar ar n-édan dár saoradh ó dhroichsmuaintighthibh, an dara cros ar ar
mbél dár saoradh ó dhrochurlabhra, an treas cros ar ar n-ucht dár saoradh ó
dhrochoibrighthibh, ag rádh na mbriathur so dhúin: "I n-ainm an Athur agus
a<n> Mhic agus in Spirit Naoimh" maille ré comhartha na croiche césta. Go
saora Día sinn ór n-escairdibh i n-ainm in Athar agus in Mhic agus in Spirit
Naoimh.



DO CHOMHRÁDH IN MHAIGHISTIR AGUS IN DEISCIOBAIL ANN SO.



M. Créd é h'ainm, a leinbh?
D. Domhnall nó Brían.
M. In Críostaidhe thú?
D. Is eadh, a mhaighistir, maille ré grásaibh Dé.
M. Cía dá ngoirend tú Críostaidhe?
D. Duine agá bhfuil creidimh Críost agus do aduimh 'na bhaisdedh é.
M. Cia hé Críost?
D. Día agus duine fíre.
M. Cionnus atá sé 'na Dhía?
D. Ar in adhbhur gurab mac nádúrtha Dé Bhí é.
M. Ciondus atá sé 'na dhuine?
D. Ar in adhbhur gurab mac do Mhuire Óigh é.
M. Créd fá <d>tucadh Críost air?
D. Ar son a ongtha agus imláine na ngrás atá aige ós cionn na n-uile.
M. An é Críost in Slánuightheóir fírindech?
D. As é dho gelladh ón recht agus ó na fáidhibh.


L. 164


M. Créd iad a oifice prinnsipálta?
D. Bheith 'na Shlánuightheóir agus 'na mhaighistir.
M. Créd in tecasg do mhúin sé?
D. In Tecasg Críostaidhe.
M. Gá mhéd rann atá sa Tecasg Críostaidhe?
D. Ceithri ranna prionncipálta.
M. Cía híat?
D. Airtegail in chreidimh, urnaighthe, na haithenta, agus na sacraminnte.
M. Créd é armus agus comhartha in Chríostaidhe?
D. In chroch chésta.
M. Créd é in t-adhbhor?
D. Ar in adhbhur gurab í a ffighuir dár Críost ar na chrochadh tríd ar
fhuascail sé sinne.
M. Cionnus ghnáthuighes tú í?
D. Dom choisreccadh féin.
M. Ciondus?
D. Ag rádh na mbriathar so: Per signum sanctae crúcis et cetera, maille ré
comhartha na croiche césta mur a dubhramur remhoinn.
M. Créd in uair go háirighthe is maith dúin ar <g>coisreccadh?
D. A <g>comhnaidhe ag tionnsgnadh oibre dhúin nó an uair bhiam a n-éicen.



D'FHIACHAIBH IN CHRÍOSTAIDHE ANN SO.



M. Créd é an ní atá d'fhiachaibh ar an duine ó thús?
D. In chríoch dhéighenach chum ar cruthaighedh é d'iarraidh.
M. Créd í an chríoch dhéighenach sin?
D. Seirbhís do dhénamh do Dhía agus a fhlaithemhnus d'aitreabhadh.
M. Créd íad na hoibrighthe lé bhfédand sé go prinncipálta seirbhís do
dhénamh?


L. 165


D. Le hoibrighibh in chreidimh, an dóchuis, agus an ghrádh<a>.
M. Créd thecasgus in creidimh dúin?
D. Creidimh a nDia mur fhírinne nach éidir do chor ar chúl.
M. Créd thecasgus in dóchus dúin?
D. Ar ndóigh do chor a nDía mur chumhachta neimh-chríochnuighthe.
M. Créd thecasgus in grádh dúin?
D. Día do ghrádhughadh ós cionn na n-uile mur in mhaith is mó.
M. Cionnus bhias a fhios aguinn creidimh go maith?
D. Ag tuicsin na Crédha go maith.
M. Cionnus bhias a fhios agoinn ar ndóchus do chor a nDia agus ní d'iarraidh
air?
D. Biaidh, ag tuicsin na Paidri dhúin go maith.
M. Cionnus bhias a fhios agoinn oibriughadh do dhénamh do Dhia?
D. Biaidh, má thuicmíd na haithenta go maith as cóir dúin do choimhéd agus
na sacraminte as cóir dúin do ghapháil.
M. An bhfuil d'fhiachaibh oruinn anois iad so do thuicsin agus a bhfios
do bheith agoinn?
D. Atá, ar an adhbhur nach éidir linn a <g>coimhlíonadh muna thuicmíd iad.



IN CHRÉ ANN SO.



Creidim i nDia, Athair uilechumhachta<ch>, Cruthuightheóir nimhe agus
talmhan; i nÍso Críost, a énMhac ar <d>Tigherna, do gabhadh ón Spirit Naomh,
do geinedh ó Mhuiri Óigh, do fhulaing in pháis fá fPoint Piláit, do
crochadh, fuair bás, do hadhlacadh, do chuaidh síos go hifern, do éirigh in
treas lá ó mharbhaibh, do chuaidh suas ar nemh, do shuidh ar deis Dé, Athur
uilichumhachtaigh; as sin tiocfus do bhreithemhnus ar bheóaibh agus ar
mharbhaibh.


L. 166


Creidim isin Spirit Naomh, isin NaomhEcluis Chatolica, a <g>commann na
naomh, a maithemhnus na bpecadh, a n-eiséirghe na <g>corp, sa mbethaidh
shuthain. Amen.



DO THRÁCHTADH AR IN gCRÉ.



M. Créd adubhramar anois?
D. In Chré.
M. Cia do rinne í?
D. Na hesbail.
M. Créd in t-adhbhur?
D. Do chum ar ccreidimh do thecasg dúin.
M. Créd é in t-adhbhur fá n-abrammaoid hí?
D. Chum ar gcreidimh d'admháil agus chum ar ndaingnithe and.
M. Créd é derbhthacht na neithi thecasgus ar gcreidimh dúin?
D. Coimhdherbhtha agus an fhírinne atá ar na rádh ó bhél Día nach mealtar
agus nach melann.
M. Cionnus atá a fhios agad go ndubhairt Día íat?
D. Ór máthair Ecluisi atá ar na follamhnughadh ón Spirit Naomh.
M. Créd é in riachtanus a les atá ris in gcreidemh?
D. Atá in oiret sin do riachtanus ris in gcreidimh nach éidir duine ar bith
do shlánughadh gé no bheth 'na fhírén gan é.
M. In éidir leis in gcreidimh amháin?
D. Ní héidir gan ghrádh agus deghoibrighthe.
M. An ionann in Chré agus airtecail in chreidimh?
D. Is ionann.
M. Ós ionann abair iad.
D. Atáid ceithri hairtecail déc ag in gcreidimh, a secht díbh so bhenus ré
diadhacht agus a secht oile bhenus ré daonnacht Íosa Críost ar <d>Tigherna,
Dia agus duine fíre. Tuig go bhfuilit na ceithri hairtecail déc so fá dhá
airtecal déc na Crédho.


L. 167


Ag so na secht n-airtecail bhenus ré diadhacht. In cédairtecal creidemh a
n-aonDia uilichumhachtach amháin. An 2 hair<tegal> a chreidemh gurab Athair
é. An .3. a chreidimh gorab Mac é. An .4. a chreidemh gurab Spirit Naomh é.
An .v. a chreidemh gurab Cruthuigheóir é. An .6. airtecal
a chreidemh gurab Slánuightheóir é. An .7. a chreidemh gurab é do
bheir glóir dúin. Na secht n-airtecuil bhenus ris in daonnacht. An
cédairtecal a chreidemh gur gabhadh ar dTigherna Íosa Críost, in mhéid go
raibhe sé 'na dhuine, ón Spirit Naomh. An .2. a chreidemh gur geineadh ó
Mhuire Óigh é, gan mhilledh a hóghachta ríana bhreith, agá bhreith, d'éis a
bheirthe. An .3. a chreidemh gur ghlac sé bás agus páis chuige dár
slánughadhne, na pecaigh. An .4. a chreidemh go <d>tuc sé leis anmanna na
n-aithrech naomhtha do bhí ag fúrnaidhe a thechta chuca. An .v. a
chreidemh gur éirigh sé ó mharbhaibh an treas lá. An .6. a chreidemh
go ndechaidh suas ar nemh agus go bhfuil ina shuidhe ar deis Dé Athar
uilechumhachtaigh. An .7. a chreidemh go <d>tiocfa do bhreithemhnus ar
bheóaibh agus ar mharbhaibh, do thabhairt ghlóire do dhaoinibh fírénda do
chomhuill a aithenta naomhtha, agus do thabhairt fpéine suthaine don lucht
ainfhírénda nár chomhuill a aithenta.



