Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Popular Proverbs, Co. Kerry.

Title
Popular Proverbs, Co. Kerry.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Collector
Long, Mr. William
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

POPULAR PROVERBS, CO. KERRY
Collected and Translated by Mr. William
Long, Ballyferriter, Dingle.



1. An rud is anamh is iongantach.



2. An té nach truagh leis do chás, ná deun
do ghearán leis.



3. An bhó is aoirde géim 'sí is caoile iar-
ball.



4. An rud do sgríobhann an Púca Léigheann
sé féin é.



5. An rud a théidheann i bh-faid téidheann
sé i bh-fuaire.



6. Briseann an dúthchas trí shúilibh an chait.



7. Buadhann an tiomnaoibh air an chinnea-
mhaint (i gConnachtaibh mar so .i.,
Sháruigh an fhoighid an chinneamhaint.
S.L.).



8. Bidheann adharca móra air na buaibh thar
lear.



9. Beatha dhuine a thoil.



10. Bean mhic a's máthair chéile mar bhéidheadh
cat a's luch le chéile.



11. Bíodh sé mar tá sé a's Tráighlí mar a
bh-fuil sé.



12. Bidheann an fhírinne searbh.



13. Bidheann an rath air an g-ceisneamh.



14. “Chonnac cheana tu,” mar dubhairt an
cat leis an bhainne theith.



15. Dlighe na h-iasachda an t-iarrach do
bhriseadh.



16. Dá mbéidheadh báisteach go Samhain ann
ní bheidheadh ann acht cith.



17. Deireadh an t-saoisgéil an t-airgead.



18. D'íosfadh cat sleamhain féin fadóg.



19. Deunann caoi slaidire (sladaire).



20. Faghann an capall bás faid a's bhidheann an feur
ag fás.



21. Gach dalta mar oiltear agus an eala air
an uisge.



22. Gach file agus fáidh ag trácht air a ealuidhe
(ealadha) féin.



23. Is túisge deoch 'ná sgeul.


L. 22


24. Is feárr an troid 'ná an t-uaigneas.



25. Imthigheann rith focail air shagart na
próisde (parráisde).



26. Is minic cú mhall sona.



27. Is deacair an girrfhiadh do chur as an
dtor nach beidh sé.



28. Is anamh iasg aige (ag) liarnaidh(ibh)
díomhaoine.



29. Is feárr sioc 'ná síor-bháisdeach.



30. Is maith an t-anncoire an t-adharta.



31. Is feárr an t-eun tá 'san láimh 'ná an
t-eun tá air an g-craoibh.



32. Is milis d'á ól é, searbh d'á dhíol é.



33. Is báidheamhail iad lucht aon chine no
céirde.



34. Is feárr an cú bhidheann 'san t-siubhal
'ná an cú bhidheann i lúib.



35. Is geal leis an bhfiach dubh a gharcach
(ghearrcach).



36. Is giorra cabhair Dé 'ná an doras.



37. Lomann broid cineál.
Lomann lom coinghioll.



38. Ní sia gob an ghanndail 'ná gob an ghéidh.



39. Ní théidheann rogha ó'n réidhteach.



40. 'Nuair théidheann an gabhar 'un teampaill
ní stadann go h-altóir.



41. Ní bhidheann an rath acht mar a m-bidh-
eann an smacht.



42. Ní creidtear an fhírinne ó'n duine
breugach.



43. Ní lugha frig (i.e., frighid, a fleshworm)
'ná máthair an uilc.



44. Ní feárr biadh ná ciall.



45. Ní liachta ísleán sona ann 'ná árdán
dona ann, mar dubhairt an fear le
píopán an ghanndail.



46. Ní baoghal dhuit an madra sgamhaigh ort.



47. 'Nuair is mó an anachain 'seadh is giorra
an chabhair.



48. Ní'l maith i seanchus 'nuair tá an
anachain deunta.



49. Ní ualach do dhuine a bhrat.



50. Ní bhidheann saoi gan locht.



51. Ní bheathuigheann na briathra na bráithre.



52. Ní bhidheann treun buan.



53. Ní bhriseann focal maith fiacail.



54. Seachain an droch-dhuine a's ní baoghal
duit an duine macánta.



55. Tuigeann fear léighinn leath-fhocal.



56. Múineann gábhadh seift (sibhte).



57. Ní gnáthach fear náireach éadálach.



58. An té go (= 'gá) m-bidheann an rath air
féin bidheann sé air a chuid gabáiste.



59. An té go (i.e. 'ga) d-téidheann teist
na mochóirghe (moichéirghe) amach air ní
cás do codladh go eadarthrath.



60. Sia théidheann an t-éitheach 'ná an fhírinne'



61. Aithneann an donus a dhuine féin.



62. An té go (= 'g-a) mbidheann an bhróg a
luighe air is do is cirte í sgaoileadh.



63. A anam féin ar ghualainn gach aon
duine, beireadh leis no fágbhadh.



64. Bád gan stiuir no cú gan earball.



65. Bidheann blas milils ar phorsach (phair-
seach, phraiseach) 'na comhursan.



I.



