Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Máire Ní Dhonogáin.

Title
Máire Ní Dhonogáin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MÁIRE NÍ DHONOGÁIN.



As ucht Iosa Críost a's Muire,
Deanaidh slíghe dham chum luighe ar m'uillinn,
Mar is liom fein dhá thaobh na lice,
A ciúmhais a meádhon, a lárr 'sa h-imiol:
Atá m'éirlis go daor fútha curtha,
Séamus, mac déidhionach na cloinne.
'Sé chloisim d'á rádh ag lucht dáin go minic,
An línn bhíonn lán nach fuláir a leigion.



Mo chreach fhada agus m'fhadtuirse neimhneach,
Is deas thiocfadh culaidh de'n bh-faision so
cídhim duit,
Do bheabher hata greanta cíortha,
Stoca dhéanfainn féin le gnaoi dhuit;
Arán a rithfeadh a chuid mine tré shíoda,
Nó má rithfeadh go bh-fuinfinn le fíon í;
Is dam nár bh'iongantus a's goireachd mo
ghaoil duit,
'S go bh-fuil mo chumann in dá ghoireachd no
trí duit.



Chonnairc-sa lá tú a gradh 'sa dhalta,
Is níor bh'iongnadh liom do cheann dá
ngealfadh;
Is iomdha fear coiléir gléigil a's hata,
Fear buatais' as cruadh-spuir ghreanta,
Fear mór-phuic lá fuadaigh ar faithche,
Fear dísle in am suidhte dá chaitheamh,
Fear guna líonadh 'sa lámhach go tapaidh,
Fear madra d'fhiadhach faoi shliabh le cathais,
Fear cloídhimh cúmhra a n-dúbla dhaingion,
Fear tagartha a chuise i g-cúirt le ceannas,
Fear laidne leughadh a's bhéarsa tharruing.
Fear mín-phuirt ar chaoin-chruit do spreagadh,
Dar a n-déan mo bheul-sa do labhairt
Bhí an méid sin buidhne 'na líne ag t'athair.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services