A mhúirnín dílis, Eibhlín Óíg,
Do ghléusas go búadhartha, chum glúaiste
thar taoide,
Óm' mhúirnín dílis, Eibhlín Óg;
Budh lúthmhar ár slúaighte, ag úalfairt go
gléodhthach,
Míofhoighdeach chum rúathair, d'éis lúasgadh
na bóchna —
Agus díograis mo chroidhe-se dá líonadh 's
dá chrólot,
A mhúirnín dílis, Eibhlín Óíg.
Budh dhíachrach an íarghuil 's budh chían-fhada
óm' réamhain,
Óm' mhúirnín dílis, Eibhlín Óg.
Do thaisgeas ar fhíadas, lé dían-ghean mo
chléibh dhi,
Mo mhúirnín dílis, Eibhlín Óg;
Air fhógairt an t-súaimhnis, do lúathas ó'n
ármhach,
Ag casadh air thúairisg mo shúabh-chailín
ghrádhmhair —
Acht fáraoir! 'san úaigh a seadh fúaras-sa
m' ádhbhar —
Mo mhúirnín dílis, Eibhlín Óg.
Friars' Walk, Cork,
15th September, 1888.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11