Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filíocht den tSeachtú hAois Déag

Title
Filíocht den tSeachtú hAois Déag
Compiler/Editor
Mhac an tSaoi, Máire
Composition Date
1651
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1950)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Dursan do chás, a chríoch Bhreagh,
ní hiongnadh gé mór h'imneadh;
adhbhal truime do thuirsi,
uille h'adhbhar aguibh-si.


L. 144


Baintreabhach bhocht is tréith treóir
sibh nó dílleachta deireóil;
a thaidhbhsi nach mór cairde,
lór le haimsir h'easgcairde.



Céile caomh agaibh ní mhair,
tighearna, triath nó bráthair;
sluagh measga a mair da bhur ccloinn,
teasda bhar ccuaine cumoinn.



Oilén na naomh romhainn treall
h'ainm bunaidh, a iath Éireann;
acht daoibh, a dhealbh na ccros seal,
anos cá sealbh nó sloinneadh?



An chlann ba dílios duibh-si
mór a n-easbhaidh oruibh-si,
na coiléin nár chlaon ód chuing,
a oiléin na naomh romhuinn.



Iomdha bearn ag eadráin h'uilc
dhíbh féin go ndearnsat iodhbuirt;
líonmhur dhaoibh dá dhearbhadh soin
laoidhe leachtain is leabhoir.



An fhoirionn ba fíorchlann duibh
ó theasdaidh uaibh - lór d'urbhuidh -
gnáth do-bheir do bhasdaird ort
caitheamh an chapoill iasocht.


L. 145


Caitheamh gan chosnamh re seal
oruibh atá, a Ghuirt Ghaoidheal;
lór méad do leatroim anois,
leaschlann an tréd ro charois.



Cuma leó-séin dá bhrígh soin
urchra ná áinios oruibh;
searc mheabhlach na meirdreach dhuibh
seal a meanman dá n-antoil.



Samhail seirce con do chnáimh
searc cáich aniugh dot' éadáil;
go deól smeara do sgoth slim
leó ní hanshocair h'inghrim.



Cuid dá bpógann - cruaidh in cás -
sibh ós aird mur ní Iúdás,
ar bhríb mbig is aithne dhamh
go mbraithfe sibh ós íseal.



Agaibh a reachtaibh cloinne
tarla madraidh asgaille
nach lamh gleic thall ar h'aghaidh
dot' reic sonn re Danaraibh.



Drong nach lean lorg na córa
leó ní cás coill h'onóra;
ní truagh leó damhna do dhér,
a Bhanbha na mbruagh mínréidh.


L. 146


Mur do dháil anois led chloinn,
do-chuala mé sgéal fábhoill;
a fhlaithis shaoir cliar is clog,
a aithris daoibh ní dearmod.



Tarla 'san Róimh roimhe so
dar leam lánamhain phósta,
'gá raibh dá mbaramhail féin
deichneabhar mac go móirsgéimh.



Ag dul d'ég don inghin fhinn
tiomnais dá sagart shailmbhinn,
don mhéid-sin gér chaomh a glac,
nach rug dá céile acht aonmhac.



Beanais Dia go prab iar sin
a labhra don mhnaoi mhéirghil,
gur éug sul do nocht a rún;
monuar géug na bhfolt bhfionnúr.



An sagart thrá mur ba cóir
nochtais do chách a ccédóir
udhacht na sduaighe gan ghó;
dubhach cuaine dá iargnó.



Níor bhfeas don fhear - anba an choir -
a mhac féin don chloinn choloigh;
's níorbh aithne go fóill dóibh féin
cia haithre dhóibh ná cinéil.


L. 147


A ndeóidh bháis a chéile cuirp
's a chloinne uaidh do mhalairt,
éguidh thoir fear mo chroidhe
do ghoimh éda is eólchoire.



Iom oighreacht a n-athar sonn
troidis go cruaidh an chonchlann;
don ghlaic thrá gach méar dá mheas
gurbh é féin an mac díleas.



Dá bhrígh sin eatarra féin
an chlann imriosnach aigmhéil,
toghuid do phléidáil a ccirt
breitheamh don tsénáid oirrdhirc.



Tógbhais an breitheamh iar soin
corp an athar a talmhuin,
is cuiris - cá cruaidhe cóir? -
roimh an ccuaine mur chosbóir.



