Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Richard Barrett, The Bard of Mayo. Tarraingt na Mona.

Title
Richard Barrett, The Bard of Mayo. Tarraingt na Mona.
Author(s)
Karney, J.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 137


TARRAINGT NA MONA.



Tá mo chuid móna grócuighthe ar an bpurtach
I n-sumadán mór, gan fód ar bith fliuch di;
Tá mo chroidhe stróicthe le mór-obair a's costas
Ag muinntir an bhóthair d'á dóghadh 's d'á losgadh.



Tabhair sgeul uaim go Bárrshaibh chuig mo chaírdibh Síl
gConaill,
Chum Streafáin 's chum Dáibhí, dhá phaistidhe, 's a
mbunadh,
Go bhfuil mé 'mo chrádh a's gach lá dul i ndonacht;
Mar(=muna) dtugaidh siad orm tárrtháil, beidh an
cás go ro-dhona.



Athruigh do chúrsa a's stiuir go Muigh-Rathain;
Aithris go múinte 's go h-úmhal do Jack Tallot,
Chomh maith 's dá mbudh rún é, ('s nár chlú é len 'aithris?)
go dtáinig an Púca, 's gur mhúin ar an mBarraic.



Téidh go Seághan ó Raighilligh, fear díleas na cneas-
tacht;
Ná dearmad an caoifeach; tabhair na mílte ceud
beannacht,
Dá mbeith 'fhios aige an chaoi bhfuil mo dhaoine i
gcrapall,
Acht chuirfeadh sé aníos chugam trí cuingir capall.



B'reudaigh a's Búrcaigh, ní'l fáth dham 'gá spreagadh,
Gan ionnta go léir acht sliocht gaoil agus ceangail;
Nár bh'fhadachain saoghail dam 's nár phléisiúrdha 'n
t-amharc
A bhfeiceál i n-éinfheacht, iad féin 'sa gcuid capall.



Téidh go Uineas Uctead(?) 's an spéir-fhéar Tom Tallot
Lorg na féile idir Gaodhail agus Gallaibh,
Aithris dóibh an meud sin go nGaedheilg mhaith bhlasda
S ní féidir go léigfidh siad […]



Go bhfuil mé tinn tréith-lag 's na meura dá gcrapall,
'S ní líonfaidh siad an leus no go dtéighfear an
Barraic.
Téidh chum Pádruig Uí Ghátháin go sásta 's go tapa,
Mo láimh in do láimh go bhfuighfimid freagairt,
Péire breágh parrdóg bláthmhar 'gus srathar,
Agus gearrán teann láidir gan sgáth ar bith ná stad
ann.



Téidh chum Donnchadh' Cáthaigh 's an stáid-fhear Mac Murcha;
Is iongantach 's nach áidhbhéil gan an nádúir 'gá
gcosgairt,
A's b'fhearr leó mé báidhte ná i gceart-lár Bhaile an
phortaigh.



A Dhomhnaill na páirte, ni'l fáth agam do spreagadh,
Gur críona 's gur cráibhthighe thú ná bráthair 's ná
sagairt;
Chuir tú Antoine 's sleaghán 'gam 'gur Mártain a'
sgaradh
Ar Aidriú 's ar Phádraig tá 'cruinniughadh na
gcapall.
“Tommy,” croidhe na féile, ceann-réidhtigh amuigh, a's
i mbaile!
Budh mhaith do theanga bheurla a's léighfeá-so Laidion;
Bhí urlár breáth réidh ann, agus hirra-cheusta(?) 'san
doras,
Bhí teine a' leus(?) as gan smibh(?) ar bith toit ann.



Ní'l fhios ag aon fhear mo ghaol-sa le Carson;
Dá ndeunfadh siad m'eísteacht, bheith an sgeul uile aca;
Dá mbeith 'fhios agam gur breug é, ní dheunfainn dóibh
a aithris,
Ach d'fhágfainn go h-eug é ag béic an mhadra-alla.


L. 138


Réir mar sgríobh Camden ar mheamram mar chraicionn,
Bhí an t-ochtmhadh (dara?) Rí Hannraoi i gcróin
Shacsan;
Ghluais “Magadh Gallda” le Strongbow as Breatain.
A's budh hé 'san am sin ár gceann-stoic 's ár n-athair.



Phós Jane Langston, ó budh an-deas an bhean í,
Munab breug do sgríobh Camden, — de mhuinntir
Mullaigh-ghardhaigh(?)í;



***



Ná dearmad ar nós ar bith an t-óig-fhear úd Beart-
laidh
Ó Gácháin, an mhór-fhuil, na gcóiste 's na n-eachradh;
Ar feadh tíre Fódhla tá a mhór-chlú 's a theastas
Le múnadh, le tógbháil, le dóigheamhlacht, le cneastacht.



Téidh cum na Sóighigh tá 'nna gcomhnuidhe ar an
gcladach
Brainse de'n mhór-fhuil 'sé córughadh na bacaigh(?);
Nóra an bhean mhódhamhail agus Paddy an “monarch,” —
'Nuair nach bhfuil Pól againn go bhfóiridh orainn
Peadar!



Téidh chum Hannraoi anonn go Beul-Mhuileid
Na dearmad Andy, 'sé annsacht gach duine.
If you get a good answer, be thankful and civil;
Má théidheann sé i stancamhlacht, God bless the black
devil!



Andy, a chroidhe, éirigh, agus réidhtigh na capaill,
Go dtéidh tusa leó Dia-Ceudaoine chum an “bharraic;”
Má's fíor an sgeul, 's má's breug é is maith dhuit,
Má chailltear Dick B'reud, cia dheunfas do theagasg?



Cúig capla deug agus ceud do bhí tarraingt;
Bí fir bhreágha gléigeal' ann a léinteachaibh a' freastal;
Deichneabhar 's dá'r dheug bhí réighteach na beathadh
A's béidh cuimhne go h-eug ar “Dhardaoin na
gCapall.”



Tá mo chruach deunta ar eudan an bhaile;
Tá cúig coiscéim deug agsu ceud troigh ar fad innti,
Cuireadh tnúth ar an Major, dá mheud a chuid fearaibh,
Agus b'fhéidir go mbeidheadh sé níos ríghtighe faoi 'n
deachmhaidh.



J. Karney.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services