Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Do'n tSóbhrach Luath.

Title
Do'n tSóbhrach Luath.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DO'N TSÓBHRACH LUATH.



I.



A bhláith bhig bhuidhe is caoimhe clódh
Ag fás san gcloidhe go séimh
Fearaim ó'm chroidhe an fháilte rómhat
Do chuirir féin roimh gréin!



II.



Nach sámh ataoi, gan sgíos, gan bhrón,
Gidh nimhneach fós an ghaoth!
Acht lé bárr grínn do'n tsamhradh sógh'mhail
Níor chuiris suím 'nnad féin.



III.



Is breágh 's is caoin, gan bhéim, do shnódh,
'S is naomhtha choidhche an chré
Thug neart a's brígh, san mbliadhain go h-óg,
Do'n cheud-sgoth mhilsigheas aer.



IV.



A fháidh fhéil fhír, a bheireas sceol
Gur geárr dúinn sógh 'gus scéimh,
Och, liom is sgíos go mbéidhir ag dreoghadh
Tráth thiocfaidh uair an tséin!



P. O'L.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services