TUILDEDH TRÁCHTDHA AR NA hAIRTECLAIBH.



M. Créd adubhramar anoiss?
D. Airtecuil in chreidimh.
M. Créd dá ngoirend tú airtecuil in chreideimh?
D. Do rúnaibh dorcha prinncipálta in chreidimh.
M. An <n>dubhartuis gurab é in cédairtecal creidemh a nDía, agus créd
chialluighius tú tríd in bhfocal so is Día?
D. ÉnTigherna glic cumhachtach agá bhfuil in mhaith nemhchríochnuighthe,
agus is tús agus is deiredh dá gach uile ní.
M. An énphersa amháin in Dia so?
D. Ní hedh, acht trí persana comhchomhthroma.


L. 168


M. Cia hiad sin?
D. In tAthair, in Mac, in Spirit Naomh.
M. In bhfuil in tAthair ina Dhia?
D. Atá.
M. In bhfuil in Mac ina Dhía.
D. Atá, a mhaighistir.
M. In bhfuil in Spirit Naomh ina Dhía?
D. Atá, a mhaighistir.
M. Do budh éidir gurab trí Dhía iad mur sin?
D. Ní hedh, acht aonDia a n-aontsubstaint agus a <d>trí persanuibh.
M. An bhfuil fioghuir chorpardha ag Día mar tá aguinne, na daóine?
D. Ní fhuil, in mhéid gurab Dia é, acht atá sé 'na spirit ghloin.
M. Cionnus atá sé 'na Dhia uilechumhachtach?
D. Ar in adhbhur go ndiongnann gach uili ní is toil leis.
M. Ciondus atá Dia 'na Chruthuightheóir?
D. Ar in adhbhur go nderna sé na huile gan adhbhur.
M. Ciondus atá Dia 'na Shlánuightheóir?
D. Ar in adhbhur go <d>tugann sé grása dhúin agus go maithend sé ar
bpecaidhi dhúin.
M. Créd ghluaisius é chum grás do thaphairt dúin?
D. A mhaith mhór féin agus luaidhechd Chríosd.
M. Créd hé in ní grása?
D. Ní diadha do ní clann Dé dhíne agus oighreadha a ghlóire.
M. Créd in mhaith thig dúin as na grásaibh?
D. Cumhachta agus mian do bheith agoinn ar oibrighibh lórghníomhacha
luaidhemhlachta do dhénamh.
M. Créd an tslighi lé <d>tiocfamaóis chum na ngrás, agus tar éis techta
chuca lé mbiadh bisech orrtha?
D. Maille ré hurnaighthe agus ré subháilchibh agus ré sacrameinntibh.
M. Cionnus is éidir a rádh gurab é Día do bheir glóir dhúin?
D. Ar in adhbhar go <d>tucconn sé glóir do na daóinibh bhíos daingen ina
ngrásaibh.


L. 169


M. Cía hiad na daóine théid go Purgadóir?
D. Na daoine do gheibh bás a sdaid na ngrás agus dá ndlighther pian ar son a
bpecadh.



D'AIRTECCLAIBH NA DAONNACHTA SÍOSANA.



M. In tráth do fhiarfuighius airtegail na daonnachta dhíot do fhiafraighius
cia do thrí persanaibh na Trínóidi do rinde duine dhe féin.
D. Do rinde in dara persa .i. Mac Dé síorrdhaidhe.
M. Ciondus do gabhadh go nuaidhe hé agus é síorrdhaidhe.
D. Ag glacadh chuirp agus anma résúnta chuicce agus ní d'oibrighibh ferrdha
acht go míorbhuilech.
M. Ciondus do fhéd sé geinemhuin ó mháthair gan mhilledh a hóghachta?
D. Ós cionn nádúiri agus go míorbhuilech mur do gabhadh ón máthair cédna hé.
M. In raibhe Máthair Chríost 'na hóigh riamh d'éis a bheirthe?
D. Do bhí, a mhaighistir, riamh.
M. Créd fá nderna Día duine dhe féin?
D. Do chum go bhfédfadh bás d'fhagháil ar son in duine agus eisiomláir do
thabhair<t> dó.
M. Créd fár aontaigh sé bás d'fhagháil?
<D.> Dár bhfuascladhne ó phecadh agus dár saoradh ó bhás.
M. Cionnus tarla in bás dúin?
D. Ag pecadhadh dár gcédathair, d'Ádhamh, in ar phecuighemuir uili.
M. Ar fhéd Dia ar bfhóirithin ar ghlés oile gan a bhás?
D. Do fhéd, acht gurab léna bhás dob iomchuibhdhe leis sinne d'fhóirithin.
M. Ciondus do fhéd Día do bhí nemmbásuighthe bás d'fhágháil?
D. Ar in adhbhur go raibhe duine básaighthech cengailte dá dhiadhacht.


L. 170


M. Créd fár thogh sé bás croiche?
D. Ar an adhbhor commór agus do hs<sh>áraigh sé gach uile bhás a <b>péin agus a
dtarcuisne gurab mur sin do sháraigh sé iad a luaidhecht agus a nglóir.
M. Cia do na hifernoibh a ndechaidh síos?
D. I n-ifern na bfhírén amháin.
M. Ciondus do chuaidh sé síos?
D. Maille réna anam cengailte dá dhiadhacht.
M. Ciondus do <bhí> an corp?
D. Cengailte don diadhacht chédna.
M. Cionnus do rinne an eiséirghe?
D. Ag filledh ag cengal <a> anma agus a chuirp ghlórmhair dá chéile.
M. Cionnus do chuaidh sé suas ar nimh?
D. Nemmbásuighthech dá chumhachtoibh dísle féin.
M. Cionnus tuicther go bhfuil sé 'na shuidhe ar deis Dé Athor?
D. A bheith a nglóir chomhchomhthruim ris, an mhéid gorab Día in Mac.
M. Agus an mhéid gurab duine é créd an ghlóir ina bhfuil sé?
D. In mhéid is mó iná créatúir ar bith.
M. Cionnus bhias eiséirghe na colna lá in bhreithemhnuis?
D. Ag cengal na gcorp ndílius so agoinne agus na n-anmann dá chéili a
mbethaidh shuthain nembásuighthe.
M. Ciondus tuicther go dtiocfa sé do bhreithemhnus ar bheóaibh agus ar
mharbhaibh?
<D.> Ag buain chuntais do na daóinibh ina mbethaidh, ag breithemhnus bheó
agus mharbh do bhéra dá gach aón do réir mur do thuill; do na maithibh glóir
shuthain a luaidhecht a subháilche; do na holcaibh pian tsuthain dá
smachtughadh ina ndrochbhethaidh.
M. Créd chreidis tú ag rádh dhuit "a gcommaóine na naomh"?
D. Creidim go bhfuil cuid ag gach aón Chatoliocdha dá gach maith dá
ndiongnann Catoilice oile mur bhallaibh aon chuirp amháin.


L. 171


DON PHAIDIR AND SO.



Ar nAthair atá ar nimh, naomhthar h'ainm, tigedh do ríoghacht, bíodh do
thoil a <d>talmhain do réir mur tá ar nemh. Tabhair dúine aniodh ar n-arán
laoithemhoil, agus maith dúin ar bfhiacha do réir mur mhathmaóidni dár
bhféithemhnaibh, agus ná fuluing ar <d>tuitim a gcathughadh acht saór sin<n>
ó ulc. Amen.



DO THUICSIN NA PAIDRE.



M. Créd adubhramair anois?
D. Urnaighthe ar nAthar féin.
M. Cia dho orduigh í?
D. Críosd mur ghuidhe dá esbaluibh.
M. Créd fár orduigh sé hí?
D. Dá thegasg dúinn guidhe nó urnaighthe do dhénamh.
M. Créd is urnaighthe ann?
D. Ar n-inntinn do thógbháil chum Dé d'iaraidh na neithedh budh maith dúinn.
M. Créd fár theguisg ar tTigherna dhúinn sa cédfhocal Athair do ghairm dhe?
D. Do chum a ghuidhe mar ghuidhid clann a n-athair.
M. Cinnus atámaoitt in ár gcloinn aige?
D. Ar an adhbhar go ttug a ghrása san agus a nádúir dúinn bheith amhlaidh.
M. Créd fá n-abramaoitt "Ar nAthuirne"?
D. Ar an adhbhar do nós bráthar ngrádhach gurab
cóir an athchuinghe iarfam d'iaraidh dhúinn uile.
M. Gá hinad a bhfuil Día Athar?
D. In gach uile inadh ó shubsdaint, ó chumhachtuibh, agus ó bheith do
láthair.
M. Másedh créd fá n-abair tú a bheith a bhflaitheamhnus dó seoch gach inad
oile?
D. Ar an adhbhar go bhfoillsighenn sé hé féin ar ghlés aonaránach a
bhflaitheamhnus.


