Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oidheadh an Chait Ghlais.

Title
Oidheadh an Chait Ghlais.
Author(s)
Ó Coinnealbháin, Seumus,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

OIDHEADH AN CHAIT GHLAIS, LE SEUMUS
Ó COINNEALBHÁIN.



A éigse an t-seanchais, aithchim bhur nguidhe
go pras,
A ngaedheilge ghasda, athchumair, líomhtha
beacht;
Cum Rígh na n-apstol do dhealbhuig aer a's
neamh,


L. 54


Ceandail a's carra air an asaire chlaoidh
mo chat.
Táimh a's creachadh go n-deachaidh 'na shlighe ó
neamh,
Gráin a's mairg go d-tagaidh na bhaill gan
fuireach.
Náire, a's aithis, masla, mío-chlú, 'smío-rath;
Le pian 'na bhathus ná sgaipfidh go h-eug
de'n spreas
Bás gan sagart, gan Aifrionn, go b-faghaidh
an spaid,
A d-teaghlach dealbh gan aireachus ban ná
fear.
gan soillse air lasadh air a chreatalach
buidhe mar reacht.
Ná píopa tobac le caitheamh, pins snís na
dram.
An canncar dearg go d-tagaidh na dhrann-
dal cas.
Gan leigheas ná furtacht go g-creimidh a
shrón'sa chab.
Lubhra, deartacha, a's dathacha dubha d'á shlad,
Le diu gach ainimh …
Go leaghaidh mar shneachta an gaige thugh eug
dom' chat,
A radharc go g-caillidh gan aisiog aris tar
ais.
Rígh na n-Aingeal go leagaidh 'na mhaoil an
teach,
A's guidhim do fairis an mhallacht do'n fheinn
tug Art. *



Go bh-faicead an spangartach asaire sinte
a sgailp.
Líonta de chneathacha dearga, ó mhaoil go h-
ailt.
A bheul air leathadh aige, ag dranadh le
h-íota a's tart,
'Sgan aon ag freasdal air chuirfeadh braon
díghe na chlab.
Go bh-feicead an folaire in othrach sínte a
g-clais,
Claoidhte, treasgartha, amhuil do bhí mo chat,
Míola dearga ag poladh 'sa g-cinn asteach,
Ag bruighean 'sa caismirt le h-uireasba
slíghe air a chneas.
Ár a's easba go d-tagaidh 'na dháil fá sheach
Agus algus daingean gan aisiogadh tráth
ná seal
An cladhaire spleasgach do marbh gan fáth
mo cat
Air ghreim d'fheoil galair bhí seachtmhain air
méis na spaid.
Basgadh a's brúghadh 'na chlúid gan lúth gan
rith,
A's gráin 'na chúl 'sa shúile ag mún 'na sruth,
Go m-bristear a ghúnga a m-beárnain
chumhang 'san t-sioc,
As galar dúbach air d'fhágfaidh súighthe a
dhriuch.
“Aithchim a's éighim …
Air an Athair geal Seumus † seimh Rastun
na bh-fleadh.


L. 55


An t-salm do léigheadh le fraoch a's duthracht
ceart,
Ag cur seacht ngalar an t-sléibhe air an
m-baothlach chlaoidh mo chat.
Aithchim aris …
An tan rachaidh in aibhíd a ghuidhe chur suas
go neamh
Báitheadh na coinnle, as dúnadh bíobla an
reacht
A's bhuaileadh le fraoch cloigín le druim an
spreas.
Is ad gharrdha, athair dhil frith mo chat,
Claoidhte, treasgartha, marbh, lag-bhrígheach
a g-clais.
A aghaidh beag ceannsaighthe, greadaighthe o
chúlaibh ceap
A's fíor-mhac beasgaig d'á chaitheamh de
dhruim in sgairt.
Air an adhbhar sin labhair a's tabhair do ghuide
gan fuireach,
Leigh salm na mallacht d'éis aifrinn go
líomhtha pras;
Mill as malluigh an smalaire de shíolrach
spreas,
Coinneal-bháith an smalaire, 's ón eaglais
deighil é amach.
A shuadha aithchim bhur g-caradas grinn le
searc,
Idir thuata a's shagart fíor-eagnach, gaoise
a's beart:
Air cuaird ma rachann an t-asaire buidhe
bhur measg,
A chruadh-chroit greadaig, as cuiridh-se laoi
lem' stair.
Air d-tús ort aithchim a Dhonnchadh uí Cheirín
chaoin,
O Chnoc na g-caiseal narab gasta od' bheul
gach laoi,
Ma's triall dom' rannaibh-se ad t-amharc
ad dhail nó ad' shlíghe
Táthuigh asta, na h-eitigh go bráth m'impidhe.
Mo leun, mo mhilleadh, nach feasach mé fein
cá m-bionn,
An glé-ghlas tuigseach, 'se Uiliog ó Céirín
caoimh,
An t-éigseach cliste, séimh-fhriotal na m-
briathar ngrínn.
Is léir 'sis loinneach do cuirfeadh lem'
shaothar laoi.
Do reir mar chluinim tá file ceart-bhriathrach
binn —
AnGall-bhaile Atharla no a bh-fogus do'n
áit a bhidheann,
Diarmuid a ainm de chine na Rianach caoin
Mo pháirt ma ghabhann biadh agam na cháirde-
as Críost.



