Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Folk-lore of Connaught. Domhnall Dubh agus Bradán Mór Locha-Rí.

Title
Folk-lore of Connaught. Domhnall Dubh agus Bradán Mór Locha-Rí.
Author(s)
O'Ceallaigh, Páidín Ruadh,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FOLK-LORE OF CONNAUGHT.



DOMHNALL DUBH AGUS BRADÁN MÓR LOCHA-RÍ.



(Lé “Páidín ruadh O'Ceallaigh.”)



Ins an tsean-aimsir mhaith, i bhfad ó shoin,
bhí fear dar ab ainm Domhnall Dubh 'na
chomhnuidhe i ngar do Loch-rí. Bhí sé fiche
bliadhain pósta gan chlainn, acht aon inghíon
amháin, agus bhí sise dall ó rugadh í, agus
'sé an t-ainm a bhí aig na daoinibh uirri,
Nóirín dall, dubh. Bhí guth breagh ceolmhar
aici, agus ní raibh sean-abhrán 'san tír nach raibh
le croidhe aici. Aon tráthnóna amháin d'iarr
Nóirín ar a h-athair í thabhairt síos go
bruach an locha, mar bhí an tráthnóna an-
bhreagh. Thug an t-athair síos í, agus dubhairt
sé léi: “fan annsin, nó fagh do bhealach a
bhaile.” Nuair d'imthigh a h-athair shuidh sí
síos ar thurtóig thirm, agus thoisigh sí ag gabhail
abhráin, mar so:—



A Bhealtaine bhuidhe, is tusa an mhí
A mbidheann dath deas ar na féiliocáin;
Bidheann leanbh aig an mnaoi, aig an bhó bidheann
laogh,
'Gus aig an láir bidheann searrachán.



Ní raibh sí i bhfad ag gabhail an abhráin go
dtáinic bradán mór go bárr an uisge, agus
chuir sé cluas air féin aig éisteacht léi.
Nuair chuir sí deireadh ar an rann, chualaidh
sí an guth 'ghá rádh: “is mór an truaigh go
bhfuil tú dall. Dá mbheidheadh domblas
bradáin agat le cumailt ar do shúilibh,
bheidheadh do radharc agat.”



Nuair a bhí an ghrian ag dul faoi, tháinic
Domhnall, agus thug sé a bhaile í.



D'innis sí dhó na focla a chualaidh sí.
“Maith go leor, rachaidh mise aig iasgaireacht
ar maidin i mbárach,” arsa Domhall , “agus má
tá bradán san loch gabhfaidh mé é.”



Ar maidin, lá ar n-a bhárach, roimh grian
go moch, d'eirigh Domhnall agus chuaidh sé síos go
dtí an loch. Fuair sé bád, agus amach leis aig
iasgaireacht. Nuair tháinic sé go lár an


L. 28


locha, chualaidh sé cruiteach aig sgreich; san
am ceudna fuair sé an líne ag tarraingt,
agus thoisigh an t-slat iasgaireachta ag
lúbadh. “Dar m'fhocal,” ar Domhnall, “tá
bradán mór ar mo dhubhán.” Leis sin,
thoisigh sé ag tarraingt chomh maith a's d'fheud
sé, acht, mo bhrón! sgiorr a chosa, agus thuit sé
amach ar mhullach a chinn san loch, agus síos,
síos faoi uisge gur shaoil sé go raibh sé ag
deireadh an domhain.



Nuair a d'fhosgail sé a shúile, fuair sé é
féin i seomra bhreagh, i láthair fir mhóir. Bhí
a chroiceann mar croiceann éisg. Labair
an fear leis: “A Dhomhnaill dhuibh, ar sé,
“cad a thug annso thú?” “Ní'l fhios agam,”
arsa Domhnall, “bhidheas aig iasgaireacht ar
Loch-rí, agus shaoil mé go raibh bradán mór
gabhtha agam, agus bhidheas 'gha tharraingt
isteach nuair sgiorr mo chosa, agus thuit mé ar
mhullach mo chinn isteach san loch. Ní bhéidhinn
aig iasgaireacht acht tá inghíon dall agam,
agus chualaidh sí dá mbéidheadh domblas bra-
dáin aici le cumailt ar a súilibh go mbei-
dheadh a radharc aici. Sin agat an fáth a
bhfuilim annso.”



