Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tá mo lámh-sa briste.

Title
Tá mo lámh-sa briste.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Collector
Lyons, J. J.
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TÁ MO LÁMH-SA BRISTE.



I.



Tá mo lámh-sa briste, 's mo chnámha gan
fuinneamh,
A's is geárr go dtuitfead i lionndubh;


L. 124


Trí ráithe 's tuille atáim-se tirm
Gan cáirt nó gloine a dhiúgadh.
I dtabhairne an ghliocuis ba ghnáthach mise,
A's air mhnáibh ba mhinic mo chúrsa;
'Sé ('sí) mo stáid mo sheilbh lé grádh do'n
bhruinneal
Am' bhrághaid go sileann an crúsga.



II.



Siúd mar a cheapainn-se spré do'n ainfhir
Air fhéile fleasga (?) ós cionn tsáile,
O shliabh go Sionaínn, dhá dtrian de'n bhaile,
Bhl'atha-cliath a's Tiobruid-Ára.
Úirne a's Caiseal, Mumhan 'gus Mealair,
Cluain gheal Meala mar áitreabh;
Á cóstaidhe d'á mbreacadh lé h-ór buidhe
blasta,
A's fir óga 'tuitim i ngrádh léi.



III.



Is breagh iad a dearca 's a dhá súil glasa,
'S a píob mar an eala air an mór-ghluis;
Agus sgáile an tsneachta tá 'na leacain
A's is fíor go dtaithnigheann sí liom-sa.
A's a bhrighdeach mhilis, déan díon a's
cumann dam,
A's cuimhnigh feasta cad dubhras leat,
Mar siúd é 'n t-anam bocht tabhartha
ded' dheasga,
A's nach truagh mé damanta i ngeall
ort.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services