L. 172


M. Gá mhéd athchuinghe atá sa fPaidir?
D. Secht n-athchuinghe ar na gcuma a n-ord mhaith.
M. Créd an t-ord?
D. Tráchtuitt na trí cédathchuinghe ar anóir Dhé.
M. Cia ar a <d>tráchtuid na ceithri hathchuinghe oile?
D. Tráchtuid siad ar ar les féin agus ar les ar gcomharsan.
M. Créd iarrmaoid inntibh sin?
D. Fairsinge gach uile mhaithiusa agus fóirithin ar gach uile olc.
M. Créd íarrus tú ag rádh dhuit "bídh h'ainm naomhtha"?
D. Guidhim a ainm do chongmháil a reverens agus a mholadh.
M. Créd iarrus tú ag rádh dhuit "tigedh chugoinde do ríoghacht"?
D. Iarmaoid <a> bheith iona<i>nd maille réna ghrásaibh agus a ghlóire do
thabhart dúin ina dhiaigh.
M. Cionnus do bhiadh a thoil a <d>talmhain mar tá a bhflaithemhnus Dé?
D. Ag dénamh na ndaoine comhollamh chum a sheirbhísi agus do bhiadh aingil.
M. Créd iarrus tú ag rádh duit "tabhair dúinn aniudh ar n-arán laothamhail"?
D. Iaruim fóirighthin ar gach uile riachtanus cuirp agus anma.
M. Créd fá n-abrand tú "aniudh" go háirighthi?
D. Ar an adhbhar go bhfuil d'fhiachuibh oruinn an gcéttna d'iaraidh amárach.
M. Crétt iatt na fiacha ina bhfuil tú ag iaraidh maithfeachuis?
D. Am choirthuibh agus is na piannuibh atá oram ar a son.
M. Créd má gcuirend tú leis "mar mhaithmaoittne do lucht ar bhfiach"?
D. Ar an adhbhar nach maithfedh Dia do dhuine nach maithfeach do dhuine
oile.
M. Créd iarus tú ag rádh duit "ná treóraigh sinn a mbuaidhredh"?
D. Iaruim nach fuilngedh sé dhúinn ar n-aonta do thabhairt do chathughadh.


L. 173


M. Créd an t-olc ó a n-iarann tú do shaoradh?
D. Ón diabhal, ó ithfern, ó chinnemhnuibh dona.



D'URNAIGHTHIBH OILE AND SO.



M. An bhfuil urnaighthe oile ann acht an fPaidir?
D. Atá, a mhaighisdir, .i. ón Sgriptúir, ón Egluis, agus ó na naomhuibh.
M. Cia do na hurnaighthibh is ferr?
D. An fPaidir mur chend ar an uile urnaighthe.
M. Créd fá bhfuil an Phaidir ina cend <ar> an uile urnaighthe?
D. Ar an adhbhar gurab hé ar nAthair do chum í agus go bhfuil gach uile ní
iniarata innte.
M. Créd iatt coinghill na deghurnaighthe?
D. Diadhacht, muinghin, umhlacht, sithlenmhuin.
M. Créd is indénta don tí mhoitheóchus iatt so uile 'na égmuis?
D. Cuiredh sé roimhe an mhéid is mó is éidir lais do dhénamh.
M. An cóir dúinn mar an gcédna na haingil agus na naoimh do ghuidhe?
D. Is cóir, a mhaighisdir, do chum guidhte dhóibh ar ar son do chum Dé.
M. Créd dá ngoirenn tú aingel?
D. Spiratt uachtarach atá ag moladh Dé.
M. An <n>dénuid siatt serbhís oile ar an ttaobh amuich de sin?
D. Coimhéduid siatt na daoine agus beirid gnóaighthe na ndaoine do chum Dé.
M. Créd hí an urnaighthe do ní tú do Mhuire?
D. A deirim do ghnáith Ave Maria agus Salve Regina do thaoiph dúthrachta.



DON AVÉ MARIA.



Go mbennuighther duit, a Mhuire, lán do ghrásuibh, atá an Tiagherna imalle
riut, is bennuighthe thú idir na mnáimh, is bennuighthe toradh do bhronn,
Íosa. A


L. 174


naomhMuire, a Mháthair Dhé, guidh oruinne, na pecuigh, anois agus a
n-uair ar mbáis. Amen.



DON tSALVE REGINA.



Gurab Dia do bhetha, a ríoghan, a Mháthair na trócaire, a bhetha agus a
mhillsecht agus a dhóchus na n-uile, go mbennuighther duit. Is chugatt
goirmaoid, na díbertuigh, clann Éabha, is chugatt do nímaoitt osnadh ag
ualfartaigh agus ag caói sa ghlend so na ndér. Ar in adhbhar sin, a
abhcóidigh na n-uile, fill oruinn na súile trócairecha sin, agus taisbéin
dúin tar éis na díbertha so Íosa bennuighthe, toradh do bhronn féin, a
chaoinuarrach, a dhiadha, a Ógh romhilis, a Mhuire. Guidh ar ar son, a
naomMáthair Dhé, do chum go madh fiú sinn gellamhna Críost d'fhagháil.



DO CHÉILL AN AVÉ ET AN tSALVE.



M. Créd adubhramar anois?
D. An tAvé agus an Salvé.
M. Cia do rinne in tAvé Maria?
D. Bendughadh in aingil Ghaibhríal do Mhuire in chédchuid de agus in chuid
oile ón Eccluiss.
M. Cia ó bhfríth an Salve Regina?
D. Ó ghnáthughadh na hEcluisi.
M. Cia ré labhrann tú ag rádh na hurnaighthe si dhuit?
D. Ris in Óigh naomhMuire.
M. Cia hí an Ógh Mhuire?
D. Bainntigherna mhór lán do ghrásaibh agus do shubháilchibh, Máthair in
Día
fhíre.
M. Gá hionadh ina bhfuil an Bhaintigherna atá commór agus sin?
D. A bhflaithemhnus Dé idir chorp agus anam.
M. Agus in deilbh Mhuire bhís is na templaibh, cía hí?
D. Íomháidh Mhuire.


L. 175


M. Créd in foghnamh do ní sí dhúin?
D. Muire do chor in ar <g>cuimhne do réir mur do bhí sí beó.
M. Créd in anóir is cóir do thabhairt do na hímháidhibh?
D. In anóir do bhérmaois do na naomhaibh dár hímháidhedha iat.
M. Créd hí an anóir is cóir do thabhairt do thaisibh na naomh?
D. In anóir do bhérmaois do na naomhaibh féin do bhí beó ina <d>templaibh ag
Día.
M. Créd í an urnaighthe a deir tú do na naomhaibh?
D. Na ledáin agus úrnaighthe oile, agus mur in gcédna in fPaidir agus in
tAvé Maria.
M. Nach ag labhairt ré Día agus réna Mháthair bhís tú and sa Phaidir agus
ann san Avé Maria?
D. As edh. Tar a chend sin guidhim Dia tré luaidhechtuibh na naomh, agus
guidhim na naoimh trés an bPaidir chum guidhte lem.



<NA DEICH nAITHENTA.>



Atáitt deich n-aithenta ag dligheadh Dé. Na trí céttaithenta benuitt siatt
ré hanóir nDé, agus na secht n-aithenta oile benuitt siatt ré les do
chomharsan. An chédaithne "grádh Dé ós cionn an uile." An dara "ná mionnuigh
ainm Dé go dímhaoineach". An tres "tabhair anóir don tSaoire". An
cethramhadh "tabhair anóir dot athair agus dot mháthair". An cúigedh "ná
déna marbhadh". An seisedh "ná déna drúis". An sechtmhadh "ná déana goid".
An t-ochtmhadh "ná déna fiadhnuisi bhréige iná brég". An naomhadh "ná
sanntuigh ben do chomhursan". An dechmhadh "ná sanntuigh ní nach let féin".
Atáitt na deich n-aithenta fá dhá aithne amháin .i. "grádh Dé ós cionn an
uile" agus "grádh do chomharsan mar thú féin".



DO THUICSIN NA nDEICH nAITHENTA.



