Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dán do Mhuire.

Title
Dán do Mhuire.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Contributor
O'Cinnéide, S.P
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DÁN DO MHUIRE.



S. P. O'Cinnéidigh ro chan.



I.



A bhainrighain na naomh 's na n-aingeal
Faoi d' choinirc indin 's go bráth
Cuirim mo chroidhe a's m'anam;
A Bainrioghain na ngrás 's an ghrádha!



II.



A bhainrioghain, a mháthair na bhflaitheas!
A bhairrioghain, a shompla na n-óigh!
Do choimirc, a bhainrioghain na n-apstol,
Iarrfad a's guidhfead lém' ló.



III.



A bhainrioghain deagh-aigneách, deagh-miannach!
A bhainrioghain, deaghshompla na m-béith!
A bhainrioghain deagh-labharthach, deaghchomhairleach!
A bhainrioghain deaghchroidheach, deagh-ghné'ch!



IV.



Go h-umhal, go h-ómósach, a mhaighdean,
Seadh shleachtuighim mé féin ós do chomhair;
Ag guidhe d'eadarghuidhe lé mo Tighearna,
O fagh dam go fialmhar A chobhair.



V.



Anois, a naomh-mhaighdean na maighdean,
Tabhair éisteacht dom' ghuidhe, athchuingíghim;
Deun síth eidir mise a's Iosa,
Gidh nach fiu mé, a Oigh, admhuighim.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services