BEATHA SHEÁGHAIN MHICHÉIL, ÁIRD-
EASPOIG THUAMA.
Air n-a sgríobhadh d'Aondacht na Gaedhilge leis an
athair Ionurramtha, Uileog I. De Búrc, Canónach na
Cille Móire i d-Tuaim.
(Air leanamhain ó'n Irisleabhar Uimhir 21, l. 258.)
An dómhadh Caibidil air Fichid.
Is beannuighthe an fear a faghthar gan
smál … Cia h-é, agus bhéarfamaoid
moladh dhó? Do righne se míorbhuilte in a
bheatha. Ecclus. xxxi. 8-9.
Breathnuigh anois air Chúige-Mhúmhan; feuch
an t-athair so ag dul tríd, mar do bhí
Colum-cille ag dul anns an t-seanaimsir
tríd Éirinn — na mílte daoine as gach ceárda
thart timchioll air. Tá siad ag éisteacht le
n-a ghlór, agus ag amharc suas air, mar
theachtaire áiridhte ó Dhia le n-a n-athrughadh ó
bhealaighibh cama an óil. Ní'l mórán baile i
g-Cúige Múmhan nach n-deachaid sé tríd, agus
ná'r thug se an geall do gach duine, idir óg
agus aosda, saidhbhir agus daidhbhir, a g-cúl
a chur leis an ól. Tháinic se go Cúige
Chonnachta, agus annsin do righne se aghaidh
na talmhan a athrughadh air fad. Do bhí an
té a scríobhas na briathra so i d-timchioll
aon bhliadhna deug d'aois nuair do tháinic
an bráthair bocht so (in 1840) le beannach-
taibh móra go baile Chaisleáin-an-Bharraigh
Do bhí se féin agus triur malrach eile ag
fritheoladh an lá sin nuair do leigh an t-
Athair Maittiu Aifrionn, agus do righne se
seanmóir do'n phobul a chongbháil ó'n ól
agus ó'n mheisge. Thug se an geall do'n
mhuintir, agus do bhronn se an cómhartha, no
an medal agus an chairt in aisge mar
thaisbeánadh gur thugamar an geall. Bhidh-
eadar an lá sin fogus do fiche míle duine
cruinn. Do bhí cáil amuigh go righne se
míorbhuiltidhe móra, gur thug se siubhal do na
bacaibh, radharc a súl do na dallaibh, lúth a
d-teanga do na balbhánaibh, agus éisteacht
do'n dream a bhí bodhar. Níor chuir se féin
suas air mhíorbhuiltidhibh do dhéanadh; agus
gidh gur dhubhairt go leor de na daoinibh gur
fuaradar biseach le n-a linn, ní fhacaidh me
féin míorbhuile air bith déanta. Air éis a
bheith ins na bailtibh i g-Condae Mhaigh-eo,
chuaidh se go Condae na Gaillimhe.
Ins an am sin, gidh go raibh se i m-baile
Thuama, ní raibh an t-Áirdeaspog Seághan
MacHéil air aon intinn leis. Níor shaoil
an t-Áirdeaspog go m-budh mhaith an nidh
geall a thabhairt in aghaidh ólacháin uisge-
beatha no biotáille i g-cómhnuighe agus go
bráth. Budh h-é a bharamhuil féin go m-
brisfeadh na daoine an geall ceudna;
agus do shaoil se go m-budh aisteach an rud
bráthair bocht a bheith dul thart mar bhí se ó
bhaile go baile; agus ins an tríomhadh áit, i
d-taoibh na medal, ná'r chóir do phearsain-
eaglaise a lámha do shalughadh i ngnóthaidhibh
saoghalta le obair de'n t-samhail sin.
Ins an meud sin, ní raibh, 'na dhiaigh sin,
acht baramhuil; agus gidh gur baramhuil fir
fóghlumtha agus Áirdeaspoig cráibhthigh í, ní
raibh si acht mar bharamhuil duine aig a m-
beidheadh eolus agus oideas. I measg na
n-daoineadh bhí meas mór air an Athair
Maittiu: bhí se mar naomh ós a g-cómhair,
agus, fá dheire, níor bh'fhéidir leis an Áird-
easpog gan admháil gur tháinic bláth agus
biseach air Éirinn le linn an fhir cheudna.
D'imthigh an t-Athair Maittiu leis tríd
Éirinn, agus in gach áit dhá ndeachaidh sé thug
an pobal go fonnmhar geall in aghaidh an
ólacháin. Do bhí cine na h-Eireann athruighthe
go h-iomlan: bhidheadar mar shliocht nuadh.
Do bhí síothcháin agus sochroidheacht, sonas
agus subháilce in gach teach agus in gach áit.
Do thosuigheadar na daoine bochta ag breath-
nughadh suas, agus ag meamhrughadh ionnta
féin: thugadar a n-íntinn do léighin agus
do cheol, agus do chruinnighthibh saoitheamhla
ag éisteacht le fearaibh fóghlumtha ag
déanadh cómhrádh eolgach i d-taoibh gnóthaidh
puiblidhe. Budh mhaith an obair Earraigh an
meud do righne an bráthair beannuighthe air
a bh-fuilmíd ag trácht roimh Dómhnall Ua
Conaill; óir do chuir se i g-croidhthibh na n-
daoineadh síol na síothcháine agus na
subháilceadh; agus, 'na cheann sin, dúil
saoirseachta a d-tíre.
Do chuaidh an t-Athair Maittiu go h-
Albainn i m-bliadhain 1842, go tír na Sacsan
in 1845, agus go h-America 'néis aimsire
an ghorta. Is iongantach do'n domhan an
meud maitheasa do righne se in gach tír aca
so — go h-áirighthe in America. D'fill se a
bhaile, agus tháinic an Bás 'na choinne air
Fhéil Mhuire roimh Nodloig, 1856; agus chuaidh
se go cathair Dé le luach-saothair fhághail ó'n
Maighistir d'á righne se obair mhaith leis na
bliadhantaibh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11