Historical Irish Corpus
1600 - 1926

From Captain Norris to the Hon. Sec. of the Gaelic Union.

Title
From Captain Norris to the Hon. Sec. of the Gaelic Union.
Author(s)
Mac Dáibhi de Norradh, Tomás,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FROM CAPTAIN NORRIS TO THE HON. SEC.
OF THE GAELIC UNION.



Ashaoi fhoghlumtha thíorghrádhaigh.



Do fuaireas do lithir de'n t-seachtmhadh lá deug de
Mharta, agus go deimhin badh thaithneamhach liom mar do
léighidh sí. Deir tú ínnte nach dóigh leat go bh-fuil
mórán feasa agamsa ar an mhéid oibre agus maitheasa
atá déunta tre shaothar chomhchumhainn na gleidhilge A
n-Eirinn. Go bh-fóiridh Diá órt. IS beagh a theagh-
mhuigheanu anns an t-sean-dhuthaigh eadraibh, ná bidheann
a fhios againne annso cho luaith a's tharlaígeann sé ann
bhur measg, agus is sé mo bhron trom nach bhfhuil tuar-
asgbháil niós meisneamhla ag teacht chugainn ua n-ar
n-oiléan n-áluinn nglas thar an mhuir mhóir. Ir beag
is gadh dhuit a n-insint dam an obair chruaidh atá idir
lámhaibh agat féin agus ag an g-cuid eile d'en chomh-
chumann tíorghrádhach, acht tá an obair maith, agus is
fíu an siocar agus an cosdas í. Ní h-aon ióngnadh go
m-beidheadh mí-mheisneach orrainn anois agus arís 'nuair
a chidhmíd an neamhshuim atá ag Eireannchaibh anns an
d-teangain mhín mhilis budh ceart dóibh a chleachtughadh.
Nach n-dóigh leat go bh-fhuil mallacht éigin ar shliocht
na ngaodhal 'sa rádh go n-diultuigheann síad an teanga
bhreágh thug solus do'n domhan sul do smuaínigheadh ríamh
ar an d-teangain mhalluighthe, nár labhair focal maith
fós aríamh ar son na h-Eireann, nó ar son aon duine,
nó aon nídh do bhaineas léithe: go d-tógann síad suas
an t-slat do smachtuigheas íad, agus nach d-tugann siád
acht súil cham ar theangain na naomh agus na n-ollamh.
Acht a chomhchumhainn dhílis, a Chraobha, de shiol fiúghantach
na h-Eireann, leanaidh de'n obair mhaith, agus ná leigidh
do'n Irisleabhar tuitim. Tuigidh gur'nuair a bhídheann
an saighdiúr crógach a lár an chatha, is ceart dó an
meisneach is mó do bheith aige. Tá do sgeul 'san litir
cosamhuil le n-ar sgeul féin annso; Tá beágán dínn ag
oibríughadh go dían ar son ar d-teangan agus ar d-tíre
agus mórán a gáiridhe Fúinn mar gheall ar ár saothar,
ag saoiltin gurb' íad Féin atá cíallmhar.



Ní'l gadh dhinnsinn nach gan cosdas is féidir an obair
so do dhéanadh, leis. Dá laighead an mhaith do thigeann
as ar saothar, is mór an dithfir atá anns an duthaigh so
andíudh agus deich m-blíadhna ó shoin ar shuimiúghadh na
Gaoidhilge. Do bhídheadh náire ar an tuata budh gar-
bhaidhe a léigeann air gur thuig sé focal de theangam
a thíre. Agus tá a fhios ag Día go g-cuirfeadh cuid aca
asal ag gairidhe, ag cur a ngotha tre na smuilc, ag
déanadh Puncáin díobh féin sul am-beidís blíadhain 'san
tír. Anois buidheacus le Día, tá ár d-teanga ársach
módhamhuil ar fad agus leithead na tire móire so.
Ní'l náire ann a labhairt níos mó, agus is mínic do
cloistear í mar adhbhar sgrudála ameasg uasal fogh-
lamacha a n-áitena nár shaoileamar go rithseadh sí go
deo. Bídhid na daoine is áirde 'san g-cathair so anois
ag gach dáil agus coimhshéinim a bhídheann aguinn, agus
táid sgoilteana nuadha dá g-cur ar bun agus ag dul a
n-iomadamhlacht ann gach cathair anns na stáidibh coimh-
cheangailte so. Mar a deir tú inns an labhairtín do


L. 91


chuir tú chugam, ní gan oibir, agus cosdas agus faire
dlúth is féidir linn dul ar aghaidh. Agus anois, a shaoi
dhílis thiórghrádhmhair, na H-abair go bráth nách bh-fuil
tú, ná an comhchumhann áluinn, neamhchuítighthe 'san obair
atá síbh a déanadh. Tabharfaidh an sásadh aigeanta do
gabhfaidh síbh as an smuaine gur dhéanamhair bhúr
n-oibliogáid do choimhliónadh do bhur d-teangain
tíorthamhail agus do bhur naisiún, dualgas adhbhal
díbh. Tabhairfidh an smuaíneadh sin fein flaitheas beag
díbh anns an t-saoghal so, agus le congnamh Dé, flai-
theas mhór naomhtha 'nuair a beidh deire le'n bhúr ngnó
maith annso. Ná léig do'n Iris-leabhar báfughadh!
Caithfidh síbh iodbhairt do thabhairt (mar atá cuid dínn
a déánadh annso) ar son na maitheasa amhairfidh a
g-croidhthibh na n-daoíneadh tá le teacht, agus do choimh-
eadfaidh síbh beo nuair a bheidh síbh marbh. Budh mhaith
liom tu do sgríobhadh chugam anois agus arís. Ná
dearmuid an t-Iris-leabhar do chur chugam gac ráithe.
Anois, ní bodharfad thú níos mó anns an g-comhradh so,
acht fanfaidh mé do sheirbhiseach go h-umhal.



Tomás Mac Dáibhi de Norradh.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services