Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Honouring a Patriot Priest.

Title
Honouring a Patriot Priest.
Author(s)
Fitzgerald, Rev. Thomas,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 83


Do'n Athair Pádruig a h-Aenghúsa air a
chúigiúghadh bliathain fhichiod mar sagart dó
in Eaglais Dé. Go m-buanuighe Dia an
fhaid eile os bur g-cionn é, an fear fírin-
neach, grádhach, measdamhuil a's ceannamhuil
air a theanga 's air a thír, águs sagart na
m-bocht go bás.



Athair Dhílis:



Tá sé 'nois a b-fad 'sa g-cian,
Agus suas le dathad (1) bliadhain,
“O cuireag amach” in Innis Fáil,
D'aithir a's do mháthair 'sa g-cuid trios-
gáin (2)



'Sis le láimh láidir do thóig na báilídhe
Seilb air a raib air fuaid an tíghe;
Na ba na capaill agus na barraíde, (3)
'S níor dh' fhágadar féin fiú an gharraídhe.



Chuir tighearnaidhe tíre gan truadh gan dao-
nacht
Áir fán air fuaid an domhain na céadtha;
Agur na mílte de Chlanna Gaodhalaibh
Air muir 's air tír dá n-deasga ag éugadh.



Acht b é (4) gur smachtuig Dia a chaoine
féin.
'S gur sheoil Sé iad ann imigéin;
Chum go d-tabharthach Clanna Gaodhail
An creideamh leó air fuaid an t-saodhail.



Chuir tú annsann dhíot go Sagsanna
Nuadh, (5)
'S chaith tú seal ag obair 's gnódh;
Bhí slídhe dheas beatha agat a's ealaÍdhe,
Acht ní rabais sásta ann aon t-slídhe.



Bhí buairt aigne ort 's tú trí na chéile, (6)
Anuair a thagach (7) gach ceann féile;
Acht le urraim dod' mhuinntir agus le meas
Níor labhair tú leo air giorréiseach (8) ná
pras.



Acht ag brúghadh fút ag cuimhneadh 'sag
machtnamh
Air a ngnódh bhí air d' aigne anois le
sgathabh; (9)
Sé sin, an chuid eile ded' shaoghal do chaitheamh
Mar fhear ionnuid Dé air a d-talamh.



Chuaidh tú annsann gan mhoíll mar sgoláire.
O dheas air fad go d-tí Sléibte Mháire;
Ad' chuir féin a g-cóir chomh maith is bh-féi'ir
leat,
Ag foghluim Fraíncis, Laidion a's Gréigis.



Chuaidh tú as sann anonn go dí'n Róimh
Chum do chúrsa léighin do chríochnúghadh;
'S t'réis roinnt bliadhanta ann do chathadh,
Do chas tú thar 'nais chughainn thar calladh.



Thug tú trí bliadhana í g-Ceill Naomh Pea-
dair
'S i bPoirt Eibhlís trí no ceathair;
Faoi bhúidheachus ionnta a's faoi mheas,
D-taob d'fheabhais chum daoine chuir air a
leas.



'S ocht m-bliadh'na déag air chnámh do dhíthchill,
Tugais ag múnadh an beag 'sa mór, uasal
a's ísiol;
Is 'mó deidhghuidhe ort 's béannacht na
n-daoine,
Age bocht a's saídhbhir, óg a's críon a.



Is minic do chuaidh tú thar d' acfuinn,
Chum athanta Dé dhóib do spreaga;
Ag tabhaint comhairle dhóibh a's d'a d-tea-
gusg.
Le briartha do bhéil a's sampla do beatha.



Tá tú badhmhar, dílis agus fíor
Dod' chreideamh, dod' theanga 's dod' thír;
Urraim a's meas ort air fuaid na Stáit,
“Sláinte gheal chughat” teacht o gach áit.



Mar bí tú diaganta, rialta, ciallmhar séimh
leó,
Ag craobhsgaoile an chreidimh, a's athanta
Dé dóibh;


L. 84


Ag tabhairt comhairle a leasa dhoibh le
féirim,
'S carthanacht a's truadh, gach am, ad'
bhréa'thra.



Bo tú an sagart fonmhar, dithciollach dian,
Do rin obair mór a's dh'fhág rian
Do lámha 'guinn, an ceallsa, chum guidhe
ann,
Do mhairfhig 'nar ndiaig go deó a's choídhe.



Bá mhór é do chúram agur d' ímshníomh.
Dá n-aodhaireacht a's d'a spreaga chum
deidhghníomh;
'Sag tabhairt comhairle, ghan sgíth, do gach
n-aon,
“Tabhair aire dod' anam a's seachain an
braon.”



Is mórtus duit féachaint air thionól aa lae
seó,
Pobal mór, Easboig a's cléire,
Bailighthe annso a d-teannta chéile,
Le bádh 's grádh a's greann duit, a shéimhfhir.



Sguir a n-am, 'sé 's áil linn,
S thabhair fóghadh anann thar sáile,
Chum misneach do chuir ort, 's tú chómhad o
bhaoghal,
Feabhas air do shláinte a's fad air do
shaoghal.



Leis sin, bídhmidh feasta guidhe dhuit,
Go dúirachtach chum Rígh na ríghthe;
Tú thabairt slán anonn 'sa nall thar
treunmhuir,
Gan tinnios fairge, fá tharmuinn Dé chú-
ghinn.



'Stú bhuanughadh an fhaid eile 'n-ar measg,
Chum sinn do stiúrughadh 'sdo chuir air ar
leas;
Saoghal fada chúghat, a's bás naomhta,
Anuair is toil le Rígh na ngrás thú ghlaoghach
uainn.



'Sgo rabhair, 'na dhiadhsan, as comhair na
Trínóide,
A bh-fochair Phádruig naomhtha, Easbog Críoch
Fódla;
Ag guidhe air ar son, agus aig fóirthinth,
An fhaid is béid Dia ag caiteamh na glóire.



An 29 de mhí na Bealltaine, 1888.



(1) Forty. (2) Furniture. (3) Crops. (4) May be,
perhaps. (5) America. (6) Uneasy. (7) A thagadh; used
to come. (8) Curt. (9) Some time.



NOTES.



Measdamhuil, Munster form of measamhuil.
Cuireadh amach, the ordinary phrase for eviction.
Féin fiú an gharraídhe, even (féin) the potato patch.
Chuir tú dhíot, you went.
Eallaidhe, profession, science.
Brúghadh fút, etc., waiting patiently for a chance.
Sléibhte Mháire (Sliabh Naomh Máire) Mount St.
Mary, Md.



Ceill Naomh Pheadair, St. Peter's Ch., Jersey City.
Port Eibhlís, Elizabethport.
Air chnámh do dhíthchill, i.e. on your best — here in St.
Patrick's Church.



Theanga 's dod' thír, Father Hennessy is very patriotic,
and an ardent lover of his native speech.



Sláinte gheal, congratulations.
Ceall-sa, i.e. this church, which he has built — the
finest in the diocese of Newark.



Seachain an braon, Father Hennessey is an ardent
advocate of temperance.



Is mórtus duit, great source of pride.
Chómhad o bhaoghal, i.e. of breaking down in health.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services