Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Cheoil Ghrinn Dhuthchais.

Title
A Cheoil Ghrinn Dhuthchais.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1887
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

A CHEOIL GHRINN DHUTHCHAIS.



I.



A cheoíl ghrinn dhuthchais gan samhuil comór-
tais,
Is binne d'fhuaim-se ná a g-cluintear
d'fonn,
Do ránna míne, taíd buan 'nár g-cuimhne,
'S ár g-croidhe dhá líonadh le guth do thonn.
Do chranaoil* annsa, bíodh treun nó
ceannsa,
'Sé thugann suairceas do'n ghaodhal tar sáil,
O cía 'g a bh-fuil fhios cá líachd é aoibhneas
Na n-dán do shéinneas clann Innse Fail!



II.



An t-umhal, an rábach, an turasach cráibhtheach,
An t-óglách gáirdeach d-taobh áile a rúin,
An file smuaineas cois abhann air d'
aoibhneas,
Táid uile claoidhte fé d' chomhachd ós
meodhain;
An deoraidhe cíochmhar, an saighdiuir fíochmhar,
An mháthair múinte 'g á duthchas fíor
A chuireann sógh air a báb neamh-shuanmhar,
Le h-abhrán nuaghmhar * dá buan-ghlas tír.



* Cranaoil, sound, tone
* Nuaghmhar, heavenly, from nuaig, heaven.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services