Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Leanbh Sighe.

Title
An Leanbh Sighe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN LEANBH SIGHE.



I.
Do tháinic bean go sroth cois leasa,
Le h-eirghhe 'n lae ag gul 'sa caoidh,
So mar dubhairt 'sí bualladh a bas, 'sa
Glaodhach ós árd air ríoghan na sigheadh;
“Cad fá 'r mheall tu leat mo leanbh,
Á chur fé dhraodheachd le cealg suiridhe,
Táimse 'nois 'san saoghal gan taithneamh,
Cad fa 'r fhuadais searc mo chroidhe?



II.
“Air na sléibhtibh, trís na gleanntaibh,
Mar righn' mo leanbh súgra tráth,
Le bláth 'gus mín-sgoth 'g fas 'na theannta
An súd am' fhánuighe táim gach lá;
Am fhánuighe tnáite, le croidhe cráidhte,
I n-diagh mo leinbh an fhuilt bhuidhe,
Ag glaodhach le h-uaill air mhacaibh-alla,
Go saorfadaois mo bháibín sighe.



III.
“Acht monuar! ní thugthar aire
Air mo chaoidh ná 'r mo ghearrán,
Leis an sluaigh ág sgléip 'sa gáire,
'Seadh bheidheas feasda mo leanán;
Slán go deóigh leat! 'nois am aonar,
Táim ad' dhíagh gan aon sólás,
Acht beidhmíd fós araon go seunmhar
I bhflaitheas Dé le cungnamh a grás.”



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services