Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Tréigtheoir ro chan.

Title
An Tréigtheoir ro chan.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 75


AN TRÉIGTHEOIR RO CHAN.



Dá m-béidheadh píopa fada geal agam a s
tobac d'á chur innionn
Cuid mhór d'an uisge beatha 'gus bairille
dho'n (d'an) lionn,
Leabaidh ghlas luachair le mo rún a shíneadh
ann
B' fheárr liomsa 'ná Éirinn 's bíodh sí
foluighsta dh'ór
Go m-béidh mo phárdun o na righte agam
agus mé ins an m-baile ag mo stór,
O rinn me disartail is go Carraig-Airt
atá mo thriall,
A's n b-príosun Chluan'-Meala tá mo lea-
baidh le bliadhain,
Cha n-ar Bhiddy ná ar Mhéadhbha ná ar an
t-sergeant bhí m'aire,
Ná h-ar na bóchaillí bána dhéanfhadh
chargeail leis an ngeallaigh,
'Siad do leagfhadh síos cúirt ghárda, ballaídh
bána go talamh,
'Gus d'ólfhadh mo shláinte i b-príosun Cluan-
Meala;
Tá oileán i n-Éirinn a d-tig feur air go
leor,
Thig cuiseoga air agus luachair bheag óg,
Ag ibhe (?) Maic Muire ná go g-cuirfhidh Dia
gaoth,
Go m-béidhinnse in mo ró-shearc ar mhónaidh
'n t-sraith bhuidhe.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services