M. Créd adubhramair anois?
D. Aithenta dhligheadh <n>Dé.


L. 176


M. Do thaoibh na céttaithne fiafraighim dhíot créd chuiris grádh Dé d'ualach
oruinn?
D. Cuirigh grádh Dé d'fhiachuibh <orainn> a adhradh amháin mar Dhía ó
chreidemh, ó dhóchus, ó ghrádh.
M. Cionnus aidhéram hé?
D. Ó reverens agus ó anóir chuirp agus anma.
M. Nach leór dúinn a anórughadh ó anam ó spirat Dé?
D. Ní leór, óir is uaidh fuaramair an corp mar fuaramair an t-anam.
M. Crétt hé grádh Dé ós cionn na n-uile?
D. Inann hé agus go madh áil linn gach uile ní do chaillemhain roimh
dhiomhdha Dé do thuillemhuin.
M. Cía fpecuighes a n-adhuigh an chreidimh?
D. An duine chreidius gesadóirecht, nó ar a mbia
ainbhfhios, nó dhiúltus punc creidimh, nó bhíos a gcunntubhairt
aoinneith dá chreidemh ag gurab cóir dhó a fhios do bheith aige.
M. Cia fpecuidhes a n-adhuigh an dóchuis?
D. An té téitt a n-édóchus ar ghrásuibh Dé nó shaoiles go lémhadh sé le
hanndóchus a bfhagháil.
M. Cia fpecuighes a n-adhaidh an ghrádha?
<D.> An té bhíos dombuidheach do thidhluicthibh Dé agus bhíos esamhal do
thoil agus do dhlidhthibh Dé.



DO THUICSIN AN DARA hAITHNE.



M. <Ar> an dara haithne fiafraighim díot cia mhionnuighes ainm Dé go
dímhaoineach?
D. An té mhionnuighes gan fhírinne, gan chert, gan riachtanus.
M. Créd an mhéid fpecuighes an té mhionnuighes gan fhírinne? Sin duit, a Dhomhnuill.
D. Pecoighe go marbhthach má do bheir sé aire dá mhionnuibh agus a mbeith
bréccach dá thoil.
M. In <b>pecuighend an té mhionnuighes a gconntabhairt go marbhthach?


L. 177


D. Pecuighe, a mhaighisdir, do bhrígh na guasachta éithigh a gcuirend sé é
féin.
M. Cia mhionnuighius gan chert?
D. In té mhionnuighius olc nó ní nach indénta do dhénamh.
M. Créd é <a> mhéd phecuighius an té do bhéra na mionna so?
D. Do réir an drochadhbhuir lé mionnuighther.
M. Créd fá dtuillther diomdha Dhé commór agus sin sa dá ghné mhionn?
D. Ar an adhbhor gorab mór an esanóir do Dhía a ghairm mar fhiadhnuise do
chum neithe bhrécaigh nó édruim.
M. Créd is indénta don tí mhionnuighius fá dhrochréd do dhénamh?
D. Aithrechus do bheith air ina mhionnuibh agus gan a ccomhall.
M. Créd é <a> mhéid phecuighius in té mhionnuighius gan riachtanus?
D. Pecuighe go soloighthech an ní is lugha dhe do bhrígh anmanóra.
M. In pecuigh mur in gcédna mionnughadh tríd chrétúir ar aonghné dhíbh so?
D. As edh, ór minnuighther in Cruthuightheóir ina chrétúiribh.
M. Créd adéram do shechna na mionn sin, nó in phecuidh sin?
D. "Is edh" nó "ní hedh" mar do thecaisg Críost dúin.
M. Cía hí in uair is pecuidh dúin ar móid do chor ar cairdi?
D. In uair nach fuil cúis dlisdenach do bhreithemhnus daoine bhfoghlomdha
agad.



DO THUICSIN <AN> .3. AITHNE.



M. Ar <an> ttres aithne fiafraighim díot cia chonnmhus an tSaóire go cóir?
D. An tí éisdes aithfrend go himlán agus chaithes an tSaóire a
n-oibrighthibh benduighthe.


L. 178


M. An pecadh saothrachadh a n-oibrighthibh bega nó éigendálacha?
D. Ní hetth, acht d'egla sa contabhairt nach biadaois éigindálach is maith a
bhfiafraighe do dhaoinibh glica.
M. Cia hoile fpecuighes a n-aghaidh na haithne so?
D. An tí do bheir esanóir don Egluis nó dá fuagartaoibh.



DO THUICSIN AN CETHRAMHADH AITHNE.



M. Ar an gcethramhadh aithne fiafraighim cia anóruighius a athair agus a
mháthair co fírinnech?
D. In té umhlaighis dóibh, agus anóruighius iat, agus do bheir furtacht
dóibh.
M. An <d>tuicther ní sa mhó ináid ar n-aithrecha nádúra fá <na>
haithrechuibh so?
D. Tuicther na daoine is mó ná sinn a n-aois, a n-eccna, a n-uachtaránacht.
M. Créd iatt fiacha na cloinne ar na haithrechaibh nádúra?
D. A ccothughadh, agus a <d>tecasg, agus gan ní do thabhairt dóibh a
n-aghaidh a <d>toile.
M. Ciondus as cóir do na feroibh pósta bheith réna mnáibh pósta?
D. Go ngrádh chuimhnech do réir Críost ris in Eccluis.
M. Et na mná pósta ris na feroibh pósta?
D. Maille ré grádh agus ré hanóir do réir na hEgluisi ré Críost.
M. Agus na tighernadha réna n-óglachaibh?
D. Mur do bheidís ré cloinn Dé.
M. Agus na hóglaighi réna <d>tighernaibh?
D. Mur do bheidís ag seirbhís do Dhía.



DO THUICSIN AN .V. AITHNE.



M. An <d>toirmiusccthar san .v. aithne acht gan mharbhadh do dhénamh?
D. Toirmmiusccthar gan olc do dhénamh do dhuine ar bith a ngnímh, a
mbréithir, ná a mian.


L. 179


M. Cia phecuighius a n-aghoidh na haithne so?
D. In duine do ní bagor nó écóir nó nach tugann maithmhechus don tí ar a mbí
a dhimdha.
M. An bhfuilid gnéithe oile and lé marbhthar in duine taobh amuigh díbh so?
D. Atá. In uair do bheir tú sgannoil do dhuine, nó nach tugonn tú congnamh
d'fher in riachtanuis romhóir.



DO THUICSIN AN .6. AITHNE.



M. Cia choimhédus co hiomlán an seisedh aithne?
D. In té atá genmnaidhe ó bhréithir, ó ghníomh, ó smúaintighthibh.
M. In <b>pecuighend is na smuaintighthibh olca an tí chathuighius friú?
D. Ní hedh amháin, acht tuillidh sé luaidhiocht má sgriosann sé cúis in
drochsmuaintighthi uaidh.
M. Cia phecuighius is na smuaintighthibh?
D. An té chuirius roimhe a gcoimhlíonadh nó dá thoil féin do gheibh fonn
ionnta.
M. Créd atá d'fhiachaibh ar in lánamhuin phósta do thaoibh in phósta?
D. Gan chailliomhain ar a bhfiachaibh dlisdenacha ná ar in ngellamhuin
tugattar.
M. Créd is maith dúin nó chongnus linn chum bheith genmnaidhe?
D. Urnaighthe, sacraminte, neimhdhíomhaoinius, comhluadur maith.
M. Créd an ní do ní dochur dúin?
D. Mímhesardhacht, agus radharc, agus comhluadur mailísech.



DO CHÉILL IN .7. AITHNE.



M. Cia choimhédus in sechtmhadh aithne?
D. An té nach glacann, nach congbhann, nach iarann cuid duine oile a
n-aghaidh a thoile.
M. Cia hs<sh>áruighius an aithni so?
D. Gidh bé do ní énghné dochair do dhuine oile nó bhias 'na chúis ag duine
oile chum a dhénta.


L. 180


M. Agus nach lór don tí do ní goid nó dochur do dhuine a fhaoiside do dhénamh
idir na pecuighibh?
D. Ní lór gan díol ar son ar mhill sé, an ní is lugha dhe in mhéitt atá ar
<a> chomhachtaibh, agus an té leis nach éidir sin do dhénamh dénadh in duine
sin a dhíthchell.



DO CHÉILL IN OCHTMHADH AITHNI.



M. Cia choimhlíonus in t-ochtmhadh aithne?
D. An té nach beirend breith ar olc duine go héttrom, agus nach labhrann
agus nach éisdend gan chrích mhaith.
M. Cia hs<sh>áruighius an aithne si?
D. An té do bheir míchlú duine amach a n-aghaidh chirt, nó nochtus rún duine
oile, nó do ní brég.
M. An bfhéttoim gan phecadh brég do dhénamh a n-énchás do chum críchi maithi
do thecht di?
D. Ní héidir. Gidh eadh is éidir in fhírinne do cheilt dá léigen ort nach dá
ceilt atá tú.



DO CHÉILD AN NAOMHADH AITHNE AGUS AN DECHMHADH AITHNE.



M. Créd thoirmmiusccas in naomhadh agus in dechmhadh aithni?
D. Saint na colla agus in tsaidhbhris.
M. In pecadh dam mian do bheith orm duine oili dho hs<sh>árughadh a saidhbhris ó
shlighidh mhaith?
D. Ní hedh, ar in adhbhur nach toirmmiuscthar acht saint aindlighthech nó
mhíriaghalta.
M. Créd fá <d>toirmius<c>thar ó aithni specialta saint na colla agus an
tsaidhbhrisa?
D. Ar son a beith do-iomchuir guasachtach.