Dáilis uaidh 'na dheaghaidh sin
balglán glaice do shaighdibh
dá gach fear don chloinn fo leith,
an breitheamh nár chan claoinbhreith.



"Cia bhus mó chuirfios fá chion
dá ghlaic san ccorp?" ar eision,
"is é dhá-ríribh dom rádh
is mac díleas don mharbhán."


L. 148


Crú croidhe don mharbhán bhocht
sgoruid re soighdibh géarnocht,
acht aonmhac nár fhaomh a ghoin,
do chaoi braona dá fhéchoin.



An mac beag ba bádhach dreach
mionnuighis fón Dia dhúileach
ar oidhreacht an bheatha bhrais
nach cailgfeadh choidhche an mharbhthais.



"Fíor sin," ar an breitheamh binn,
"súd th'athair, a mhic chúilfhinn;
tuilidhthe ro chailg an corp,
mairg don churighthe a mhallacht.



Dar leat féin beanaidh an sdair
libh anois, a chríoch Chobhthaigh;
"sé Pádraig an t-athair úd,
's as tú an mháthair anallúd.



An chlann úd do chlann anois,
dream nach carthannach ceannois;
an Pápa nó an Eaglais sonn
an breitheamh cráibhtheach comhthrom.



An corp fá cosbóir dhon chloinn
creideamh mic amhra Alproinn;
fógraidh aniúgh go nua sin
iar mbeith dhó san uaigh aimsir.


L. 149


Eóghan mac Airt nach airg cill
don chloinn aonmhac an Táilginn;
ar bhladh ar uamhan nó ar ghlóir
ní lamh tuargain an chusbóir.



Na ladrainn is leaschlann duid,
féch féin, a chreideamh Pádraig,
a dhoimhne chailgid do chneas
iom oidhreacht Bhanbha ag coimmeas.



Gus anois níor thuigios suim
an rainn do-rinneadh romhuinn:
Éire agus Eóghan Ó Néill
glac agus órdóg iaidséin.



Ní fhuil acht aonmhéar don ghlaic
dílios duit, a chríoch Chormaic;
acht amháin Eóghan Ó Néill
an chrág uile dot' aimhréir.



Beannacht ris an ghaisgeadh ghrinn
ó bhás ríghdhamhna Éireann;
bogha is glac an chogaidh chruaidh
Eóghan mac Airt go mórbhúaidh.



Ní fhaghaid Danair é ar mhír,
ní shén a thír ar bhirín,
ní thréig a dhaoine ara chuid,
é lé baoite ní bhréguid.


L. 150


Ní reac h'onóir, a Bheann Bhreagh;
ar bhríb níor chailg a chreideamh;
a mhóid ní thug thall ná 'bhos,
glór ní chan tara chumos.



Ní mur sin don chloinn chuil-si
ghonus corp na hEaguilsi;
madh clann do Phádraig an fhian,
meallta an Pápa 's a naoimhchliar.



Do shénsat Pádraig ar mhír,
ní feas dáibh an leó Cailbhín -
ní caraid dóibh cliara ceall,
fala leó ag fianuibh Éireann.



Má 'seadh mur an ccloinn eile
bíd gan athair d'áiridhe;
a mhairg a mbliadhna don droing
ag cailg riaghla mic Alphroinn.



Éifeacht an sgeóil-gá ttám dhe? -
dhíbh ní feas fear bhar bpáirte;
Dia ar th'fhurtacht, a bhuime Chuinn,
dursan truime do leatruim.



Dursan do chás a chríoch Bhreadh.


L. 153


B 1679ls 17D
'Sé an sgél-sa do threaghdghuin mo chraoidhe 'na lár
'S do-bheir m'fhéchain nach léir dhamh an aoidhch' tair lá,
Más féidir go sgaelfidhe do chlí gan tár
Dob éachtach ag treaghdadh na mílte a n-ár,



Do ba saere re héigsi 's le draoidhthe Fáil,
'S le tréithlucht ba féasda chum bídh do ghnáth;
Lé héigin dár éirigh san gcrích-si dháibh
Níor thréigis a ccaemhna ná a ndíon tair chách.



Do-bhéruinn fhéin, a Fhéidhlim, an bíobla lán,
Do shéadaibh an tshaeghail-si má righnis cás,
Acht a sgaeleadh mur is taesga no bhíodh 'do láimh
'S gan tú féin dá éise gan ní 'na thráth.