Teidhid siad Dia Domhnaig chum aifrinn
Rosy'na n-dorn a's prayer-book,
'Sle linn na sacrála do dhéanadh
Is iompuighthe bhionn an taobh clé dhe.



Is there any person who would send us this or any other
composition of Darby Ryan.



Gan soillse air lasa &c, without candles lighting at
the shoemaker's wake; without a pipe or tobacco, a pinch
of snuff, or a dram of liquor. These things in Munster
were at every wake for the persons coming to watch or
visit; to be without them at the date of the poem were a
shame and a disgrace.



DATE OF COMPOSITION.



Ag so síos alaoidh re h-eifeacht
Na bliadhanta is aois d'ár d-Tigearna naomhta
Trí ceannair air fionmhuin taobh re glé-dhair
Amhancoll, dís fé agus iodha aonair.



THE NAME OF THE SHOEMAKER.



Aínm an asaire cealgaich, bhréin le riomh;
Go diamhair, athchumair, gasta, le h-eirim pinn.
Go glé cuir file g-cruaidh-fhriotalaibh gaedeilge síos
Oir roimh ceathair, is eatorra léirig dís.
Má tá file re ceacht is reachtaibh iuile,
Do thuigeas go beacht na dreuchta subhachais,
O Atharla a n-deas go baile a dhúthchais,
An te threasgair an cat fagh ainm duinne.



VOCABULARY.



(Our space is too limited to give definitions, grammatical
rules, &c., fully as we would wish.)



Eigeas, g. -gis, pl. -gse, s.m. a learned man. Aithchim,
I beseech.
Beacht-ta, exact; dhealbhaigh, did form; ceandail, lice.


L. 56


Carra, scurvy; asaire, a shoemaker; Chlaoidh, did
destroy; táimh, death.
Creach, pl. creacha, ruin; go n-deachaidh, may they go;
but deachaidh is past tense, and the optative has no
past tense; go d-téidh; aithis g. -se, reproach, con-
fusion; mio-chlu, infamy; teaghlach, house.
Aireachas, g. -chais, care; dealbh, poor; mar reacht, as is
the law, i.e. the custom; dranndal, gum; not in
dicts.; Lubhra, leprosy; darthaca, tetters.
Dathacha, rheumatism; diu = diogha, the worst; aineamh,
g. -nmhe, a blemish.
Leagh, inf. -ghad, to melt; go leaghaidh, may melt, opt.
Mhaoil, a bare or bald head; Fairis, in addition.
Fiann, g. -feinne, pl. Fianna, the Irish militia under
Fionn Mac Cumhail.
Spaingeartach, I do not know; sgailp, cave or den.
Freasdal, to minister, serve; clab, -aib, a gaping, open
mouth; folaire, a miserable creature.
Cneathacha = cneadha, pl. of cneadh, a wound; othrach, g.
-aich, dung.
Easba, want; algus, a false desire of stool; cladhaire,
thief.
Greim d'fheoil Galair, a bit of some diseased animal.
Basgadh, being stuck in the mud or quagmire, and unable
to get out of it.
Clúid, a corner; gunga, I do not know.
Driuch, a snout, an angry look; súighthe, parched, soaked.
Eighim, I cry out to.
A h-ucht = as ucht, for the sake of.
An t-sailm, called, lower down, salm na Mallacht.
Báthadh [sé] na caínnle, let him drown (quench) the
candles.
Dúnadh [sé] bíobla an react', let him shut the Bible of
the law.
A's buaileadh [sé] an cloigín, let him ring the little bell:
these ceremonies were performed in excommunica-
tions.
An spreas, the unmanly fellow. Can any reader say is
this word indeclinable as here; and if not, what is
its gen. frith, was found.
Scairt, a thicket; ceannsaighte, meek; o chúlaibh ceap,
with the back of a last; coinneal-bhaith, excom-
municate; Suadhá, a learned man; tuata, a layman;
in Waterford, it is now always au unlearned man, I
think, and pronounced as its plural would be, tua-
taidhe; Fior-eagnach, truly-wise.
Cuiridh Laoi Lem' stair, add a lay to my history, i.e., add
a stanza to this poem, Tátuigh, weld; asta, out of
them, i.e. add to them.
Gléir, pure; Loinneach, joyful; beasgach, a harlot.
Cáirdeas-Criost, a sponsor; biadh agam'na chaírdeas
Criost, I will have him godfather to my child.



There are some words in the poem I do not know well
enough to decide their meaning — any person in a
locality where these words are spoken ought to com-
municate with us. What is sailm na Mallacht? —
seacht ngalair an t-sléibhe?



Liaigh gach othar.
Every invalid is a physician.



Níor innis galar fada breug.
A long illness did not tell a lie.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services