D'AITHENTOIBH OILE.



M. Cia híad na haithenta do mhúin dlighedh na nádúra dhúin?
D. Gach ní budh maith linn do thecmháil dúin féin a dhénamh agus a ordughadh
dár ccomharsain, agus an ní budh olc linn do thecmháil gan a dhénamh ná <a>
ordughadh dár <g>comharsain.


L. 181


M. An bhfuil ní is mó d'aithentaibh ann iná ndubhramair?
D. Atáid aithenta oili ann bhenus ré daoinibh d'áiridhe do réir a ndínite.
M. Cia dár chóir a <bh>fios do bheith aigi?
D. Do na daoinibh d'áiridhe ré mbenann siad.
M. Agus muna raibhi a bfhios aco, an ngabhann a n-ainbhfios a leithscél?
D. Ní ghabhann is na haithentaibh comhchoitchenna bhenus réna n-anóir.
M. Cía híat na neithe do bheir congnamh dúin chom na n-aithenta do
choimhétt?
D. Urnaighthe ghnáth, agus caint, agus lephair dhiadha, agus comhluadur
maith.
M. Cia na neithe mhíchongnus linn chum coimhéda na n-aithnedh?
D. Drochcúisionna, drochghnáthughadh, agus begán crábhaidh, agus andóchus.



AITHENTA NA hEGLUISI .I. CÚIG.



An chédaithne "aifrionn co hiomlán d'éisdecht gacha Domhnaigh agus in gach
fésda chongmhus an Egluis". An dara haithne "faóisidein an ní is lugha dhe
énuair sa mbliadhain, nó ní as mionca dá raibhe duine a nguasacht bháis nó
do chum comaoinech do chaithemh". An .3. aithne "comaoin do ghlacadh <an> ní
as lugha dhe uair sa bhliadhain agus sin fá Cháisg ocht lá roimpe nó 'na
diaigh". An cethramhadh aithni "trosgadh do dhénamh an úair aithnighis ar
naomMáthair Ecluisi dhín é". An .v. aithne "dechmhadh agus prímhidedha do
dhíl".



DO THUICSIN NA nAITHNEDH.



M. Créd adubhramur anois?
D. Aithenta na hEgluisi.
M. Créd dá bhfoghnann aithenta na hEgluisi?
D. Do mhíniughadh ar na haithentaibh diadha.
M. Créd dá ngoirend tú an Egluis?


L. 182


D. Comhchruinniughadh na cCríostaighthe ar na bhfollamhnughadh ó Chríost
agus ón<a> Bhiocáire .i. an Pápa.
M. Cia hé in Pápa?
D. Esbac na Rómha agá bhfuil d'fhiachaibh ar gach uile Chríostaidhe umhla do
thabhairt dó.
M. Ar in cédaithni do thaobh in aifrind d'éistecht, créd hé an ní in
t-aifrionn?
D. Sacrifis do níther do Chríost, agus taisbénadh ar a bhás agus ar a
bhethaidh.
M. Cía dá ndéntar in tsacrifis diadha so?
D. Don Athair shírraidhe.
M. Créd é in t-adhbhur?
D. Ar trí hadhbharuibh. Do bhreith bhuidhechuis fris, do dhénamh
lórghníomha, agus d'iarraidh a thidhluicthe.
M. Cia dá <d>téid in t-aifrionn a ttarbha?
D. Dúine, na daóine beó, agus do mharbhuibh Purgadóra.
M. Cia dhíbh so go háiridhthi is mó dá <d>téitt in t-aifrionn a <d>tarbha?
D. Don lucht ar son a n-aparthar iatt agus éisdes friú agus bhís gá rádh.
M. Cia choimhédus aithne éisdechta in aifrinn go hiomlán?
D. In té éistius go hiomlán agus nach tugann aire dá thoil féin ná dho ní
oili acht dó féin.
M. Cia atá saór óna éistecht?
D. An té agá bhfuil toirmiosc fírindech dá thoirmiuscc uime dhol d'éistecht
fris.



AN DARA hAITHNI AGUS IN TREAS AITHNI.



M. Créd fá n-abair tú an ní is lugha dhe faoiside do dhénamh agus commaoin
do chaithemh énuair san mbliadhain?
D. Ar an adhbhor nach fuil d'fhiachaibh oruinn ó aithni dol do chom
comaoinech ná faoisidnech ní sa mhinca ná énuair sa mbliadhain.
M. An bhfuil d'fhiachaibh oruinn ó chomhairli dol chuca ní is minca ná
énuair sa bliadhain?


L. 183


D. Atá. Gach uair dhá <d>tiobhra ar n-athair deiscréidech faoisidnech, agá
mbía ar n-eólus go maith, do chomhairli dhúin.



AN .4. AITHNI.



M. Créd chuirius aithne in troisge d'fhiachaibh oruinn?
D. Cuiridh trosgadh énchinn, agus biadh toirmiscthe do shechna.
M. Cia hí an uair is cóir biadh do chaithemh?
D. A methón laé nó beccán roimhe nó do réir gnáthaighe na ríoghachta.
M. In <d>toirmmescthar deoch d'ól lá in troisce?
D. Ní toirmisgthe gach uair sa ló dá mbia tart ar dhuine.
M. Créd hí an mhéitt is cóir do bheith a gcolasión na hoidhche?
D. Bídh an mhéitt as a bhfédfam a rádh nach mó énuair sa ló aduadhmur
biadh.
M. Cia hiat na persana atá saór ar in trosgadh?
D. Na daóine nach ráinic bliadhain agus fichi d'aóis.
M. Cia hoile ar in taobh amuigh díbh sin?
D. Na daóine nach féttand go socamhlach ó aóis agus ó esláinte, nó ó
riachtanus nó ó hs<sh>aothar.



AN CÚIGETH AITHNE.



M. Créd íatt na toirthe as a bhfuil dechmhadh d'fhiachaibh oruinn?
D. Do réir an ghnáthaighe bhias ar a ghabháil san esbaccóidecht a mbía tú.
M. An cóir dúin an ní is ferr do thabhairt don dechmhadh?
D. An ní is lugha dhe ní hí an chuid is messa is cóir do thabhairt sa
dechmhadh, ós é Dia thucc dúin a bhfuil agoinn uile.



NA SACRAMEINTE.
Atáitt secht sacraminte ac ar naomMáthair Eguilsi, agus atáitt na cúic
cédshacraminte do riachtanus a less ar gach


L. 184


aon ó ghníomh agus ó thoil, agus ní héidir aonduine do shlánughadh gan íatt
dá léiccfe thairis lé tarcuisni íatt. Ní fhoil in dá shacramint oili
d'fhiachaibh acht ar an té lénab áil. An chédshacramint in baisdedh. An dara
sacramint dol fá láimh esbaig. An .3. sacramint aithrighe. An .4. sacramint
commaóin. An .v. sacramint an t-ongadh déighenach. An .6. sacramint na
grádha coisreacctha. An .7. sacramint in pósadh.



DO CHÉILL NA SACRAMINT.



M. Créd adubhramair anois?
D. Na sacraminte.
M. Cia do ordaigh íad?
D. Críost féin.
M. Crétt iat na neithe na sacraminte?
D. Leighius spiridálta fhírénuighius agus shlánuighius sinn.
M. Créd é an modh ar a ndénuid síatt fírén sinn?
D. Ag tabhairt ghrás inmhedhónach dúin trítt chomharrthaibh forimellacha.
M. Cionnus fhédus na comharthadha foirimellacha grása do thabhairt dúin?
D. Trítt luaidhecht Chríost atá ar na cor ionnta.



DON BHAISDEDH.



M. Créd é an ní an baisdedh?
D. Geinemhain spiritálta a <d>tugthar grása dhúin agus armus nó comhartha
Críostaidhe.
M. Créd í an chobhair do bheir in baisdedh dúin chum betha an Chríostaidhe?
D. Na subháilche atá do riachtanus oruinn.
M. Cia híatt na pecuigh bhenus sé dhín?
D. Pecadh an tsinsir agus gach pecadh oile dá bhfaghann oruinn.



DON DOL FÁ LÁIMH ESBAIG.



M. Créd é an ní dol fá láimh esbaig?
D. Méttughadh spiritálta ar na grásaibh tug in baisdedh dúin.


L. 185


M. Cionnus do bherthar in méttachadh so dhúin?
D. Ag tabhairt ghrás agus nirt dúin do chum in chreidimh Chríostaidhe
dh'admháil.



DON AITHRIGHE.