“Tá tú i láthair righ an locha anois,” ars
an fear, “agus is fada atá mé ag fanacht leat.
Éist liom anois. Ar chualaidh tú ariamh an
chaoi ar thárla do'n loch a bheith annso san
áit a bhfuil sé?” “Níor chualaidh mé, go
deimhin,” arsa Domhnall, “gidh go bhfuilim
'mo chomhnuidhe i ngar do'n loch ó rugadh mé,
agus mo sheacht sinnsir romham.” “Ní bheidh tú
i bhfad mar sin,” ars an fear mór.



“Ba rí m'athair-se, agus fuair mo mháthair
bás an oidhche a rugadh mé, acht níorbh fhada
gur phós m'athair bean eile, agus bhí cumachta
mhór draoidheachta aig mo leasmháthair.
Nuair bhí mé seacht mbliadhna d'aois chuir
mé fearg uirre; tharraing sí amach
slaitín draoidheachta, chuir sí crith-talmhan
ar dhúithche m'athar, agus rinne sí loch dhe.
Báitheadh m'athair, agus rinneadh bradán
díom-sa, mar fheiceas tú. Tagann mo
leas-mháthair 'ch uile oidhche le mo gheur-
chrádhadh, acht ó thárla go bhfuil tusa liom, is
dóigh go bhfuighidh mé buaidh uirre anois.
Anois tar liom, agus fágfaidh mé ar bhruach an
locha thú; annsin teírigh go bun an chroinn
mhóir mhaol-dearg atá ag fás ar chúl do
thighe, agus romhair síos go dtagaidh tú ar leac
mhóir. Tóg an leac, agus gheabhaidh tú cat dubh
firionn 'na chodladh fúithe; tabhair leat an
cat go bruach an locha, agus béidh mise annsin
rómhat. Má ghnidh tú mar adeir mise leat,
béidh tú sona, saidhbhir, buansaoghalach, acht
mur (muna) ndéanaidh tú mar adeirim, béidh
tú 'do dheoruidhe bocht cráidhte, chomhfhad a's
tá uisge ag rith nó feur ag fás.”



“Dar m'fhocal, déanfaidh mé mar adeir
tú,” arsa Domhnall, “agus tá mé réidh lé
dhul leat.”



Annsin, bhuail sé buille de shlaitín draoi-
dheachta ar Dhomhnall, agus rinne sé cruiteach
dhe, agus níorbh fhada go bhfuair sé é féin ag
snámh ar an loch. Nuair a tháinic sé go
bruach, bhuail an bradán mór buille de'n
tslaitín draoidheachta air, agus lé casadh do
láimhe, bhí sé ar talamh, agus rinne sé a bhealach
a bhaile. Nuair a tháinic sé chomh fada leis
an gcrann mór maol-dearg, thoisigh sé ag
rómhar; níorbh fhada go dtáinic sé ar an
leac mhóir, agus nuair thóig sé an leac, chonnaic
sé an cat dubh 'na chodladh. Chuir sé an
cat in a bhrollach, agus as go bráth leis go
bruach an locha. Bhí an bradán mór annsin
roimhe, agus thug sé é féin agus an cat dubh go
dtí a sheomra faoi'n loch. Annsin dubhairt
sé lé Domhnall:— “is maith an laoch thú;
anois fagh sgian, agus bain croidhe an chuit
amach, agus tabhair domhsa é.”



Fuair Domhnall an sgian, bhain sé amach
croidhe an chuit, agus bhí sé 'gha thabhairt do'n
bhradán, acht chualaidh sé torann mór.
“Deifir, deifir,” ars an bradán, “tá an
chailleach ag teacht. Fagh mo chloidheamh geur
atá thall ar an mballa, agus cruthuigh ghur
gaisgidheach thú, nuair thiocfas an chailleach agus
a cuid cat isteach.” (Tuilleadh)




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services