Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Air an m-Bás.

Title
Air an m-Bás.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1887
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AIR AN M-BÁS.



A Sermon spoken literally as below very recently.



Soisgeul an xv. Domhnaigh deís Cíngcíse
ann so:— “'San am san, etc.”



Ní'l sé ró fhada a dhr. ó righne me an
soisgeul so do mhíniugadh do reír a chéille
spioradálta, thugas teagasg díbh air bhás
spioradálta an anma, agus air an b-peacadh
a chuireann 'san riocht-san é: andiu is mían
liom beagán focal a rádh air an m-bás
nádúrtha a tá i n-dán dúinn go léir.



Tá sé ceapuighthe do gach n-aon de'n chine
daonda bás do fhaghail aon uair amháin, agus
tar éis an bháis tagann an breitheamhnas. Ni'l


L. 25


nídh air bith is fírinnighe 'ná go bh-fuilmíd
go léir ag tríall air an t-síorruidheacht gach
lá do eirgheann orrainn, acht cá h-am 'ná cá
h-áit a thiocfas an ghlaodhach orrainn ní'l aon
fhios againn; mar do réir ár Slánuightheóra
“tiocfas an bás i gan-fhios mar ghaduidhe
'san oídhche.” Dá réir sin tiocfas an lá úd
orrainn go leír — orraibh-si a dr. agus orm-
sa — nuair a chaithfimid imtheacht as an sao-
ghal so; tiocfas an t-am nuair nach m-bheidh-
míd le feicsin níos mó; beidhthear ag guidhe
le 'n ár n-anam, agus beidh trácht orrainn
ameasg na g-comharsan air feadh tamaill,
beidh daoine ag eug-caoineadh orrainn, agus
ár muinntir feín ag caoi-ghul air feadh
sgathaimh, cuirfeas sgeula ár m-báis úaig-
neas air dream, agus uathbhás air dream
eile, acht ní sheasochaidh so i bh-fad, mar tar
éis dúinn a bheith as radharc tamall beidhmíd
go luath as chuimhne chomh maith; an san ní
bheidh trácht ná tuairisg orrainn agus deun-
faidh an saoghal 'n ár n-eugmais chomh maith
a's nar rabhamar aríamh ann. Acht a dr. an
g-cuirfeas an bás deire linn go h-iomlán?
Cuirfidh sé deire le 'n ár m-beatha san sao-
ghal so acht is é tionnsgnughadh an t-saogail
eile é. Tá an bás mar dhoras air an
t-síorruidheacht — doras a g-caithfimíd go
léir dul tríd — doras a fhosgaileann amach
air bhealach do bheurfas sinn i látair Dé,
chum seilbh do fhaghail ann, nó é chailleamhuin
go bráth a's choídhche. O! nach cuma dhuinn
an san dé 'n t-slighe beatha bhí aguinn air an
saoghal so, muna righne sé sinn do threo-
rughadh chum Dé. Nach cuma dhúinn cia aca
saoghal fada nó saoghal gairrid a bhí aguinn,
cia aca i rachmas nó i n-anachra a chaitheamar
é, cia aca rathamhail no gan rath a bhí ár
saothar, cia aca fé mheas a bhídheamar nó fé
tharcaisne, mar anois atá deire go brath
leis na neithibh seo, tá ár d-turas tabhartha,
tá ár saothar deunta. O! nach mairg dúinn
nach nglacamaoid cómhairle ó n m-bás mar
is é an comhairleóir maith é. “Cuimhnigh air
do chrích a's ní thuitfidh tu san b-peacad
go bráth.” Anois chum an uair chrith-
eaglach san do thabhairt chum ár n-inn-
tinn go soilleír measamaoid go b-
fuilmíd i láthair duine a tá ag faghail bháis.
Tá an sagart tar eís a bheith i n-a fhochair, tá
sé tar éis a fhaoisidín do éisteacht agus an
ola bheannuighthe a chur air, agus atá an
deoraidheach bocht ag fanacht leis an órdughadh
chum imtheacht as an saoghal so. Feuch air
sínte síar go tréith lag, agus duagh an bháis
air. Tá a bhrígh a's a lúth ag imtheacht as,
tá sé ag cailleamhuin a mheamhrach a's a
mhothuighthe, agus ag tionsgnughadh ag speamh-
raighde; tá a anáil gairrid agus a ucht ag
eirghe agus ag tuitim leis an ualach atá air
a chroidhe. Tá sgáil ag teacht air a shúilibh
agus an solus ag imtheacht asta, agus a
mhala fliuch le fuar-allus. Ta fuacht ag
teacht 'na rathachaibh agus a chuid féitheach ag
crapadh. Ta grothal an bháis ag teacht 'na
sgórnach, agus le h-osnadh fada dochrach
imthigheann an t-anam as. Seo radharc a
dhr. chidhmíd go minic, agus beidh sé mar chás
aguinn féin go luath.



