Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Sholuis Chneasta Chaoimh

Title
A Sholuis Chneasta Chaoimh
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 72


A sholuis Chneasta Chaoimh.



I.



A sholuis chneasta chaoimh, is dubhach an
t-slighe,
Treóruigh me slán
Tá 'n oidhche dubh a's me a bh-fad ó m' chrích,
Treóruigh me slán,
Soillsigh mo ród fé chois, ní beag liom é,
Gan tuille radhairc go d-tiocfas fealladh
'n lae.



II.



Ní h-amhladh mheas me ríamh — níor ghuidheas
gac tráth
Thu 'm threórughadh slán,
Mo shlighe badh mhéinn liom toghadh, acht 'nois
de ghnath,
Treóruigh me slán,


L. 73


Badh ghuagach seal mo chroidhe, a's lán de
bháois,
Gidh eaglach b'uabhrach — ná cuartuig
bliadhanta m'aois.



III.



Fé d'chomairc 'nois le cían, táim deimhin
bheith choidhch'
A m'treórugadh slán,
Tar churrach a's móin, tar boirne a's
madhin go d-tí,
Bh-feiceo'ad an bán
Aig briseadh air bhárr na g-cnoc, a's aingil

A gáire liom le fáinne geal an lae.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services