Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Praise of Queen Elizabeth.

Title
The Praise of Queen Elizabeth.
Author(s)
Ó Neachtain, Seághan,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1889
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

THE PRAISE OF QUEEN ELIZABETH
BY JOHN O'NEACHTAIN.



A n-ainm an áird-mhic do ní grása,
A's aoin mhic áluin óighe Mhuire,
Do dhéan aiste do phrionnsa Saxan,
Cúpla cneasda, cóirighthe,
Bhias d'á h-aithris ag lucht aitis
Ar feadh faithche feoir-ghlaine
A's bhias'na solás in gach comhdháil
Le gleus comhlain ceól-chruite.



Dá thigh Saxan na slógh seasmhach
do budh cneasda comharsanacht
Ar seachtmhadh hannrí cathach, campuidheach
Do na planduighibh pór-ghlana
Thug cum ein-tighe, cuid d'á sheimhigeacht
An dá thig réiltíoghach, ró chrothach
Isí dar liom-sa an cúigeadh prionnsa


L. 15


O's a g-cionnso comhnuightheach:
Atá cáirdeamhuil gaolinar, grásamhuil
Saor-ghlan, sár-chiuin, sochoisge
Atá sí gréasach, sgéimheamuil, sgiamhach,
Béarlamhuil, beusach, beól-chliste;
Cuid de thréithibh na mná séimhe,
A grádh d'fhéile a's d'eolachaibh,
'Snach feárr orgáin ná í 'sa h-óig-mhná
I g-cáil comhráidh air ceolmhaireacht.



Atá 'san m-bainríoghain séimh-ghil seaghdha,
Maordha, mall-chaoin mór-thuigsigh,
Mór-folt, muiriorach, dualach, druimneach,
Cuachach, cruipionach, comhdhlathach;
Suan-rosg soilbhir, o's gruaidh dearg-ghil,
Mar ghruaidh g-crithireach g-cró-luisneach
A's béal le labharthar iomad teangtha,
Do ghuidhe deagh-fhoclaigh, glór-mhilis.



Dhá dhéad gheala ar gné cailce,
Caola, cearta, comhsnaighte;
Geuga gasda a's meura fada,



Shéimhe, seadha sompluidheach.
Dhá chích chorra, ar chlí a h-uchta,
Mar lí sgotha sgoth-úire.
Seang-chorp séimh-gheal, ramhar-ghlan, réidh-dheas,
Nár mheall céile comhchasmhuil.



O d'eug Caesar sluaghach, séiseach,
Beódhach beusach, beó-neartmhar,
No cing Artúir, iongantach, árd-chlúdhach,
Cumusach, cáirdeamhuil, comhthuigseach,
Níl 'na bheathaídh á's ní dheachaidh,
Tar eis Hector oig, chleasaigh,
Righ mar Eilís ghrádhmar, gheil-chíghidh,
Bláthmhar, bheig-chinn, bheol-tsaoitheamhuil.
Do réir mheasda a bh-fuil le gaisge,
Is na trí pannaibh ródacha,
Ní'l acht measga cuir cum casda,
Re righ Sagsan slóigh-thíllte
Feuch Eire aice a g-cleith Sagsan
Re taoibh Bhreatan bhórd-ghlaine.
Is cuid d'á crodhacht, is le Flondrus,
An tír no ghlan nos-chrothach.
Cíos na Fraince, íonmhus Alban,
Na mur dhealbhach, do-bhriste.
Cíos na cruinne sa bheit chuice,
Ní'l ar filleadh feoirlinge;
Acht uaithe is chuice do nós tuinne,
Da gach fine a bh-foirighthin.
Iomdha ar a longaibh comhla cogaidh,
Dar chóir tosach dothusdail;
A's ridire rathmhar, foisdineach, fiosach;
As fear tréan, trodach, glac-dheimh, gonach,
Ceart-réidh, cogthach, comhraiceach.



Bíd ó'n m-bainrioghain catha, campuidhe,
Láimh re fabhruighibh Eoruipe;
Bíd a barúin ins a' ngascúin
Ag cur athchuma ar ósdaidhibh;
Cuid d'á h-armáil insa n-Almáin
Ag cur bháth ar mhór-bhailtibh;
Is airgid uile ar chathair na cruinne
An ghasra gusmar, gleo-thapaidh.
Do níd a bannúighe ins a' Bhrasaoil,
Gan ró fhaitchios feol-cumaidh,
Le na cobhlach, cíosmhar, cabharthach,
Fíochmhar, foghlach, cnosuightheach.
Fear na fairge gan ró mhairge
Angleo cairbhthe, cóirighthe.
Táid a lucht gliaidh tar Muir d-Torrian
A's do'n India ór-chlochaigh.
Gnáth a tréin-fhin ins i n-Eigipt,
Fá leór éide ar óig-fhearaibh.
Tá Dia a cúngnamh le triath Londuin
Na n-iath bh-fonnmhar bh-fód-ghartach;
Atáid na gaoithe, atáid na spéire,
Atá gach raeltan ró-sholuis.
Mar táid Spáinigh ma lic-láthar
An gach traigh go ton-bhriste,
Dá chéad Árthrach gan ró-ghabha,
Ar n-a m-báthadh a mór-linnibh;
D'fág a gárda fá chás Spáinigh,
Sá mná cráidhte comh-thuirseach.
Thugadar goradh geur uatha don Portugeil,
Le sluagh borb-laoch beo-chroidhtheach
(beó-chroideach).
Atáid riamh buidheach dí Dia 'gus daoine,
An triath diorrúsach, dóthchusach,
Prionnsa náireach, faoilidh, faithbhreith
Caoineach, cráibhteach, coir-bhreathach.
Ar a bronntaibh, ar a tabharthaibh
Ar a cabhair d'á comharsanaibh.
Is mor an chaithis méad a maithis;
Is air is measta a mór-ainm.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services