Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Waifs and Strays.

Title
Waifs and Strays.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

WAIFS AND STRAYS



The following Waifs and Strays were
taken down from natives of Ulster residing
in Philadelphia:—



Cá raibh tú aréir?
Bhí i tí dtigh Mhánuis.
Cá 'n Mánus?
Mánus Gibide.
Cá 'n Gibide?
Gibide seabhac.
Cá'n seabhac?
Seabhac sealgaire.


L. 152


Cá 'n sealgaire?
Sealgaire and chinn bháin.
Cá 'n ceann bán?
Ceann bán nóinín.
Cá 'n nóinín?
Nóinín Airt.
Cá 'n t-Art.
Thart siar.
Cá 'n siar?
Siar a' mullach.
Cá 'n mullach?
Mullach a' tighearna.
Cá 'n tighearna?
Tighearna an t-seisiún.
Cá 'n t-seisiún.
Seisiún Sheághain.
Cá 'n Seághan?
Seághan beag boigíneach
A rugadh 'sa Mhárt
'S a' c'ár tiompoghadh;
A' gaduidhe ag goid na g-caorach
'S a' chaora bhán a méilighil.



Madadh ruadh, ribheach ruadh,
Sgian 's claidheamh 's clogad leis,
'S gunna fada, glas aige;
Chuaidh sé asteach a d-teach;
“Cá bh-fuil bhur mathair, a phaisdidhe?”
“Chuaidh sí a bhaint na b-préitidhe.”
“Dá m-bidheadh bhur máthair astigh
“Dhéanfainn-se ní budh mheasa na sco
oraibh.”
Thóg sé a chos 'gus mhúin sé asteach
Anns na cluasa air na paisdidhe.
D' éirigh na páisdidhe 'mach a chaoineadh.
Chualaidh an mháthair iad,
'Gus rath sí n-diaigh a mhadaidhe ruaidh,
'S air a dhul asteach 'sa bhrocaigh dhó
Bhain sí na ceithre cosa de'n mhadadh
ruadh.



Rachaidh mise 'gus rachfadh tusa
Suas go Dún na n-Gall,
Goidfidh mise 'gus goidfidh tusa
Bó mhór dhonn
Crochfíor mise 'gus crochfíor thusa
'S cad é a dheanfas ar g-clann?
Is cuma liom-sa, is cuma leat-sa,
Ní bheidh muid fhéin ann.



(Baineann a' rann seo le port):



Dúilleamán na binne buidhe,
Dúilleamán a' t-sléibhe
Dúilleamán na fairge
'Gus dúilleamán na gaodhlaigh
Bainéid agus triúis
Air a' dúilleamán ghaodhlach,
Bróga breaca dúbailte
Air a' dúilleamán ghaodhlach,
Dúilleamán na binne buidhe,
Dúilleamán a' t-sléibhe,
Dúilleamán na fairge
'Gus dúilleamán a ghaodhlaigh.



Bhidheadh cleas dá dheanadh aig na páis-
didhe air leac a' teallaigh mar seo: Sháith-
feadh siad slat no giota mhaide, tuairm 's
troigh air fad, síos thre fód dearg móna.
Cuirthidhe falach luaitheadh air a' splanc
agus bheurfadh duine aca air a' maide, le
'na bheul 's deurfadh sé:



Naoi n-eun druideóg
Air naoi n-gas rideóga,
Ameasg na móna bige, bóige,
Is beag an obair é.



Abair sé seo go tapaigh:



'S nach bog a' fód é seo faoi mo chois,
Ní boige é 'ná an fód air láimh leis;
Fód bog eidir dha bhog,
Bog-fhód agus fód bog.



Bhí dá lair eidir dá shruthán,
Arsa an láir ruadh leis a ruadh-láir,
“Preith, a láir ruadh, preith a ruadh-láir.”



ORO! A LIONN-DUBH BUIDHE!



Bhí mise lá a siúbhal a' bhothair,
Oro! a lionn-dubh buidhe!
'S casadh orm a' gruagach láidir;
Cuach mo lionn-dubh buidhe!
Chuir sé ceist orm an inghean dom an oig-
bhean,
Oro! a lionn-dubh buidhe!
Dubhairt mé féin nár bh'í acht mo bean
phósta,
Cuach mo lionn-dubh buidhe!


L. 153


D'iarr sé a iasachd bliaghain no dhó
orm,
Oro! a lionn-dubh buidhe!
'S cia bé a leanfas sí bidheadh sí go deo
aige.”
Cuach mo lionn-dubh buidhe!
Rinne an óinseach nidh nar chóir dhi,
Oro! a lionn-dubh buidhe!
Lean sí an gruagach ó se budh óige,
Cuach mo lionn-dubh buidhe!
D' imthigh sí uaimse 'na rasa gan náire,
Oro! a lionn-dubh buidhe!
'S tháinic sí an i a' bhaile i g-ceann trí
ráithe,
Cuach mo lionn-dubh buidhe!
“Da luighthea siar 's da bh-fuighthea an
bás sin,
Oro! a lionn-dubh buidhe!
Chuirfinn-se cónra bhreagh na g-cuig chlar
ort,”
Cuach mo lionn-dubh buidhe!
Luigh mise siar 's fuair mé an bás sin,
Cuach mo lionn-dubh buidhe!
Chua-idh duine ann na coille a bhaint an
ádhmuid,
Oró! a lionn-dubh buidhe!
Leath-mhaide cuilinn 's leath-mhaide fear-
nóige,
Cuach mo lionn-dubh buidhe!
Sin 's trí slata den t-sacadh ab' ghnathaigh
Oró! a lionn-dubh buidhe!
“Tóigid suas air bhur n-guailne go árd é,
Cuach mo lionn-dubh buidhe!
'S cuirid 'sa pholl is deise den t-sraid é,
Oró! a lionn-dubh buidhe!”
“Leigidh síos arís air lar mé,
Cuach mo lionn-dubh buidhe!
Go n-innsighe mé sgeul beag eile air na
mnaibh daoibh,
Oro! a lionn-dubh buidhe!
Sgeul beag andiu 'gus sgeul beag amárach,
Cuach mo lionn-dubh buidhe!
Is minic a chuaidh bó mhaith thar a'
tórthuin,
Oro! a lionn-dubh buidhe!
'S d' fhill sí arís 'san dóigh ar chóir dhi
Cuach mo lionn-dubh buidhe!
Mar b'é gur bean a bhí ann mo mháthrín,
Oro! a lionn-dubh buidhe!
D' innseoghainn sgeul beag eile air na
mnáibh daoibh,
Cuach mo lionn-dubh buidhe!
Cuach andiu 's cuach amárach,
Oro! a lionn-dubh buidhe!
'S cuach beag eile go ceann trí ráithe,
'S a cuach mo lón-dubh buidhe!



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services