Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cáit O Gharán a' Bhile.

Title
Cáit O Gharán a' Bhile.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1889
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CÁIT Ó GHARÁN A' BHILE.
KATE OF GARNAVILLA.



[Garán or garrán is a grove or shrub-
bery, and bhile a large tree; garán a' bhile,
the grove of the large tree, is situated two
miles south of Cahir, in the County of
Tipperary.]


L. 124


CÁIT Ó GHARÁN-A' BHILE.



A raibh tú riamh a nGarán-a' bhile,
Nó bh-seacaidh tú, a nGarán-a' bhile,
An t-suairc-bhean óg
Na g-cuacha n-óir,
'Sí Cáit mo stór a nGarán-a' bhile
Araibh tú riamh a nGarán-a bhile &c.



Is gile í ná ealadh air línn,
'Sná sneachta air bhár na craoibhe cruinne,
'Sis mílse a póg
'Ná drúcht air rós;
'Sí Cáit mo stór a nGarán-a' bhile.
Araibh tú riamh a nGarán-a bhile &c.



Is binne a ceól ná lon 'sná smól,
Is 'ná Philomeól air chraoibh na suile
Mar long faoi sheól
Ais thoinn gan cheó
'Seadh chighim mo stór a nGarán-a' bhile.
'Sa raibh tú riamh a nGarán-a' bhile &c.



Cúghat-sa a Chríost cuirim mo Ghuidhe,
Má tá aon bhrigh a nGuidhe ó'n bh-file,
Gan cháin gan chíos,
Gan bhrón gan díth,
Go raibh Cáit 's a buidhin a nGarán-a' bhile.
'Sa raibh tú riamh a nGarán-a' bhile &c.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services