Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tAm atá teacht.

Title
An tAm atá teacht.
Author(s)
De hÍde, Dúghlas,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN TAM ATÁ TEACHT.



(Leis an g-Craobhín Aoibhinn.)



Tá athrughadh ag teacht, agus athrughadh mór,
Ní bheídh brígh i n-dligheadh no stór,
Eíreóchaidh an té bhi beag go leór,
Agus tuitfidh anuas an té bhi mór.



Tiucfaidh an uair (ni fad uainn í),
Hi bheídh neart i reacht no i n-dlíghe,
A's cromfaidh an múineul nach raibh crom,
An uair a thiucfaidh se tiucfaidh sé trom.



An uair a thiucfaidh sé tiucfaidh se trom,
Beídh se ramhar an té bhí lom,
A's beídh se lom an té bhi ramhar,
Ag glaodhach air conghnamh a's é gan cabhair.



Árdochar an t-ísioll, (is fior an Bárd)
Ísleóchar arís an nidh bhí árd,
Athróchar an domhan ó'n m-bárr go bonn,
An uair a thiucfaidh se tiucfaidh se trom.



An uair a fheicfeas tu sin ag teacht,
Agus an tír gan dligheadh gan reacht
Caithte sios, a's iad gan bhrigh,
Cuimhnigh orm, 'sná bris do chroidhe.



Tá an Saoghal so mar long
Siúbhal go sior air bhárr na d-tonn,
Seal go ciuín a's seal faoi stoirm,
Ameasg na d-tonn mór, garbh, gorm.



Tá an Saoghal so 'nna chrann,
Bárr-ghlas craobh-bhog caírt-mhín sleamhain,
Agus péistín ann go dlúth,
Ag íth' a chroidhe 's ag diúl a shúgh.



Acht ó'n d-tráchlas seargtha fuar,
Fásfaidh aníos plannda úr,
Geobhfaidh an sean-domhan bás gan truaigh,
Acht fásfaidh an domhan óg as a uaigh.



Nóta. — Tráchla seargtha = withered rubbish.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services