2
MARBHRANN
AR An gCléabharach Urraimeach.
I.
Mo léan mo dhíth fó thrí, mo lann im lár,
An sgéal so sgís ag tidheacht anall thar sáil,
Dá léir-chur síos do'n bhuidhin le'r fann an
trácht:—
An Cléabhrach croídh'l gan bhrígh i mbann an
bháis.
II.
A bháis nach sgeímhleach sgaoilteach cam ataoi,
An neámhdhach aoibhinn íoguir ghabhais id líon,
Is d'fhágbhais síol na draoibe 's clann an
fheíll
Ag fás 'na smísdidhibh saoile ag damhas i
mbaois.
III.
I mbaois níor mhair an fear gan chlaon gan
cháim,
Dil-thír a shean 'na preas ag méirligh áir
Do chaoin ó scairt, 's níor bhean a déara as
cnáid;
San Ghaoidhealg bheacht faoi shnas, go héag do
ghrádhuigh.
IV.
Do ghrádhuíg, oir níor ghéill do bhaosradh áil
an uabhair,
Do ghráinigheann 'na maos gach gaodhal chleachd
is ársa buaidh;
Acht dána do shaothruigh gan taobh le bládh ná
uaill
Caint árd na hÉireann do shaoradh ó stáid
a truaighe.
V.
'Na truaigh níor mhasluigh an teanga is
ceólta foghar,
Acht le duaisibh geala i bhfarradh a chómacht
do chabhair
Le fuasgailt na nasg atá ag tachtadh a
scórnuigh seang;
Ag buaidh dhi a ceart ar feadh na Fódla ann.
VI.
Ann fós beidh a glór dá luaidheadh go hárd,
Lucht a foghla gan sógh ag féóth, faoi fuath
ag cách;
'San crobhaire cródha san ngleó do ruaig a
námhaid
Go lonnach leodhach, í mbeólaibh na suadh go
bráth.
VII.
Go bráth 'n fhaid faoi'n ngréin do'n Ghaodhal
bheidh aithid beó,
Fhíor ghrádhuighios céim agus réim a aicme choír,
Gan táthadh taobh go héag le malairt phóir,
Beidh trácht go glé ort, a Chléabhraigh faoi
sgrath, mo bhrón!
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11