Deunamaoid anois an t-anam do lean-
mhuin air imtheacht do as an g-colann. Tar
éis dúiste dho air an d-taobh thall de'n
m-bás faghann sé é feín ann dúithche uaig-
neach, ait, gan fios aige cá bh-fuil sé dá
threorughadh. Airigheann sé 'na thimchioll
glórtha neamhchoitionnta mar fuaim na
fairge, agus gutha i g-cosamhlacht le siol-
laidhibh gaoithe. Chidheann sé (d'réir mar a
mheasamaois san saoghal so) go bh-fuil sé
'na sheasamh air bhruach faille, cois fairge
fraochmhaire teinne, agus í sin gan cuan gan
caladh, gan port gan tráigh. Chidheann sé
ag snámh san daigheagán sin anamnacha
daoineadh do imthig roimhe as an saoghal so,
agus íad dá luasgadh anonn 's anall i
n-gaisidhibh teinne. Ós a cheann anáirde tá
soillseacht glóire agus Iosa Críost ag
teacht air chathaoir solais chum breith-
eamhnas do thabhairt air. Ós a chomhair
amach atá leabhar ann a bh-fuil sgríobhtha
síos go soilléir a pheachaidhe uile gan mear-
bhal ná dearmad. Tá na droich-spioraid


L. 26


taobh leis ag íarradh an chúis a chur na
choinne agus na spioraid mhaithe ag plé air
a shon. Níos luaithe ná is feídir é d'innsint
tá an bhreitheamhnas tabhartha, agus d'réir
mar atá peacaidhe a shaoghail glanta amach
le h-aíthrighe agus le leórghníomh nó mar a
thug sé leis go d-tí an saoghal eile íad gan
a bheith maithte dho ionnta, beirthear suas é
chum árais na n-aingeall, nó sgiobtar sios
é go d-tí ifrionn na n-deamhan chum a
b-pianta do fhulaing air feadh na síarrui-
dheachta.



O a bháis! O a bhreitheamhnais! dé chúis nach
g-cuimhnighmíd orraibh níos mionca? Cad
fá a dhr. a bh-fuilmíd ag ruith i n-díagh ár
g-cinn asteach i m-beul an leoghain agus i
g-clab na péiste? Íarramaois air Dhía na
trócaire grása thabhairt dúinn go g-cuimh-
neoghamaois le tairbhe air an m-bás agus
air an t-síorruidheacht, chum go m-beidhmís
ullamh, 'nuair a thiocfas an ghlaodhach orrainn,
dul i láthair Íosa Críost ár n-Día agus ár
m-breitheamh. Cuirimís sinn féin fé choimire
na Maighdeana Muire, iarramaois uirre
sinn a threorughadh i m-bealach ár leasa, 'san
saoghal so; sinn a chosaint air chealgaibh an
namhad gach tráth, agus go mór mhór le linn
ár m-báis, agus fé thearmann mháthar mhic
Dé beidhmíd gan bhaoghal ag dul go breith-
eamhnas, agus le cungnamh Dé ní dheunfaidh
ár Slánuightheóir sinn do dhaoradh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services