M. Créd í an aithrighe?
D. Leighius spiritálta ar in bpecadh do níther d'éis bhaisdighe.
M. Créd í an mhaith thig dúin as in aithrighe?
D. Grása trítt a maitter dúin na pecaidh do chuaidh thoruinn agus léna
ccoimhétor sinn ó na pecuighibh atá ag techt.
M. Gá mhétt rand atá san aithricche?
D. A trí, .i. aithreachus agus faoiside agus lórghníomh.
M. Créd dá ngoirend tú aithreachus?
D. Doilghis is mó iná gach doilghius fá dhiomdha Dhé do thuillemh maille ré
hinntinn faoisidnech agus lesuighthe.
M. Agus nach maith congnamh do thabhairt dár ndoilghius ag smuainedh ar
fpéin ifirn?
D. Is maith, a mhaighisdir, agus go háirighthi ar tús.
M. Créd chuirius aithni fhaoisidnech na bpecadh d'fhiachaibh oruinn?
D. Smuainedh ar na pecuighibh ó thús agus 'na dhiaigh sin a rádha go hiomlán
gan cheilt aoinphecuigh mharbhtha ar a gcuimhneóchum.
M. Agus an cuma dhúin cia hé an sagart dá n-inneósam íatt?
D. Ní cuma, acht a n-innisin don tsagart agá mbía cumhachta bhus lór ré
hesbulóid do thabhairt dúin.
M. Créd hé in lórghníomh?
D. An phían dlighthech atá oruinn ar son ar bpecuigh do dhíol lé
oibrighthibh na haithricche.
M. Nach lór dúin píanta Chríost ar son ar bpecadh mar dhíol?
D. Do budh lór dúin; tar a chend sin as mó iarthur oruinn sinn féin do dhíl
ar ar son.
M. Cia hiatt oibrecha in lórghnímha?
D. Urnaighthe, déirc, agus trosccadh.


L. 186


DON CHOMMAOIN ANN SO.



M. Créd hé an ní comaóin?
D. Biadh spiritálta choimhétus an t-anam agus do bheir betha shuthain dó.
M. Créd do bherthar dúin sa mbiadh dhiadha so?
D. Críst féin, Dia agus duine fíre, go hiomlán.
M. Ciondus, ina ccomhartha amháin nó a bfhioghuir?
D. Ní hedh, a mhaighistir, acht 'na shubstaint rígha fírinnigh féin.
M. Nach bín substaint an aráin agus an fhíona sa tsacramint?
D. Ní fhuil acht na haicídedha abháin.
M. Másedh gá ngabhann in t-arán 'sa<n> fíon?
D. Iompóidhter íatt a ccorp agus a bhfuil Chríost.
M. Másedh créd na cumhachta lé ndéntar sin?
D. Lé cumhachtoibh Dé ar na <d>tabhairt do na sagartaibh.
M. Créd é an t-adhbhur fá gcaithid na tuatadha comaóin a ngné aráin amháin?
D. Ar an adhbhor go mbíon Críost go hiomlán is in ngné sin agus in gach rann
di.
M. Créd é in modh ar a cóir dúin techt do chum commaoinech do chaithemh?
D. Ar cédlongadh agus <ar bh>faoisidein gach pecaidh ar
a gcuimhneócham.
M. Créd is cóir dúin do smuainedh roimh chommaóin?
D. A smuainedh cía atá ag techt chugoinn sa commaoin, cía chum a <d>tig,
cionnus tig, créd í an chríoch.
M. Créd chum ar ordaigh an Tigherna a chommór agus a chomhárd so do
shacramint?
D. d'anórughadh na ndaóine, do chor fhiach orrtha, agus do thabhairt
shaidhbhriosa dhóibh.
M. Créd is cóir dúin do dhénamh a ndiaigh commaoinech do chaithemh?
<D.> Buidhechus do thabhairt do Dhía co tromdha, agus ar <d>tabhairt dá
sheirbhís go humhal mur lucht fhiach romhór.


L. 187


DON ONGADH DÉIGHINACH.



M. Créd é in t-ongadh déighenach?
D. Faoithiughadh déighenach spiritálta an anmo.
M. Créd í an mhaith tig dhe?
D. Glanaidh sé fuighle an phecaidh anus agoinn ó ainbfhios agus ó
mhaidnechtuighi.
M. Créd fá ccoimhétor in t-ongadh déighenach do chum deiridh?
D. Do chum sinne do réidhiughadh chum na críchi déighenaighe.



ORD COISRECTHA AGUS PÓSTA.



M. Créd oibrighid na grádha coisreactha?
D. Oibrighid grása do lucht a ngabhála do chum a n-oifice do dhénamh go
maith.
M. Créd oibrighius sacramint an phósta?
D. Do bheir sé grása don lánamhuin phósta chum a mbethadh do bheith go maith
isin bpósadh.



DON LOGHADH.



M. An bhfuil cobhair oile dhúin san Egluis taobh amuigh do na sacramintibh?
D. Atá; ethón na loghtha.
M. Créd é an ní an loghadh?
D. Maithmhechus is na fíachaibh dlighther dín ar son ar bpecadh.
M. Créd í an bhrígh 'na dtugthar dúin íatt.
D. d'óirchiste na <b>pian d'fhuluing Críost agus <a> esbail et a naoimh.
M. Cionnus is éidir dúin toradh na loghadh do ghnóachadh?
D. In tráth bhiam gan phecadh marbhtha agus choimheóllmuíd gach ní fhóigérus
bulla in Phápa dhúin.


L. 188


OIBRECHO NA TRÓCAIRI.



Atáitt ceithri hoibrecha décc ag an trócoire, a secht spiritálta agus seacht
temporálta. Ag so in secht spiritálta Ainbfhisach do thecasg. Pecoigh do
chertughadh. Comhairli mhaith do thabhairt don té do bheith 'na riachtanus.
Sólás do thabhairt d'fhir dhobróin. An égóir do dhéntaói ort d'fhulung go
foighidnech. Maithmhechus do thabhairt sa diomdha do thuillfidhe úait.
Guidhe ar bheóaibh agus ar mharbhuibh agus ar son luchta ar bhfoilenamhna
agus ar n-inghremtha.



NA hOIPREACHA TEMPORÁLTA.



Biadh don ocrach. Deoch d'fher in tarta. Leapaidh d'fher tsiobhail na
slighedh ar a mbía ríachtanus. Édach do nocht. Cuairt ag lucht esláinte agus
ag príosúnchaibh. Prísúnaigh d'fhúasgladh. Mairbh d'adhnacol.



DO THRÁCHTADH AR OIBRIGHIBH NA TRÓCOIRE.



M. Créd adubhramur anois?
D. Oibrecha na trócoire.
M. Créd fá n-ainmnighther ón trócaire iad?
D. Ar an adhbhor nach fuilit síatt d'fhíachaibh oruinn ó chert.
M. Cía hí an uair atáitt síatt d'fhiachoibh oruinn ó aithni?
D. A n-uair in bhreithemhnuis mhóir do bhreithemhnus duini dheisccréidigh.
M. Cia do na hoibrechuibh úd is mó luaidhiocht?
D. Na hoibrecha spiritálta ar son na maithiusa is mó do bheir s<i>ad uatha.
M. Agus <créd í> an uair is mó in riachtanus a les ris na hoibrighibh
temporálta?
D. An uair atá in ríachtanus romhór riú atáitt cengailte chum a ndénta in
úair sin.


L. 189


DO NAIMHDIBH AN ANMA.



Atáid trí hesccaruid ag in anum. An chédesccara in demhan. An dara in
saoghal. An treas an cholunn.



DO THRÁCHTADH ORRTHA SO.



M. Créd fá ngoirend tú esccaruid an anma dhíbh so - mur go bfhédann siatt in
t-anam do choimhéiccniughadh do chum pecaidh do dhénamh?
D. Ní headh, a mhaighistir. Gidh edh fédaid a chlaonadh maille ré
cathughadh.
M. Créd fá bhfuilngenn Día an cathughadh?
D. Do chum ar nderbhtha agus do mhédughadh ar ccoróine.
M. Cionnus chuirius an demhan cathughadh oruinn?
D. Ag cor drochsmuaintighthe in ar n-inntinnibh astech agus ag cor
toirmiuscc oruinn don taoph amuigh.
M. Créd hé in leighius atá agoinn ar na drochsmuaintighthibh?
D. Na deghsmuaintighthi, an chroch chésda, agus in t-uisge coisreacctha.
M. Créd is leighius do na drochcúisionnuibh bhís dár mbúain do chum an
phecaidh?
D. Leighius is ferr ar domhan orrtha a sechna.
M. In uair nach éidir sin?
D. Bheith ullamh rempa ó urnaighthe, agus ó chomhoirli, agus ó rémhfhéchain.
M. Ciondus chuirius in saoghal cathughadh oruinn?
D. Ag tabhoirt bhriathur agus ghnóaighthe saoghalta chuccoinn.
M. Créd hé a leighius sin?
D. Dlighedh Dé agus lorg na naomh do lenmhain.
M. Ciondus chuirius an choland cathughadh oruinn?
D. Mailli ré claonadh do chum gach uilc agus drochghluasachta.
M. Créd dá ngoirend tú drochghluasachta?
D. Cathughadh agus buaidhirt inmhedhónach dhallus sinn.
M. Cia hiatt sin?


