Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éamonn an Chnuic.

Title
Éamonn an Chnuic.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1889
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

ÉAMONN AN CHNUIC



I.



A chúil áluinn dheas
Na bh-fáinnighe g-cas
Is breagh iad sis glas do shúile;
'S go bh-fuil mo chroidhe-si dá shlad,
Mar a shníghfidhe gad,
Le bhadhain mhór fhada a'sdúil leat.
Dá bh-fuighinn-si ó cheart,
A bheith sínte leat,
Is éadtrom 's is deas do shiúbhalfainn.
'S go réighfinn gach sgairt,
Ag éalódh lem' shearc,
Faoi choilltibh a' sgaipeadh an drúchta.


L. 10


II.



'Sgo deimhin féin a bhean,
Cé mór é do mheas,
Is náir liom tú dom' dhiúltadh;
's gur fhág tú mé,
Gan sláinte agam,
's gan fáth ná cor air mo shiubhalthaibh.
'Ní dána mo lámh,
'S is ró fháiteach mo ghrádh,
A ghrádh ghil má bhídheann tu a siúbhal leam,
Sé Éamonn an chnuic
Atá agat ann,
'S is daor anois ann a dhúthaidh.



III.



'Sa ghrádh 'sa chumainn,
'S a ghrádh gach n-duine,
A d-triaallfá seal don Mhúmhain liom
Mar a b-faghmaóis go deimhin,
Céol agus imirt,
Is uaisle na bh-fear a súgradh'
Caora cuilinn,
Samhadh agus biolar,
Bláth agus blas na n-ubhall;
Plannda dhe'n duilleabhar,
Fúinn agus thorainn,
Agus fásach go mullach glúine.



IV.



'Sa bháb chneasda chaoimh,
Do pháirt leam ná sgaoil,
'S go snámhfuinn an taóide ad dhéigh-si;
'S go m-b'fhear rleam do ghean,
Aghrádh ghil na bh-fear,
'Ná árus na naomh 'núair éagfuinn!
Och! is tláth lag do bhím,
'S mo shláinte dá shnidheamh
Le grádh ceart do'n mhnaoi do thréig mé;
'S cad b'áil liom d'a mhaoidheamh,
Acht slán leat a mhaoin.
O d'fhágbhais mé air bíth na céille.



V.



'S do bhéarfainn an leabhar,
Gan bhreig duui le fonn,
Go n-déanfainn tú thoghadh tar chéad bean,
'S go rachfainn leat anonn,
Tar Treán-mhuir na d-tonn,
'S go d-tréigfinn an domhan go léir ort.
Mar a n-déarfaidh tú a n-am,
Go n-ealóchaidh tú liom.
Is tréith mise fann gan Éifeacht,
Mar aér-gheilt a ngleann,
Gan éirim gan mheabhair,
Faoi ghéagaibh na g-crann a'uonar.



VI.



'S is misi atá lag,
'S am'chroidhe tá an chnead,
'S is deimhin nach gar dam faesiomh,
Le h-iomarcaidh searc,
Do phlúr na m-ban,
'S a píob mar eala air aon-loich;
A dlaoithe daithte,
Cíortha casdadh,
slíomach snasda craobhach,
'S mar a bh-fuighidh me ó cheart
A bheith sínte leat,
Is deimhin gur gar an t-éug dom.



VII.



Nach agam-sa tá an sgéal
Is measa faci an ngréin,
Air maidin's me a d-túis m'óige;
O's gur searbh gach éan
A labhras leis féin,
Air churrach nó air thaebh móna.
Do rinneadh mé chreach,
'S do sáruigheadh mo nead,
Agus d'fágbhadh mé gan aon neach,
'S má thá sin a teacht,
An fuacht a n-diaigh an teais,
A rúin-shearc mo bheannacht féin leat!




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services