Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cois na Fairrge.

Title
Cois na Fairrge.
Author(s)
De hÍde, Dúghlas,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

COIS NA FAIRRGE.



I.



Feadghaoil fhuar gheur
Na gaoithe géire fuaire;
Síor-shéideadh tríd an spéir,
Oc! liom féin is uaigneach.



II.



Árd-thorann na dtonn,
A's iad go trom ag bualadh;
An gharbh-gháir áidhbheul, árd,
Lé mo chroidhe cráidhte, b'uaigneach.



III.



Na faoileáin ag filleadh san spéir,
Ag geur-sgreadghaoil thar na cuantaibh;
Sgread agus sgríoch na n-eun
Lé mo chroidhe féin, Och, b'uaigneach.



IV.



Guth na gaoithe is na taoide
Ag síor-throid lé cogadh cumhachtach;
Muir, tír, spéir, a's séideadh na gaoithe,
Och, uile go léir is uaigneach.



An Chraoibhín Aoibhinn




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services