L. 190


D. Grádh, fuath, fodhord, imreasan, andánacht, metacht, dóchus, édóchus,
forbfháilte, toirsi, ferg.
M. Créd is leighius a n-aghaidh na gluasachta?
D. Grása Dé agus na subháilce.



DO NA PECUIDHIBH MARBHTHA.



Atáitt secht bpecaidh mharbhtha and. An cédphecadh in díomus. In dara pecadh
in tsaínt. In treas pecadh in drúis. In .4. pecadh in fherg. In .v. pecadh
in craos. In .6. pecadh in tnúth. In .7. pecadh in leisge.



DO NA SUBHÁILCHIBH ATÁ CONTRÁRDHA DHÓIBH SO.



Inísle nó umhla a n-aghaidh in díomuis. Fairsinge nó
féile a n-aghaidh na saínte. Genmnuighecht a n-aghaidh na drúisi.
Foighide a n-aghaidh na feirge. Mesardhacht a n-aghaidh in chraois. Grádh a
n-aghaidh in tnúth. Friochnamh nó ésccoidhecht a n-aghaidh na leisce.



Maitter ar naói modhaibh in pecadh solaghthach dúin. An cédmhodh tré
chommaoin do chaithemh. In dara modh tré éisdecht aiffrinn. In treas modh
tré éisdecht bhréithre Dé. An cethramhadh tré bhendúghadh esbail. In .v.
tré rádh na Paidre. In seisedh tré fhaoisidin ngeinerálta. In sechtmhadh tré
uisce coisreaccdha. In t-ochtmhadh tré arán mbenduighthe. In naommhadh tré
bhualadh ochta.



DO THRÁCHTADH AR NA PECCAIDHIBH ET AR NA SUBHÁILCHIBH.



M. Créd adubhramar anois?
D. Na pecaidh agus na supháilche.
M. Gá mhéd gné atá do na pecaidhibh ann?
D. A trí .i. pecadh an tsinnsir, pecadh marbhtha, pecadh soluighthech.


L. 191


M. Créd é an ní pecadh in tsínnsir?
D. Pecadh a ngeinter sinn, atá an' oighreacht agoinn ó Ádhamh agus ó
Ébha.
M. Créd hé an ní an pecadh marbhtha?
D. Smúaintighthi, briathar, nó gníomh a n-aghaidh dlighidh Dhé, nó a léigin
dín gan chomhall.
M. Créd hé in t-olc do ní an pecadh marbhtha don anam?
D. Olc romhór ar an adhbhur marbhaidh sé agus damnaidh do chum ifirn é.
M. Cionnus mharbhus sé hé?
D. Ag buain ghrádha Dé is betha dhó dhe.
M. Créd is leighius don phecadh?
D. In aithrighe fhírinnech.
M. Créd hé in pecadh soloighthech?
D. Pecadh nach marbhann in t-anam agus laguighius hé.
M. Ciondus laguighius sé hé?
D. Ar in adhbhur go mbogann agus go gcorruighend sé é chum pecaidh
mharbhtha.
M. Créd fá ngairther pecadh soloighthech dhe?
D. Ar an adhbhor go ndéntar agus go maitter go hurus é.
M. Gá mhéd modh ar a maitter hé?
D. Ar na naói modhuibh adubhramair roimhe.
M. Créd fá ngoirend tú na secht bpecaidh úd marbhthach?
D. Ar in adhbhor gorab íatt is cend do mhórán pecadh oili.
M. In bhfuil gach uile shaint agus dímus 'na phecadh mharbhtha?
D. Ní fhuilid.
M. Másedh cía acco atá marbhthach?
D. In mhéitt atá dhíbh a n-aghaidh grádha Dé agus na ccomharsan.
M. Gá huair atáitt síatt a n-aghaidh grádha Dé?
D. In uair bhrister trítha aithne éigin dh'aithentaibh Dé nó na hEgluisi.
M. Créd hé an ní in dímus?
<D.> Fonn mí-órduighthe do chum bheith ós cionn cháich.


L. 192


M. Créd dá ngoirend tú umhlacht?
D. Claonadh cóir do chum becáin mhesa do bheith ag duine ar féin.
M. Créd dá ngoirend tú saint?
D. Fonn mí-ordaighthe a saidhbhrios.
M. Créd hé an ní bronntanus nó féili?
D. Claonadh do chum tidhluicthe 'na n-uair féin agus mur is cóir.
M. Créd dá ngoirend tú drúis?
D. Fonn truaillighi do chum na colluighechta.
M. Créd is genmnaidhecht ann?
D. Claonadh do chum gloine.
M. Créd is ferg ann?
D. Fonn mí-órdaighthe do chum díghaltuis.
M. Créd is cendsuighecht and?
D. Mesardhacht ar in bhfeirg sin.
M. Créd is foighidni ann?
D. Tuirsi mhesardha in ar ndocamhlaibh.
M. Créd is craos ann?
D. Fonn mí-mhesardha chum bídh agus dighe.
M. Créd is mesardhacht and?
D. Srian do chor ris an bhfonn so.
M. Créd hé an ní an tnúth?
D. Toirsi fá mhaith do chomhursan.
M. Créd hé an ní grádh na ccomharsan?
D. Sólás do bheith oruinn fá mhaith na gcomharsan mur do bheith fá ar maith
féin, agus dólás fá olc ar gcomhursan mur do bheith fá ar n-olc féin.
M. Créd is leiscce ann?
D. Toirsi agus nemhfhonn fá neithibh diadha.
M. Créd hé an ní an friochnamh nó an éscuidhecht?
D. Deithbhir agus sólás chum gach ní dhíobh so do dhénamh.



DO NA SUBHÁILCHIBH DIADHA.



Atáitt a trí dhíbh ann. In chédshubháilchi in creidemh. In dara subháilchi
in dóchus. In treas an grádh.


L. 193


DO THRÁCHTADH AR NA SUBHÁILCHIBH.



M. Créd adubhramoir anois?
D. Na subháilchi diadha.
M. Créd dá ngoirend <tú> na subháilchi diadha?
D. Goirim do na subháilchibh tic ó Dhia.
M. Créd fá bhfuil a chomhártt so d'ainm acca?
D. Ar in adhbhur go gcenglann síed sin<n> ré Día, agus gurab é amháin
dhoirtius ionnuinn íatt.
M. Créd is creidimh ann?
D. Solus lé gcreidmítt gan fhaigsin an ní adeir Dia agus chuirius an Eccluis
romhuinn.
M. In bhfaicend tú mur atá Dia 'na thriúr agus 'na aón, nó mur tá Críost
'na Dhía agus 'na dhuine?
D. Ní fhaicem. Másedh creidim ní is daingne iná bhfaicend é.
M. Créd fá gcreidend tú comhdherbhtha agus sin?
D. Ar in adhbhor co ndubhairt Dia é agus go gcuirend an Egluis remhuinn é.
M. Créd é an ní an dóchus?
D. Dóigh do bheith aguinn ann sa mbethaidh shuthain agus ann sna slighthibh
a bfhaghur í.
M. Créd hé an ní ina bhfuil an bhetha shuthain?
D. Ina beith ag feithemh Dé ann féin, agus dá ghrádhughadh, agus ag sólás
ann go síorraidhe.
M. Créd iatt na slighthe lé bhfaghthur sin?
D. Lé grásaibh Dé, agus lé luaidhecht Chriost, agus lé ar ndeghoibrighthibh
féin.
M. Créd hé an ní an grádh?
D. Dia do ghrádhughadh ós cionn na n-uili agus ar <g>comhursa mur sinn féin.



<CEITHRE SUBHÁILCHE MÓRÁLTACHA.>
Atáitt ceithri subháilchi móráltacha ann is táirsecha do mhórán subháilche
oile. In chédshubháilche in gliocus.


L. 194


In dara subháilchi an cert. In treas subháilche in nert. In cethramhadh in
mhesardhacht.



DO THRÁCHTADH AR NA SUBHÁILCHIBH.