A chaemhuide spéirbhan is ríghmhacámh,
'Énchuisle bhaeghail na saermhac n-áigh,
A shaersheabhaic ghlébheirtigh shíodhbhrogha an Chláir,
'Ésga na laechradh 's a ghrís gan smál -



A dhér aille cléire na n-aoigheadh 's na ndámh,
A thréinfhir do shaethraigh aig Aoife a lán,
A fhaelchú nár fhéadsad do bhíodhbha 'chládh,
Mo lén-sa thú a ccréleabaidh chaoil dot shámh.



Tá éclips air ghréin is gach síon gan tlás
'S mar léigios an spéiruisge an díl air chách,
Is faelchoin aig glaedhghul a ndíthruibh fháis
Aig gérinnsi h'éaga, 'sní hiongnadh dháibh.


L. 154


Do thoil Dé is d'éntoil an Rígh-se tá,
Gan tú féin is tú a n-aeis do thríchad slán
'S an méid-sin tug éitheach ort air tí do bháis
Gud ghérghuin a n-éinfheacht is tú at aonarán -



Is lann fhaebhrach ad thrénghlaic nár shníomh a spáirn
Acht an chuid dá déadfhaebhraibh a cclí do bhearn,
Gath craesach gérrannach díreach bláith
Nach ttug créacht dárbh' fhéidir íce d'fhághail -



Mionn sgéithe brice craebhlitre air chlí do lámh,
Is daerchlogad réltsholus líneach árd,
Cót éididh fád chaeimhchnios do dhíleasphlát
D'fhadadh ré don té dá nach bíodh a ndán -



Air stéad ghasta chraesfhairsing ghníomhach árd
Rachadh léim air chéadaibh re bíogadh sál
Mur an Léith-sin na caemhChon do bhíodh san Táin,
Is tú féin dá gérsporadh síos a mblár.



Bheadh a bpéistcholla sgaelte fo chíocras bádhbh
Mur gach céile dar fhéch leat ariamh a n-ágh -
Uaisle Éireann air énchnoc, a laoich 's a mná,
Aig féchuin cé budh taesga dhíbh chum láir.



Cad dhénus na céada gan mhaoin 'na láimh
Do séideadh le daerbhruid ó a ttír air fán,
Nó an fhéile taoi dérach gan aoinfher gráidh
Dá héra ó gach éntuigh mur mhnaoi gan ágh?



Iomdha gérsgaite baeghlacha bríoghmhar báis
As ar théarnais mur nár saeliodh do thíocht go bráth,
Agus séala do bhéimionn, a laoich, go cnáimh,
Ó Bhéarra go hÉirne 's go ríghLoch nEách.


L. 155


Ní féidir go ndénuinn-si a ríomh go bráth,
Bhur ccréachtghala a n-Éirinn 's fó thrí tair sál,
Aig féchuin do ghérlainne a ndíoghuinn áir,
'S do theacht saer as gach éigion go crích do bháis.



Níor fhaemhuis d'fhior Bérla do shíth mur chách,
Níor fhéadsat do bhréagadh le bríb 'na ndáil,
Gur fhéchadur baeghal ort 's a bfhíoch air bfhás
A n-iorr do tshaeghail 's mur do thréig an bhrígh do pháirt.



AMHRÁN GRÁ.



Do ghad mo sherc 's do gabhadh mé 'na líon -
Ach! is fada is galar géar an gníomh -
Is deacair a mheas leath mo phéine tríd;
Marthain damh ní feas an féidir mí.



Is leabhar leasdach fada faen a dlaoi,
Is ramhar glas a derc 's as cael a braoi,
Is tana tais 's as deas a caerghuibín,
Is sleamhain seada snasta a taebh 's as mín.



Is gartha glan 's as cailce caemh a cí,
Is dalladh fear 's as leadradh laech a lí;
Budh seasgur dhamh 'na ngar dá léigeadh sí,
Giodh tearc a lacht do ghlacfuinn é mur dhíol.



Glaca geala seanga is séghuinn slaoi
Do cheap fom asna dairt is éigneach brígh,
Is aisdeach ait gach sdair is léir do-ní
Air shleasa datha brat is grésach fígh.


L. 156


A n-aisge leat, a bhean, má théid mo dhíth,
Seachuin feasta m'amharc 's dénuim síth;
Taisg, a chara, maisi an chraebhfhuilt chlaoin
Is airm ghaisge is taca trén rém chlaoi.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services