Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beatha agus Bás Duine-Uasail Éigin.

Title
Beatha agus Bás Duine-Uasail Éigin.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Beatha agus Bás duine-uasail
éigin.



An Craoibhin Aoibhinn ccd.



Cliabhán óir fút, a's tú óg,
Máthair chóir duit, a's neart póg.
Capall aérach, a's tu d'ógánach,
Sgol agus léighean, a's dluth-chompánach.
Bean áluinn a's tu i d'fhear,
Teach fairsing, 's gach nidh do b'fhearr.
Bean mhín, páistidhe, séuda,
Ba, maoin, táinte, 's treuda.
Áit suidhe agus áit suidhe,
Neart bidh agus neart dighe.



Tusa do sheanóir ameasg seanóir,
Ag faghail measta 'gus onóir'.
Id' cheann ar choiste, ar chúirt, ar chómhairle,
'S níor misde thú na seanóiridh.



Deire laétheadh, 's an bás ann sin,
An t-aiseudach, an clár, 's an chill.
'S cad é tá 'gad de bhárr anocht
Ar Éadhmon-na-Déirce no Seághan Bocht!



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services