Historical Irish Corpus
1600 - 1926

O'Curnan's Song. 'A Mháire mhilis bhreágh.'

Title
O'Curnan's Song. 'A Mháire mhilis bhreágh.'
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1887
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

O'CURNAN'S SONG.



A Máire mhilis, bhreágh,
A d'fúig an chnead so am lár,
Nach leigheasfadh sin oileán na Fódla,
As go m-béarfainn dar mo láimh
Dá d-tuigfeá féin mo chás
Nach leigfeá mo bhás gan fóirthin.


L. 48


O'CURNAN'S SONG (SECOND VERSION).



I.



Nach truagh sud fear mar atáim,
Gan fios mo leigheas le fághail,
Acht amháin so gur bean do bhreoidhig me;
Mo leigheas ní'l le fághail,
Ní'l mo leigheas acht aír do láimh,
Ní'l mo leigheas acht ag bláth na h-óige:
Ní aithníghim teas tar fhuacht,
Ní aithníghim lon tar chuach,
Ní aithníghim aon uair mo cháirde;
Ní aithníghim oidhche tar lá
Acht d'aithineoch mo chroidhe mo ghrádh
Dá d-tagach Sí a d-tráth agus foirighthin.



II.



A Mháire, is tú mo ghrádh,
Grádh lem' chroidhe do ghrádh,
Grádh le tnúth gan tréigion;
Grád ó thús go fás,
Grádh ó aois go bás
Grádh a raghaig go dlúth do'n chré liom
Grádh a thug mé féin duit
Grádh a d'fúig a b-péin mé
Grádh gan cham, gan chlaon, gan chantlamh.
Acht an bháb is gile déad
Is breaghtha braoithe (eyebrows) a's Sgéimh
Mo leun nach liom féin tu a Mháire.



III.



A Mollie, is tú mo chiall,
Is tú a chlaoig mé a b-pian,
Tráth go smuainim ort chomh déigheanach;
Gach a b-feacaidh de m' cháirde riamh,
Go bh-fágfainn iad am dhíaig,
Níos túsga 'ná bheidhinn ad' t-éaghmuis.
Ní ithím únsa bídh
Ní chodlaim neul ó luighim
Acht tagann osnadh am' chroidhe gan faosamh.
Mar a bh-fuighidh mé uair na guidhe,
Air dhian mhór-ghrádh mo croidhe,
Ní mhairfidh mé beó mí air an saoghal so.



IV.



A Mháire mhilis réigh,
'Sa cholpa an t-séim;
Mharbh tú go léir led' ghrádh mé,
Agus go m-budh bhínne liom do bheul
'Ná an lon air bhár na ngeug
'Sná seiniunt air gach teud dá áileacht.
Is búclach cas do chéibh,
Is dlúth, geal do dhéad,
Tá tnúth fir an t-saoghail led' gháire;
Chum labhartha, gasda, claon,
Is cúmtha deas do bheul;
Sé mo chreach nach liom féin t-annsacht.



V.



Fóir, a chumainn, déan,
Agus tabhair póg dam ód'bheul,
Agus tóg anois chúghad féin ó'n m-bás mé:
No órduigh mo leaba chaol,
A g-comhra cluthmhair déal
A bh-fogus don daol 's dá cháirde.
Ní beó mo bheó, acht eug
Ní'l am' ghlór acht gaoth
Ní'l orm snuadh, saoghal, ná sláinte,
Acht go deórach, brónach, tréith,
Gan ceól, gan spórt, gan réim,
Acht mór-chuid a b-péin 'sa ngrádh leat.



VI.



Mo chreach agus mo chás
Nach duine mé mar chách
Ghlacfach le mná an t-saoghail so
'Sgur airgiod buidhe 'gus bán,
Chaithfidh siad a dh'fhághail,
Tabhairt searc agus grádh d'á chéile.
Do chumann agus do pháirt,
Agus baraidhe geal do lámh,
So d'iarrgfainn mar bhárr Spré leat;
Acht a bhean úd a tá am'chrádh
Mar a réighfeadh tú mo cás
Nár thagaidh tusa slán ód' chéad mhac.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services