M. Créd fá n-ainmnighend tú na subháilchi-si ó thairsigh?
D. Ar in adhbhur go bhfuil síatt co prinnsipálta agus 'na bhfrémhoibh ag na
subháilchibh oile.
M. Créd í oifig in ghliocuis?
D. Medhón idir dhá leithimell do chonngbháil.
M. Créd í oificc an chirt?
D. Mesardhacht do chor is na daoinibh meta agus andána.
M. Créd í oific na mesardhachta?
D. Srían do chor ris an gcraós agus ris na mianaibh collaidhi.
M. Cia do na subháilchibh is mó?
D. In grádh lé <d>tabharthur bríogh nó betha dá gach aon tsubháilche agus
tréna <d>treóruighther íatt.
M. Créd hí an chrích chum a dtreóruighenn sé íatt?
D. Do chum Dé ré gcenglann sé sinn.
M. Cia do na daoinibh is ferr agus is mó agus is naomhtha a bfhiadhnuise
Dé?
D. In duine bhus mó grádh Dé, gidh bé ar bith é.
M. Agus cia is mó grádh Dé?
D. An té is ferr chongbhus aithenta Dé.
M. Cia hiatt comhairledha in tsoisccéil?
D. Trí comhairledha .i. bochtaine tholtanach, sdaid ghenmnuighechta, betha
na humhluchta.
M. Créd dá bhfoghnaid na comhairledha so?
D. Do chum go madh feirde do coimhédfaidhi aithenta Dé íatt.



<DO THRÍ CUMHACHTAIBH AN ANMA.>
Atáitt trí chumhachta ag anam. An chédchumhacht<a> in tuicsi. In dara
cumhachta in mhebhair. In treas cumhachta in toil.


L. 195


M. Créd fá <d>tug Día in tuicsi dúin?
D. Do chum aithni do bheith agoinn ar neithibh Dé go smuainmís orra.
M. Créd fá <d>tugadh in mhebhair dúin?
D. Do chum cuimhnighthe ar dhlighthibh agus ar thiodhluicibh Dé.
M. Créd fá <d>tugadh an toil agus an breithemhnus saor dúin?
D. Do chum Dé do ghrádhughadh agus a thoil do dhénamh maille ré luaidhecht.



<CÚIG CÉDFADHA CORPARDHA.>
Atáitt .5. cédfadho corpadha ann. An chédchédfadh radharc na súl. In dara
cédfadh éistecht na gclúas. In treas blaisecht a<n> bheóil. In cethramhadh
boltanus na srón. In cúigedh mothughadh nó glacadh na lámh.
M. Créd asa <d>tug Día na cédfadha corpurdha dhúin agus na boill ó shin
amach?
D. Do chum go ndénmaois leó so uili seirbhís Dé in gach uili ní.



<SECHT dTIODHLUICTHE AN SPIRIT NAOIMH.>



Atáitt secht <d>tiodhluicthe ag in Spirit Noemh. In cédtiodhlacadh an eccna.
In dara tiodhlacadh in tuicsi. In treas tiodhlacadh in chomhairli. In
cethramhadh in nert. An cúicedh in t-eólus. In seisedh in trócaire. In
sechtmhadh ecla in Tigherna.



DO THRÁCHTADH AR THIODHLUICTHIBH IN SPIRITA NAOIMH.



M. Créd adubhramair anois?
D. Tiodhluicthe in Spirita Naóimh.
M. Créd dá bhfognaid tiodhluicthe in Spirita Naoimh?


L. 196


D. Do chum ar ndénamh umhal do ghluasachta diadha.
M. Créd in tarbha a ttéitt tiodhluicthe na tuicsi.
D. Do bheir sé oruinne fírinne do thuicsin.
M. Créd do ní tiodhlacadh na hegna dúin?
D. Cuiridh sé d'fhiachaibh oruinn breithemhnus maith do bhreith orrtha sin.
M. Agus tiodhlacadh na comhairli?
D. Do chomhairli do dhénamh ar na neithibh dárab buidhech Dia.
M. Agus tiodhlacadh in eóluis?
D. Rogha mhaith do bhreith ar na neithibh ar a ndénmaois comhairli.
M. Agus tiodhlacadh na trócaire?
D. Do ní sé connradh idir anam agus Día.
M. Agus tiodhlaicthe an nirt agus na hegla?
D. Cengluitt in t-anam friú féin.
M. Nach íatt so uili oifige na subháilchi?
D. Treóruighid na subháilchi sinn do chum résúin agus dlighidh Dhé.
Treóruighid na tidhluicthe sinn do chum gluasachta in Spirit Naoimh.



<DÁ THORADH DÉCC IN SPIRIT NAOIMH.>



Atáitt dá thoradh décc ag in Spirit Naomh. An cédtoradh in grádh. In dara
toradh an tsíodhcháin. An treas toradh an bhuaine inntinne. An cethramhadh
in búidhechus. An cúigedh in creidemh. An seisedh srian ris na hantolaibh.
An sechtmhadh forbfháiltechus. An t-ochtmhadh foighidni. An naomhadh maith.
An .x. cennsuighiocht. An t-aonmhadh .x. ciúnus. A dó .x. genmnuidhecht.



<NA hOCHT mBENNUIGHTHE.>



Atáitt .8. mbennuighthi ann. As benduighthe na boicht ó spirit ar an adhbhar
gurad leó ríoghacht flaithius Dé. Is benduighthe na daóine míni ar in
adhbhar go


L. 197


mbía selbh na talmhan acco. Is benduighthi lucht an dobróin ar in
adhbhar go <d>tiobharthar comhfhortacht nó sólás dóibh. Is benduighthe na
daoini ar a bhfuil ocrus agus tart an chirt ar in adhbhur go bfhuighid a
sásadh. Is bennaighthe lucht na trócaire ar in adhbhor go bhfuighid
trócaire do ghénamh orrtha. Is bennaighthe na daoine atá glan ó
chroidhe ar in adhbhor go bhfuighid Día. Is bennaighthe na daóine
síodhchánta ar in adhbhar go ngoirther clann Dé dhíbh. Is bennaighthe na
daóine fhuilngius inghreim nó folenmhain ar son in chirt ar an adhbhor gurab
leó flaitheamhnus Dé.
M. Créd adubhramair anois?
D. Na hocht mben<n>uighthe.
M. Créd iatt na neithi na ben<n>uighthe?
D. Na hoibrecha is ferr do na subháilchibh agus do thiodhluicthibh in Spirit
Naoimh.
M. Créd dá ngoirther na boicht ó spirit?
D. Na daóine nach iarrann anóir ná saidhbhris bec ná mór.
M. Cia hiatt na daóini míni?
D. Na daoini nach fuil ferg ná gluasacht na feirge amháin ionnta.
M. Cionnus tselbhuighid so in talamh?
D. Tré bheith dhóibh 'na <d>tigherna orrtha féin.
M. Cia hiatt lucht in dobróin?
D. Na daóine fhágbhus 'na ndiaigh ó thoil aoibhnius bec nó mór an tsaoghail.
M. Cía ara bhfuil ocrus in chirt?
D. Na daóine do ní ó dhúthracht gach uile ní atá d'fhiachaibh orrtha.
M. Cia hiatt na daóine trócairecha?
D. Na daoini agá bhfuil truaidhe dá gach aón agus don choicrích féin.
M. Cía atá glan ó chridhe?
D. Na daóine mharbhus gach uile antoil dá mbí ionnta.
M. Cia hiatt na daoini síodhchánta?
D. Na daóini chuirius síth ionnta féin agus a gcách oile.
M. Cia híatt fhuilngius inghreim ar son in chirt?


L. 198


D. Na daóini atá daingen sa chert dá mhétt folenmhain dá ndéntor orra.
M. Créd fá ngoirther bennaighthe do na hoibrighthibh sin.
D. Ar an adhbhor gurab ionnta atá ben<n>acht na betha a bhus agus dóchus
bendacht na betha thall.



<MAR IS CÓIR DON CHRÍOSTAIDHE DO DHÉNAMH GACHA MAIDNE.>



Acc so mur is cóir don Chríostaidhe do dhénamh gacha maidni. Buidhechus do
thabhairt do Dhía ar son a choimhéda san oidhche do chuaidh tairis agus ar
son gach tiodhluicthe oili dá bfhuair uaidh, agus a chorp agus a anam do
thabhairt mur offráil dá Thigherna, agus grása d'iarraidh air do chum gach
neith dá ndiongna sé in lá sin do dhol a nglóir dá Thigherna. A Phaidir, a
Avé María, A Chré, a Shalvé Regína, a Chonfiteór, agus urnuighthi oili do
rádha, agus aiffrinn d'éistecht ó dhúthracht.



<MODH COIMHÉDA AN CHOGÚIS GHLOIN.>



Ag so modh coimhétta in chogúis ghloin gacha hoidhchi. Buidhechus do
thabhairt do Dhía roimh dhol do chodladh ar son a bhfuaruis do
thiodhluicthibh uaidhe, agus go háiridhe ar son a bhfuaruis uaidhe an lá
sin. Smuain<edh> ar na pecuidhibh do rinde tú in lá soin agus aithrechus do
bheith ort fána ndénamh maille réna chor romhatt a bhfaoisidin san aimsir is
cóir. Maithmhechus d'íaraidh ar do Thigherna ar son t'uili phecadh maille
réna chor remhat go daingen gan phecadh do dhénamh as sin súas.



F.I.N.I.S.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services