66. Tosach luinge clár,
Tosach áithe clocha,
Tosach flatha fáilte,
Tosach sláinte codladh.



II.
Deireadh luinge í bháthadh,
Deireadh áithe í losgadh,
Deireadh flatha cáineadh,
Deireadh sláinte osnadh.



[Do bhí an seanfhocal so do réir mar tá sé
i gCúige Chonnacht curtha i gcló cheana ag
an gCanonach Uileog de Búrc, agus é beag-
nach ar an nós céadna. Do chuireas féin
'san Irisleabhar, U. 48, an dara cuid de,
mar tá sé i gContae Árdmhacha — S.L. ]



67. Comhangar (comhgar) chum an bhidh agus móir-
timchioll chum na h-oibre.



68. Céalacan fada agus easba na m-bróg,
Déinid siad seanduine do'n té bhidheann
óg.



69. Faghtar gach laoch in aisge.



70. Má's maith molfar.



71. Má táimse buidhe tá croidhe geal agam.


L. 23


[Fuaras féin an seanrádh so ar mhodh eile i
ndán do sgríobhas síos in áit atá i ngar
do na Ceallaibh Beaga i gContae Dhúin-
na-nGall .i. Cé gur buidhe mé tá croidhe
agam is gile 'ná an chailc. — S.L.]



72. Má tá bean-an-tighe tinn níor chaill sí
a goile.



73. Mar (muna) mbidhir i dtigh an bhidh,
Bí ins an tigh le n-a taoibh.



74. Mian amadáin díomhaointeas.



75. Ní fhaghann sagart balbh beatha.



76. Ní bhidheann ó'n bhfear sona acht é bhreith.



77. 'Nuair bhidheann an cat amuigh bidheann
an luch ag rinnce.



78. 'Nuair is cruaidh do'n chailligh caithfidh sí
rith.



79. 'Nuair is dóigh le duine é bheith go deas
'seadh bhidheann sé 'na chleas margaidh.



80. Ní coingbhightear tigh gan teanga.



81. 'Nuair a raghair 'un Róimh bí ad' Rómhá-
nach leo.



82. Ní cheileann meisge rún.



83. Ní fhéadann an gobachán an dá thráigh
do thabhairt leis.



(I gConnachtaibh ar an modh' so .i. Ní thig leis
an ngobadán dá thráigh do fhreasdal. -S.L.)



84. Ní i gcomhnuidhe bhidheann Domhnall
buidhe dh'á phósadh.



85. Ní'l léigheas ar an chathughadh acht é
mharbhughadh le foighne.



86. Is feárr rith maith 'ná droich-sheasamh.



87. Is furus féasóg an leomhain a stathadh
'nuair bhidheann sé 'n-a chodladh.



88. Is feárr cóir 'ná dul chum dlighe.



89. Tárlann na daoine ar a chéile,
Acht ní thárlann na cnuic 'ná na sléibhte.



90. Tart deireadh an óil, agus brón deireadh
an ghrádha.



91. Teachtaire an fhiaich (fhéich) ó'n Airc.



92. Tabhair do'n ghárlach, agus tiocfaidh sé
amárach.



93. Sgata ban no sgata géanna.



94. Is maith an tiománaidhe an té bhidheann
ar an chloidhe.



95. Is feárr míne 'ná borbracht.



96. Aithneann na h-aingil a chéile.



97. Is dóigh le fear na buile gurb é féin
fear na céille.



98. Seachain tigh an táibhirne no is báirnigh
is beatha dhuit.



99. Ní déighionach í an mhaith aonuair.



100. Is olc an goile nach téitheann a cuid.



101. Bidheann an óige ar buile.



102. An té bhidheann suas óltar deoch air,
An té bhidheann síos luightear cos air.



103. Do fhear gan náire is fusa a ghnó
dhéanam.



104. Duine gan stór a ghlór ní meastar a
chéill,
Duine gan stór ar cóisir ní bacta-
thar é,
Duine gan stór ní'l gnó aige a'
caitheamh ná glaodhach,
A's duine gan stór bidheann sé 'n-a
spórt aige (ag) aindeisí' an t-saoghail.



(Bactathar = bactar or bacthar, pres. pass.
of bac, heed, mind. Ná bac é = ná bac
leis, don't mind him).



105. Ní truime ar loch an lacha,
Ní truime ar each a shrian,
Ní truime ar caora a h-olann,
Ní truime ar colann ciall.



106. An duine saidhbhir ag déanamh grinn,
Deirid uile gur binn a ghlór,
Acht is seirbhe 'ná an searbhán goirt,
An duine bocht ag déanamh ceoil.



107. Ní bhidheann na slisneacha acht mar a
leagtar an crann.



108. Ar an obair thagann an fhoghlaim.



109. 'Nuair is gainne an biadh 'seadh is
cirte é roinnt.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services